Níl an t-ábhar seo ar fáil i do theanga roghnaithe, mar sin chuireamar ar fáil é sa teanga is cosúla léi atá ar fáil.

Bealach nua ar a bhfuilimid ag dul i ngleic le leithcheal ar Airbnb

Seo chugat Project Lighthouse, tionscadal chun an leithcheal a nochtadh, a thomhas agus a shárú.
Le Airbnb ar an 15 Meith 2020
Léamh 10 nóiméad
Nuashonraithe ar an 13 Noll 2022

Buaicphointí

  • Cuideoidh Project Lighthouse linn tuiscint a fháil ar an uair agus an dóigh a dtarlaíonn leithcheal ciníoch ar Airbnb

  • Táimid ag obair le grúpaí cearta sibhialta lena chinntiú go dtógaimid na céimeanna tábhachtacha seo ar bhealach tuisceanach

  • Táimid ag obair freisin le príomheagraíochtaí príobháideachais lena chinntiú go n-urramaítear príobháideacht gach duine

Nóta ón eagarthóir: D'eisíomar nuashonrú nua i mí na Nollag 2022 a thugann eolas faoinár gcéad torthaí ó Project Lighthouse, mar aon le hobair bhreise atáimid a dhéanamh chun an leithcheal a chomhrac. Faigh na sonraí.

Ba é an misean a bhí againn riamh domhan a chruthú inar féidir le duine ar bith a bheith ar a shuaimhneas in áit ar bith. Tá an ciníochas, an fuath agus an leithcheal ag dul i gcoinne gach rud a chreidimid ann mar chuideachta agus mar phobal domhanda. Ó 2016 i leith, bhaineamar 1.3 milliún duine ó Airbnb mar gheall gur dhiúltaigh siad caitheamh le daoine eile gan bhreithiúnas gan chlaonadh—ach tá neart oibre fós le déanamh.

Céim thábhachtach inár gcomhrac leanúnach i gcoinne an leithcheala is ea an uair agus an dóigh a dtarlaíonn sé a thuiscint. Mar sin de, seo chugat Project Lighthouse, mar atá, tionscnamh ceannródaíoch atáimid a sheoladh sna Stáit Aontaithe le leithcheal a nochtadh, a thomhas agus a shárú le linn áirithint a dhéanamh nó le linn óstála ar Airbnb.

Tá a fhios againn go mb'fhéidir go bhfuil ceisteanna agat faoi Project Lighthouse agus faoin tionchar a bheidh aige ortsa, agus rinneamar ár ndícheall iad a fhreagairt anseo.

Conas a oibreoidh Project Lighthouse?
Tá leithcheal bunaithe ar dhearcthaí—agus ar Airbnb, bunaíonn daoine a ndearcthaí maidir le cine duine ar chéadainmneacha agus grianghraif phróifíle. In éineacht le heagraíochtaí cearta sibhialta amhail Color Of Change agus Upturn, táimid ag tosú le taighde chun tuiscint a fháil ar an uair agus ar an áit a dtarlaíonn leithcheal ciníoch ar ár n-ardán agus ar éifeachtacht na bpolasaithe a throideann ina choinne.

Conas a d'fhorbair Airbnb Project Lighthouse?
D'fhorbraíomar Project Lighthouse le hionchar ó na grúpaí cearta sibhialta agus eagraíochtaí príobháideachta is mó. Ina measc siúd tá Asian Americans Advancing Justice - AAJC, Center for Democracy & Technology, Color Of Change, The Leadership Conference on Civil & Human Rights, LULAC, NAACP, National Action Network agus Upturn, chun a chinntiú go ndéanaimid an obair thábhachtach seo ar bhealach atá tuisceanach agus a n-urramaíonn príobháideacht gach duine.

Cé atá i dteideal páirt a ghlacadh?
I láthair na huaire, beidh an tionscadal teoranta d'óstaigh agus d'aíonna atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe.

