Cleachtais ionchuimsitheacha chun fáilte cheart a chur roimh gach aon aoi

Faigh treoir ó óstaigh sheanbhunaithe—idir do liostú a nuashonrú agus léirmheasanna a dhéanamh ar aíonna.
Le Airbnb ar an 27 Meith 2022
Léamh 6 nóiméad
Nuashonraithe ar an 27 Meith 2022

Is ionann óstáil ar Airbnb agus do spás a oscailt do dhaoine as gach cearn den domhan, agus is í an ionchuimsitheacht bunús na hóstála. 

Chun go n‑éireoidh leat mar óstach, tá sé tábhachtach go dtuigeann tú conas daoine as gach cúlra a chur ar a gcompord agus ar a suaimhneas. Mar phobal, táimid tiomanta d'fháilte a chur roimh gach aoi le meas agus gan bhreithiúnas nó claontacht—beag beann ar chine, reiligiún, bunús náisiúnta, eitneacht, míchumas, gnéas, féiniúlacht inscne, gnéaschlaonadh nó aois. 

Is cuid fhíorthábhachtach de rath an óstaigh é an fáilteachas ionchuimsitheach. Ciallaíonn sin:

  • Glacadh le gach aoi as gach cúlra agus fáilte a chur rompu

  • Eispéireas cothrom a chur ar fáil agus freastal ar riachtanais aíonna 

  • Dáimh a chothú trí éagsúlachtaí agus cosúlachtaí

  • Meon oscailte a chur ort agus a bheith toilteanach ceisteanna a chur lena fháil amach faoi riachtanais aíonna le haghaidh a bhfanachta

Chuir Airbnb léargas ó óstaigh, aíonna agus saineolaithe le chéile ionas gur féidir leat cleachtais ionchuimsitheacha a chomhtháthú i do ghnáthamh óstála agus fáilteachas croíúil a chur roimh gach aoi. Idir do liostú a chur ar bun agus léirmheas a fhágáil, d'fhéadfadh na gníomhartha seo cabhrú leat claontacht neamh-chomhfhiosach a laghdú agus dáimh a éascú.

Réamháirithint: Liostú ionchuimsitheach a chruthú

Nuair a chuireann tú in iúl go soiléir go gcuireann tú fáilte roimh dhaoine de gach cúlra, is féidir leat aíonna ó phobail atá imeallaithe go stairiúil a chur ar a gcompord agus iad a spreagadh chun d'áit a chur in áirithe. Fuaireamar amach i ndiaidh dúinn a bheith ag labhairt le haíonna go mbíonn daoine as na pobail sin go háirithe ag lorg comharthaí ionchuimsithe ag liostuithe sula ndéanann siad áirithint. 

Seo roinnt rudaí is féidir leat a dhéanamh chun a chur in iúl gur Óstach ionchuimsitheach thú:

  • Cuir in iúl go soiléir sa chéad chúpla abairt sa chur síos ar do liostú go gcuireann tú fáilte roimh dhaoine de gach cúlra (samplaí thíos). 

  • Déan cur síos cruinn ar ghnéithe inrochtaineachta do réadmhaoine agus nuashonraigh do ghrianghraif.

  • Cuir do chuid forainmneacha (mar shamplaí: sí/í, sé/é) le do phróifíl. Is bealach é chun na forainmneacha is mian leat a úsáid a chur in iúl, agus léiríonn sé go bhfuil tú ag iarraidh rogha forainmneacha na n-aíonna a úsáid freisin.

  • Cas air Áirithint ar an bPointe chun go mbeidh aíonna ábalta do liostú a chur in áirithe gan réamhcheadú. Léiríonn sé sin freisin go bhfuil tú sásta duine ar bith a óstáil a oireann do do chritéir áirithinte.

  • Tabhair réamhcheaduithe agus spreagadh d'aíonna a dhéanann teagmháil leat sula ndéanfaidh siad áirithint. Fuaireamar amach go mbíonn aíonna i dteagmháil le hóstaigh uaireanta sula ndéanann siad áirithint lena fháil amach an nglacfar leo agus an gcuirfear fáilte rompu.

  • Sula ndiúltaíonn tú iarratas ar áirithint ó aoi, smaoinigh go cúramach ar an gcúis atá agat leis. An mbeifeá ar do chompord an chúis a mhíniú don aoi aghaidh ar aghaidh?

Leid: Roinn níos mó fút féin agus faoi na rudaí a bhfuil suim agat iontu i do phróifíl agus sa chur síos ar do liostú chun deis a thabhairt do d'aíonna ceangal a dhéanamh.

Is féidir leat na ráitis ionchuimsitheacha a úsáideann óstaigh eile ina liostuithe a chur in oiriúint duit féin. Labhraíomar le baill de Bhord Comhairleach na nÓstach chun na samplaí seo a fháil:

  1. Scríobh Peter as San Francisco: “Is spás sábháilte é mo theach do dhaoine as gach grúpa mionlaigh agus imeallaithe. Cuirim fáilte roimh aíonna de gach cine, creideamh, inscne agus gnéaschlaonadh."

