Acmhainní frithchiníochais do phobal Airbnb
Buaicphointí
I ndiaidh na n-éagóracha leanúnacha atá os comhair phobal na nDaoine Dubha, seo tuilleadh bealaí ar féidir leat bheith páirteach agus bheith i do chomhghuaillí níos fearr
Anuraidh, spreag básanna tragóideacha George Floyd, Breonna Taylor, Ahmaud Arbery, agus daoine dubha eile gan áireamh tréimhse an-deacair do go leor daoine, Óstaigh agus aíonna ina measc. Chonaiceamar méadú tobann ar an bhforéigean i gcoinne mhuintir na hÁise chomh maith.
D'ullmhaigh grúpa acmhainní fostaithe Black@ Airbnb Treoir maidir le Gníomhaíochas & Comhghuaillíocht, agus rinneamar é a roinnt lenár bpobal sna Stáit Aontaithe. Ba é an aidhm a bhí leis tacú le hóstaigh agus le haíonna a bhí cráite, feargach, scanraithe nó a bhí neamhchinnte faoi conas athrú a dhéanamh agus acmhainní a chur ar fáil do bhaill ár bpobail le go mbeidh siad ina gcomhghuaillithe níos fearr.
Ní féidir linn labhairt faoi na himeachtaí a tharla le déanaí gan an fhírinne lom a aithint go dtarlaíonn idirdhealú fós do roinnt Óstach agus aíonna ar fud an domhain, rud a thagann salach ar ár misean chun muintearas a chruthú. In 2016, sheol Airbnb ár bPolasaí Neamhleithcheala agus ár nGealltanas Pobail. Ó shin i leith, baineadh níos mó ná 1.3 milliún duine a dhiúltaigh aontú leo ónár n-ardán. Tá obair le déanamh againn fós agus táimid ag troid i gcoinne an idirdhealaithe.
Le déanaí, roinneamar acmhainní chun cabhrú leat tacú le pobal Oileáin na hÁise agus an Aigéin Chiúin, agus leathnaíomar an Treoir maidir le Gníomhaíochtas & Comhghuaillíocht a luamar thuas.
Sa Treoir nuashonraithe maidir le Gníomhaíochas & Comhghuaillíocht soláthraítear léamha agus gníomhaíochtaí molta ó ghníomhaithe agus ó shaineolaithe frithchiníochais sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas Eorpach, agus in Éirinn, san Afraic Theas, i Ceanada, agus go leor eile chomh maith. Shíleamar go mbeadh sé ina chuidiú na hacmhainní nua seo a roinnt leat—mar go n-oibrímid go léir le chéile le go mbeimid inár gcomhghuaillithe níos fearr agus níos gníomhaí.
Tabhair aire duit féin le do thoil, agus bí sábháilte.
I ndlúthpháirtíocht,
Foireann Airbnb
Seans gur tháinig athrú ar an eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.
Buaicphointí
I ndiaidh na n-éagóracha leanúnacha atá os comhair phobal na nDaoine Dubha, seo tuilleadh bealaí ar féidir leat bheith páirteach agus bheith i do chomhghuaillí níos fearr