Cathain a sheolfar Project Lighthouse?
Tá sé beartaithe go gcuirfear tús leis an taighde i mí Mheán Fómhair, agus beidh an rogha ag gach óstach agus ag gach aoi tarraingt amach as. Ón 30 Meitheamh ar aghaidh, roinneamar sonraí faoin dóigh a n-oibríonn an próiseas agus faoin dóigh ar féidir leat tarraingt amach as—agus gheobhaidh gach duine fógra 30 lá ar a laghad chun tarraingt amach as má roghnaíonn siad gan páirt a ghlacadh ann.

Conas is mian le Airbnb mo chuid eolais a úsáid?
Tomhaiseann an tionscadal seo leithcheal atá bunaithe ar dhearcthaí. Is minic a bhunaíonn daoine a ndearcthaí maidir le cine duine ar ainm agus ar chuma an duine sin. Mar sin de, chun na dearcthaí seo a fháil, roinnfimid grianghraif phróifíle ó Airbnb agus na chéadainmneacha a bhaineann leo le comhpháirtí neamhspleách nach cuid de Airbnb é nó í. Oibríonn an comhpháirtí seo faoi chomhaontú dian rúndachta. Mar sin de, tá cosc ar an duine sin an t-eolas seo a roinnt le haon duine eile.

Féachfaidh an comhpháirtí ar na grianghraif agus ar na céadainmneacha seo agus cuirfidh sé nó sí na dearcthaí nó na tuiscintí atá aige nó aici in iúl—nó, an cine a chuireann an t-eolas a roinneamar in iúl, dar leis nó léi. Roinnfidh sé nó sí na dearcthaí seo le foireann speisialaithe ag Airbnb nach bhfuil dírithe ach ar obair in aghaidh an leithcheala. Sula roinnfear é, áfach, baintear an t-eolas ar fad a nascann cine le cuntas, mar shampla, an grianghraf, an céadainm agus sonraí eile a d'fhéadfaí a úsáid chun a fháil amach cén cuntas Airbnb lena mbaineann siad. Ní cheanglóidh Airbnb cine measta le cuntais faoi leith, nó ní dhíreoidh sé ort bunaithe ar an eolas seo.

Bainfimid úsáid as dearcthaí ár gcomhpháirtithe, mar shampla, chun a fháil amach an ndiúltaítear áirithintí na ndaoine sin a meastar go mbaineann siad le cine áirithe níos minice ná a chéile, rud a chabhróidh linn gnéithe agus polasaithe nua a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar aon éagsúlacht. Táimid i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí cearta sibhialta agus príobháideachta lena chinntiú go ndéanaimid an obair seo ar bhealach atá idir thuisceanach agus mheasúil maidir le príobháideacht gach duine.

An mbeidh Airbnb ag baint úsáid as algartam, teicneolaíocht aitheantais aghaidhe, nó meaisínfhoghlaim?
Ní bheidh. Creidimid gurb é an bealach is fearr chun eolas faoin gcine measta a dhéanamh amach ná úsáid a bhaint as dearcadh an duine daonna seachas meaisínfhoghlaim. Dá n-úsáidfí algartaim, teicneolaíocht aitheantais aghaidhe nó meaisínfhoghlaim maidir le rud atá chomh híogair le cine, bheadh gá le cuimhneamh cúramach agus ionchur ó eagraíochtaí cearta sibhialta agus príobháideachta agus eile. Dá mbeimís ag smaoineamh ar an rud sin a dhéanamh, lorgóimis treoir agus tacaíocht den sórt sin agus chinnteoimis freisin go mbeadh sibh ar an eolas.

Ní thaispeántar grianghraif phróifíle go dtí go ndeimhneofar an áirithint. Cén fáth a bhfuil sé ar intinn agaibh grianghraif phróifíle a úsáid sa taighde?
Cé gur baineadh grianghraif phróifíle le linn an phróisis déanta áirithinte tosaigh, is spéis linn a thuiscint conas a d'fhéadfadh grianghraif phróifíle dul i bhfeidhm ar ghnéithe eile d'idirghníomhaíochtaí na n-úsáideoirí ar an ardán maidir le rudaí amhail cealuithe nó léirmheasanna.