  2. “Taispeánann an dara grianghraf i mo liostú séadchomhartha ar a ndeirtear, ‘You belong,'” arsa Shinya as Osaka, an tSeapáin. Tá grianghraf ag Shinya freisin a deir, “Tá meas agam ar éagsúlacht agus ar ionchuimsiú,” mar ráiteas rúin. Is féidir leat sin a scríobh i bhfotheideal freisin.

Réamhtheacht: Aíonna a chur ar a suaimhneas

Nuair a bheidh do spás curtha in áirithe, seol teachtaireacht chroíúil fháilteach chuig d'aíonna. Is mór an cuidiú é comhbhá a léiriú—agus gan tuairimí a dhéanamh roimh ré.

  • Pearsantaigh do theachtaireacht fáilte le heolas as próifíl d'aoi. D'fhéadfá ceisteanna a chur inti faoi chaithimh aimsire nó baile dúchais d'aoi, cuir i gcás.

  • Bain úsáid as caint atá neodrach ó thaobh inscne agus gnéaschlaonta de agus tú ag tagairt d'aíonna. Is fearr gan talamh slán a dhéanamh de maidir le hinscne nó stádas caidrimh duine roimh ré.

  • Má fhiafraíonn aoi faoi riachtanais inrochtaineachta, bí cinnte go bhfreagróidh tú na ceisteanna agus fiafraigh de nó di cad eile a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uaidh nó uaithi. 

Leid: Déan iarracht teachtaireacht a sheoladh ag fiafraí de d'aíonna, “Cad is féidir liom a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh fanacht compordach agat?”

Má theastaíonn inspioráid uait, faigh spreagadh ó theachtaireachtaí óstach eile chuig aíonna. Seo dhá shampla:

  1. Deir Michael ón bhFál Carrach, Éire, go dtugann sé tús áite do chaidreamh croíúil ón tús. “Gabhaim buíochas i gcónaí le haíonna as iarratas a dhéanamh ar fhanacht ag ár liostú,” ar seisean. “Ansin deirim leo go mbeidh mé i dteagmháil leo níos gaire don chuairt, guím lá deas orthu, agus [deirim leo] má bhíonn aon rud de dhíth orthu idir an dá linn, gan aon leisce a bheith orthu teagmháil a dhéanamh liom.”

  2. Scríobh Susan as Denver: “Beidh tú ar do shuaimhneas sa teach seo. Bí ar do chompord. Déan do chuid féin den spás seo. Má tá smaointe agat maidir leis an dóigh ar féidir linn eispéireas na n-aíonna a fheabhsú, inis dúinn faoi."

Tar éis an tseiceáil isteach: Bheith cinnte go bhfuil aíonna compordach

Dúirt aíonna linn—go háirithe iad siúd ó phobail atá imeallaithe go stairiúil—gurb iad seo na rudaí a chuireann ar a gcompord iad:

  • Cumasaigh féinseiceáil isteach nuair is féidir leat, ach fiafraigh de d'aíonna arbh fhearr leo seiceáil isteach phearsanta.
  • Ná tabhair cuairt ar aíonna nuair nach bhfuil gá leis. Ina áit sin, lig a bpríobháideacht leo agus bíodh sé soiléir go bhfuil tú ar fáil (ar an láthair nó go fíorúil) má theastaíonn tú uathu.

Leid: Cuir aon eolas tábhachtach faoi do spás i do rialacha tí, ionas gur féidir le haíonna rochtain a fháil air go digiteach.

Tar éis an tseiceáil amach: Léirmheas a dhéanamh ar aíonna go hoibiachtúil

Is iad léirmheasanna bunús phobal iontaofa Airbnb. Scríobh léirmheas ar d'aíonna, chun do bhuíochas a ghabháil agus aiseolas úsáideach a thabhairt. 

  • Bain úsáid as na caighdeáin chéanna chun gach aoi a mheas. 

  • Óstáil aíonna atá nua ar Airbnb nuair is féidir leat, agus déan léirmheas orthu tar éis a bhfanachta. Cabhraíonn léirmheas go mór le haíonna agus iad ag déanamh áirithintí eile.

  • Spreag aíonna chun léirmheasanna a scríobh.Chuir taistealaithe ó phobail atá imeallaithe go stairiúil in iúl dúinn gur minic a léann siad léirmheasanna sula ndéanann siad áirithint lena fháil amach ar mhothaigh aíonna eile cosúil leo go raibh fáilte rompu.

Bí cinnte go gcloíonn tú leis na cleachtais ionchuimsitheacha sin, go háirithe má tá tú ag óstáil den chéad uair Cuimhnigh gurb iad na rudaí is tábhachtaí maidir le fáilte a chur roimh na haíonna go léir ná ceisteanna a chur faoi riachtanais d'aíonna agus cúrsaí cumarsáide a choinneáil oscailte.

Is féidir leat a bheith níos ionchuimsithí ach fiafraí de d'aíonna, Cad é a theastaíonn uait chun a bheith compordach agus ar do shuaimhneas i mo spás? Agus má dhéanann tú sin, tá súil againn go mbeidh sé níos fusa do d'aíonna do dhoras a oscailt san fhíorshaol agus fanacht iontach a bheith acu i d'áit.

Airbnb
27 Meith 2022
Ar chabhraigh sé seo leat?