Conas a óstálann Uslan
Óstálann Uslan i Londain le bheith ina chuid de phobal Airbnb
Cén rud a spreag thú chun tosú ag óstáil?
Bhí mé ag baint úsáid as Airbnb mar aoi ar feadh na mblianta, agus bhain mé taitneamh as an eispéireas i gcónaí—cibé acu an suíomh, an teach nó an t-óstach é. Sílim gurbh iad na heispéiris dhearfacha sin an fíor-inspreagadh a bhí agam chun dul i mbun óstála mé féin.
Cén imní a bhí ort sular thosaigh tú ag óstáil?
Go hionraic? Cá háit a stórálfaidh mé mo chuid stuif go léir ionas nach mbeidh sé sa bhealach! Tar éis a bheith i m'aoi roimhe seo, maolaíodh cuid mhór de na hábhair imní faoi dhuine a bheith ag fanacht i mo theach cheana féin—bhí a fhios agam go mbeadh árachas ar m'áit, bhí eolas agam ar éarlaisí slándála, agus bhí a fhios agam go mbeadh aíonna measúil sa tslí chéanna is a bhíonn mise agus cairde liom measúil i leith na réadmhaoine a bhfanaimidne iontu.
Cad é an rud is fearr leat faoi bheith i d'óstach?
Bheadh sé sách tútach a rá gurbh é an t-airgead é, ach tá sé chomh maith againn é a admháil, tá sé tábhachtach. É sin ráite, is breá liom buaileadh le haíonna agus mo chuid eolais áitiúil a roinnt. Rugadh agus tógadh i Londain mé agus tá fíorcheangal agam leis an gceantar ina bhfuilim i mo chónaí. Is breá an rud é go bhfuiltear in ann seoda ceilte a roinnt le haíonna ar mian leo an ceantar a iniúchadh.
Cad é an rud ba shuntasaí faoi bheith ag óstáil?
Ag aimsiú phobal na n-óstach eile Airbnb i mo cheantar áitiúil agus an obair mhaith a dhéanann siad. Tá níos mó ná an t-aoi agus an t-óstach i gceist le Airbnb, ach tá an oiread eile a dhéanann an pobal timpeall na n-óstach.