Conas a urramóidh Airbnb mo phríobháideacht?
Sula ndéanaimid anailís ar eolas maidir le cine measta, scartar an t-eolas go léir ó do phróifíl—ciallaíonn sé sin nach féidir é a cheangal le haon chuntas faoi leith ar Airbnb. Ní úsáidfimid an t-eolas seo chun taithí aon duine ar leith mar óstach nó mar aoi ar Airbnb a athrú, agus ní úsáidfimid an t-eolas ar chúis ar bith eile ach chun obair a dhéanamh in aghaidh an leithcheala nó ní úsáidfimid é in aon mhargaíocht nó fógraíocht a dhéanfaimid. Déanfaimid anailís ar phatrúin ar scála níos mó.

Cén fáth a bhfuil Airbnb ag fógairt Project Lighthouseanois?
Táimid ag obair ar an tionscadal seo le beagnach dhá bhliain anuas agus bhí sé beartaithe againn an tionscnamh seo a sheoladh níos déanaí in 2020. Ach chuir imeachtaí le déanaí sna Stáit Aontaithe iallach orainn beart a dhéanamh níos luaithe. 
Cé go ndéanann Airbnb imscrúdú ar chásanna aonair leithcheala féintuairiscithe cheana féin, níl bealach againn faoi láthair chun treochtaí agus patrúin níos mó a thomhas a bhaineann le leithcheal agus a d'fhéadfadh a bheith ag tarlú ar fud Airbnb. D'fhéadfadh na cásanna aonair sin de leithcheal a bheith ina gcomharthaí d'fhadhb chórasach níos mó, agus ba mhaith linn dul i ngleic leis an dá rud.

Cad a tharlaíonn má nochtann Airbnb éagothromais?
Is cuid amháin dár n-obair leanúnach é Project Lighthouse chun leithcheal ar Airbnb a chosc agus a fhreagairt. Úsáidfear léargas ar bith chun gnéithe agus polasaithe nua a fhorbairt a chruthóidh eispéireas níos cothroime ar ár n-ardán agus a chomhlíonfaidh ár misean seasmhach, mar atá, muintearas níos mó a chothú.

Tá cineálacha eile leithcheala ann. Cén fáth a bhfuil Airbnb ag díriú ar chine?
Seasaimid i gcoinne gach cineál leithcheala—ní hamháin leithcheal ciníoch, agus ní hamháin leithcheal i gcoinne pobal amháin ar leith. Táimid tiomanta d'oibriú i gcoinne leithcheala ar bhonn cine, datha, bunúis náisiúnta, aoise, gnéis, féiniúlachta inscne, reiligiúin, claonta ghnéis, míchumais agus stádas clainne—fadhbanna a mbíonn idir óstaigh agus aíonna thíos leo ar fud an domhain. Is cuid de throid níos leithne é seo.

Conas is féidir liom a roghnú gan a bheith páirteach in Project Lighthouse?
Is féidir leat do roghanna maidir le tarraingt amach a athrú ag am ar bith i do shocruithe príobháideachta agus comhroinnte—agus má tharraingíonn tú amach, ní bhaileofar do chuid eolais ón bpointe sin amach ar son Project Lighthouse. Ach cuimhnigh, má chuireann tú do chuid eolais leis an iarracht seo, go bhfuil tú ag cabhrú linn tagarmharc nua a chruthú chun leithcheal ar Airbnb a nochtadh, a thomhas agus a chomhrac. Sula ndéanaimid anailís ar eolas maidir le cine measta, deighltear an t-eolas go léir ó do phróifíl—is ionann sin agus a rá nach féidir é a cheangal le do chuntas faoi leith ar Airbnb.

