Nuashonrú 2022

Leithcheal a chomhrac agus ionchuimsiú a fhorbairt

Project Lighthouse

Cuidíonn Project Lighthouse, a seoladh in 2020, le héagothromaíochtaí maidir leis an taithí a bhíonn ag daoine de dhath ar Airbnb a nochtadh agus dul i ngleic leo. D'fhorbraíomar an tionscnamh i gcomhpháirtíocht le Color Of Change—agus le treoir ó roinnt eagraíochtaí cearta sibhialta agus príobháideachta. Tuilleadh eolais
Fíorshonraí a úsáid
Scrúdaímid an dóigh a n-úsáideann aíonna agus Óstaigh ár n-ardán. Cabhraíonn anailísí staitistiúla linn deiseanna a aimsiú chun taithí níos cothroime a fhorbairt inár bpobal.
Príobháideacht a chosaint
Déanaimid anailís ar threochtaí ar an mórchóir agus ní cheanglaímid eolas faoi chine ceaptha le daoine nó le cuntais ar leith.
Ag feabhsú de shíor
Bíonn ár bhfoireann de shíor ag aithint bealaí nua chun Airbnb a dhéanamh níos córa, níos cothroime agus níos ionchuimsithí.

An méid atá athraithe againn

Grianghraif phróifíle aíonna a bhaint roimh áirithint a dhéanamh
In 2018, chuireamar athruithe i bhfeidhm lena chinntiú nach bhfeicfidh Óstaigh grianghraf d'aoi le linn an phróisis áirithinte go dtí go nglacfaidh an tÓstach le hiarratas ar áirithint. Fuarthas san anailís gur mhéadaigh an t-athrú seo Ráta Ratha Déanta Áirithinte beagáinín—an ráta ag ar éirigh le haíonna ó ghrúpaí éagsúla cine sna Stáit Aontaithe liostú Airbnb a chur in áirithe—i gcás aíonna gorma/dubha.
Tuilleadh léirmheasanna do níos mó aíonna
Tá an Ráta Ratha Déanta Áirithinte níos airde ag aíonna a bhfuil léirmheasanna acu. Ach fuarthas ónár n-anailís go bhfuil níos lú léirmheasanna ag aíonna gorma/dubha agus aíonna Latino/Easpáinneacha ná ag aíonna geala agus aíonna de bhunadh na hÁise. Táimid ag cur athruithe i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh sé níos fusa do na haíonna uile léirmheas a fháil nuair a bheidh siad ag taisteal.
Níos mó daoine a dhéanamh incháilithe d'Áirithint ar an bPointe
Le hÁirithint ar an bPointe is féidir le haoi liostú a chur in áirithe gan fanacht ar chead ón Óstach. Is uirlis éifeachtach í chun leithcheal a laghdú toisc go gcruthaíonn sí áirithintí níos oibiachtúla. Rinneamar athruithe chun go mbeidh sé níos éasca do 5 mhilliún duine eile Áirithint ar an bPointe a úsáid.
Pobal taistil níos ionchuimsithí a chruthú
Is féidir leis an taisteal lasmuigh de na ceantair turasóireachta thraidisiúnta deis eacnamaíoch a thabhairt do phobail nach mbaineadh leas as an turasóireacht go stairiúil. Sa bhliain amach romhainn, leanfaimid orainn ag forbairt agus ag méadú cláir dhomhanda amhail Acadamh Fiontraíochta Airbnb lena chinntiú go mbeidh rochtain níos leithne ar na buntáistí a bhaineann leis an óstáil ar Airbnb. I measc ár n-iarrachtaí tá cláir a chuidíonn le níos mó Óstach a earcú ar daoine de dhath iad.
Oideachas d'Óstaigh a leathnú