Cad atá Airbnb a dhéanamh chun cabhrú le cuideachtaí eile dul i ngleic le leithcheal?
Tá cúram ollmhór ar chuideachtaí teicneolaíochta eispéireas a chur ar fáil atá cothrom do chách. Is mian linn go mbeadh tionchar ag Project Lighthouse thar Airbnb, agus mar sin de táimid ag roinnt na modheolaíochta atá taobh thiar de i bpáipéar teicniúil a bhfuil fáil ag an bpobal air. Tá súil againn go mbeidh an páipéar ina threoirphlean do chuideachtaí eile, agus gur túsphointe é le haghaidh tuilleadh nuálaíochtaí a thomhaiseann an leithcheal go mion agus a chloíonn le príobháideacht an úsáideora ag an am céanna.

Cad a rinne Airbnb go dtí seo chun aghaidh a thabhairt ar an leithcheal?
Le blianta beaga anuas, rinneamar roinnt athruithe ar Airbnb chun an leithcheal a chomhrac, ina measc sin:

  • Ár bpolasaí neamhleithcheala: Caithfidh gach duine a bhaineann úsáid as Airbnb aontú lenár nGealltanas Pobail agus lenár bpolasaí neamhleithcheala. Má tharla leithcheal duit, fiosróimid an fhadhb, gníomhóimid, agus más gá, cabhróimid leat áit eile le fanacht a aimsiú.
  • Cosaintí grianghraf próifíle: Táimid ar fad claonta. Ach is féidir le cuideachtaí ar nós Airbnb níos mó a dhéanamh chun uirlisí a chruthú a chuidíonn le daoine gan cinntí claonta a dhéanamh. Sin an fáth nach dtaispeántar grianghraif phróifíle na n-aíonna d'óstaigh go dtí go ndeimhnítear áirithint, rud a spreagann cinnteoireacht níos oibiachtúla ó na hóstaigh.
  • Áirithintí oibiachtúla: Le hÁirithint ar an bPointe is féidir liostú a chur in áirithe láithreach, rud a fhágann go bhfuil an próiseas níos éasca d'óstaigh agus a chinntíonn go mbeidh an próiseas oibiachtúil d'aíonna. Is féidir na milliúin liostú a chur in áirithe ar an mbealach seo, agus níos mó á gcur leo an t-am ar fad.
  • Foireann thiomnaithe in aghaidh leithcheala: Tá foireann speisialaithe ag Airbnb atá tiomanta chun athruithe a dhéanamh ar ár n-ardán a chuidíonn le leithcheal a chosc agus aghaidh a thabhairt air, mar shampla forbairt tionscnamh amhail Project Lighthouse agus cosaintí grianghraf próifíle.

Ní chuirfidh Project Lighthouse deireadh leis an leithceal ar ár n-ardán ina aonair, ach is céim thábhachtach é a d'fhéadfadh cabhrú linn leithcheal a aithint nach mbraithfí é murach sin. Agus níl ann ach ceann amháin de go leor tionscnamh a bhfuilimid ag obair orthu chun Airbnb a dhéanamh níos cothroime do gach duine.

Go raibh maith agat as bheith i do bhall dár bpobal agus as oibriú linn chun domhan a chruthú inar féidir le gach duine a bheith ar a s(h)uaimhneas i ngach áit.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Buaicphointí

  • Cuideoidh Project Lighthouse linn tuiscint a fháil ar an uair agus an dóigh a dtarlaíonn leithcheal ciníoch ar Airbnb

  • Táimid ag obair le grúpaí cearta sibhialta lena chinntiú go dtógaimid na céimeanna tábhachtacha seo ar bhealach tuisceanach

  • Táimid ag obair freisin le príomheagraíochtaí príobháideachais lena chinntiú go n-urramaítear príobháideacht gach duine

Airbnb
15 Meith 2020
Ar chabhraigh sé seo leat?