Tá ról tábhachtach ag ár bpobal Óstach maidir le heispéireas cothrom fáilteach a chruthú. I mbliana, sheolamar Treoir faoi Óstáil Ionchuimsitheach ina bhfuil míreanna agus físeáin oideachasúla chun cabhrú le hÓstaigh fáilte a chur roimh aíonna de gach ábaltacht, inscne agus cúlra—go háirithe iad siúd ó phobail atá imeallaithe go stairiúil. Táimid ag súil le níos mó clár oideachais agus gnéithe táirge a rolladh amach chun an t-ionchuimsiú a fhorbairt.
Iniúchadh a dhéanamh ar dhiúltuithe áirithinte chun deiseanna le claontacht a bhaint
Tá a fhios againn go bhfuil cúiseanna maithe ann nach n-éireodh le háirithint: b'fhéidir gur athraigh féilire an Óstaigh, nó b'fhéidir go bhfuil riachtanas ag an aoi—amhail seiceáil isteach go luath, nó aíonna breise a thabhairt—nach féidir leis an Óstach freastal orthu. Táimid ag leathnú ár gcumais anailís a dhéanamh ar dhiúltuithe áirithinte chun ár bpolasaithe agus ár dtáirgí a fheabhsú agus leithcheal a chomhrac.
An t-eispéireas atháirithinte a fheabhsú
Faoinár bPolasaí Doirse Oscailte, a tugadh isteach in 2016, aíonna a bhfuil áirithintí reatha nó áirithintí le teacht acu agus a thuairiscíonn go bhfuil leithcheal á dhéanamh orthu, faigheann siad cabhair chun liostú eile a chur in áirithe. Sheolamar Líne Shábháilteachta 24 uair sa lá le déanaí, beart a dearadh ionas go mbeadh sé níos éasca d'aíonna atá i mbun turais cabhair phráinneach a fháil, rochtain ar chúnamh atháirithinte san áireamh.
Ár ngealltanas d'aíonna ag a bhfuil riachtanais soghluaisteachta a chur i bhfeidhm
Le scagairí cuardaigh ár ngné inrochtaineachta tá sé níos fusa d'aíonna tréimhsí fanachta a chomhlíonann a gcuid riachtanas a aimsiú agus a chur in áirithe. Leis an Athbhreithniú Inrochtaineachta, déanaimid athbhreithniú ar gach gné inrochtaineachta a chuireann Óstach isteach le haghaidh cruinnis. Inár gcatagóir 'Gan céimeanna isteach', a seoladh i mí na Samhna 2022, tá na céadta liostú ann a cuireadh in oiriúint do chathaoireacha rothaí, le bealaí gan céimeanna isteach sa teach, sa seomra leapa agus sa seomra folctha, agus gné inrochtaineachta amháin ar a laghad sa seomra folctha. Déantar go fiú scanadh 3T ar liostuithe 'gan ceimeanna isteach' chun na gnéithe agus na tomhais a dheimhniú.

Gealltanas Pobail Airbnb

Ó 2016 i leith, d'iarramar ar gach duine a úsáideann Airbnb gealltanas a thabhairt go gcaithfidh siad le daoine eile le meas agus gan bhreithiúnas gan chlaonadh trí aontú le Gealltanas Pobail Airbnb. Mura n-aontaíonn duine leis sin, bainfear dár n-ardán é nó í—sin 2.5 milliún duine in 2022.

Léigh an tuairisc iomlán

Sa Nuashonrú Sé Bliana ar Obair Airbnb chun Leithcheal a Chomhrac agus Ionchuimsitheacht a Fhorbairt, tá príomhthorthaí ó Project Lighthouse, ár dtacar sonraí iomlán, agus an dul chun cinn atá déanta againn ó 2016 i leith.
Amharc ar an tuairisc

Seo agat ár gcomhpháirtithe

Ó 2016 i leith, chuamar i gcomhairle agus i gcomhar le príomhghrúpaí cearta sibhialta, saineolaithe maidir le ciníocha agus eagraíochtaí príobháideachta.