Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.

Conas grianghraif a thógáil de ghnéithe inrochtaineachta?

Cabhraíonn grianghraif shoiléire ar a bhfuil fotheidil le haíonna a chinneadh an bhfuil d'áit oiriúnach.
Le Airbnb ar an 22 MFómh 2020
Nuashonraithe ar an 2 Noll 2024

Is mian le haíonna a fhios a bheith acu go mbeidh siad in ann bogadh timpeall go sábháilte agus go compordach i dteach sula ndéanfaidh siad áirithint. Nuair a thugann tú grianghraif shoiléire mhionsonraithe de ghnéithe inrochtaineachta, cuidíonn tú le haíonna a chinneadh an gcomhlíonann d'áit a riachtanais shonracha.

“Is féidir liom a thuiscint ó ghrianghraf amháin an bhfuil spás oiriúnach dom,” arsa George, aoi a úsáideann cathaoir rothaí. “Nó, ‘Tá brón orm, a chairde, an bhféadfadh sibh an bord sin a bhogadh?’ Agus ansin bíonn sé go breá.”

Déanann Airbnb athbhreithniú ar na gnéithe agus na grianghraif inrochtaineachta go léir sula mbeidh siad le feiceáil sa chuid Gnéithe inrochtaineachta de liostú, atá ar leithligh ón ngailearaí íomhánna nó ón gcamchuairt ghrianghrafadóireachta.

Treoirlínte ginearálta

Lean na treoirlínte seo chun gnéithe inrochtaineachta a chur le do liostú. Mura gcomhlíonann grianghraf critéir áirithe, d'fhéadfaimis a iarraidh ort ceann eile a uaslódáil nó an ghné a bhaint de do liostú.

  • Cuir grianghraf amháin ar a laghad ar fáil de gach gné inrochtaineachta i do theach.
  • Cuir téip thomhais i ngrianghraif chun toisí a thaispeáint, amhail an leithead idir ursaineacha dorais agus airde cuntair.
  • Uaslódáil roinnt grianghraf de gach gné ó uillinneacha éagsúla chun go dtuigfidh aíonna an seomra nó an spás níos fearr.
  • Scríobh fotheidil thuairisciúla a shoiléiríonn gnéithe inrochtaineachta de sheomraí agus de spásanna, amhail sonraí faoin soilsiú.
  • Cuir in iúl d'aíonna más rud é nach bhfuil ach limistéir áirithe inrochtana. Mar shampla, “Is é seo an t-aon seomra folctha sa teach ag a bhfuil dul isteach gan chéimeanna, doras leathan agus barraí sábháilteachta.”

Leideanna grianghrafadóireachta

Bain triail as na leideanna seo chun grianghraif a ghlacadh de ghnéithe inrochtaineachta de do theach.

Dul isteach gan chéimeanna i dteach

Taispeáin nach bhfuil céimeanna, staighre ná colbhaí níos airde ná 5 cheintiméadar (2 orlach) ag bealach isteach an tí nó ar an gcosán chuige. San áireamh leis sin tá cosáin lasmuigh, hallaí, ardaitheoirí agus gnéithe eile nach mór d'aíonna a úsáid chun dul isteach.

  • Oscail na doirse agus na geataí go léir feadh an chosáin chuig bealach isteach an tí. Má tá an dul isteach gan chéimeanna le rampaí iniompartha nó tairsí, bí cinnte go bhfuil siad sin ann.
  • Tosaigh ag áit teachta nó pháirceála aíonna, agus glac grianghraf gach 3 mhéadar (10 dtroithe) feadh an chosáin chuig an mbealach isteach. Claon an ceamara beagán i dtreo na talún chun dromchla an bhealaigh a ghabháil.
  • Glac grianghraf ar leith den bhealach isteach ón taobh amuigh. Bog siar 2.4 méadar (8 dtroithe) ar a laghad chun grianghraf a ghlacadh den doras ar oscailt, agus taispeáin an cosán ar an dá thaobh den tairseach.

Dul isteach gan chéimeanna i seomra

Taispeáin na seomraí agus na spásanna ag a bhfuil dul isteach gan chéimeanna, gan séamaí, gan tairseacha níos mó ná 5 cheintiméadar (2 orlach) ar airde. Glac grianghraif de spásanna laistigh agus lasmuigh, ina measc sin deiceanna, balcóiní agus paitiónna.

  • Oscail an doras chun grianghraf gar-amhairc den tairseach a ghlacadh. Claon an ceamara beagán i dtreo an urláir chun an cosán a ghabháil ar gach taobh de leac an dorais nó den séama.
  • Bog siar 1.5 méadar (5 troithe) ar a laghad chun grianghraf a ghlacadh den tslí isteach den seomra ón taobh amuigh.
  • Déan sin arís agus glac grianghraf den chineál céanna ón taobh istigh.
  • Má tá bealaí isteach iomadúla sa seomra, glac grianghraf de gach ceann acu.
  • Glac grianghraif bhreise chun an bealach chuig an bpríomhdhoras isteach sa seomra sin a thaispeáint.

Bealaí isteach leathana

Taispeáin na doirse i do theach atá 81 cheintiméadar (32 orlach) ar a laghad ar leithead. Má tá leithead cruinn an dorais tosaigh agus na bealaí isteach eile ar eolas acu, cabhraíonn sin le haíonna a chinneadh an bhfuil spás dá gcathaoir rothaí nó dá ngaireas soghluaisteachta.

  • Oscail an doras a oiread agus is féidir. Sín téip thomhais idir an dá ursain. Cinntigh go dtaispeántar an dá thaobh den téip thomhais agus na huimhreacha uirthi go soiléir.
  • Glac dhá ghrianghraf ar a laghad: ceann den doras agus an téip thomhais idir an dá ursain, agus ansin gar-amharc ar an tomhas deiridh, ionas go mbeidh sé níos soléite.

“Má tá tomhais an dorais ar eolas againn, beidh a fhios agam cé acu a rachaidh mo chathaoir isteach nó nach rachaidh,” arsa George.

Oiriúnuithe sa seomra folctha

Taispeáin na gnéithe a chabhróidh le haíonna bogadh timpeall an tseomra folctha, mar shampla cithfholcadán gan chéimeanna, barraí sábháilteachta ag an leithreas agus sa chithfholcadán, agus cathaoir chithfholcadáin nó folcadáin. Cuir grianghraif ar fáil ina dtaispeántar an seomra folctha agus an cithfholcadán iomlán, mar aon le radhairc níos dlúithe ar na gnéithe sonracha atá ann.

  • Cithfholcadán gan chéimeanna: Oscail an cuirtín nó na doirse. Claon an ceamara beagán i dtreo an urláir chun a thaispeáint nach bhfuil aon tairseacha ná sciatha uisce níos airde ná 2.5 ceintiméadar (1 orlach) ann.
  • Barraí sábháilteachta: Taispeáin go soiléir suíomh na mbarraí sábháilteachta sa chithfholcadán agus gar don leithreas. Glac grianghraif ar leith de gach ceann acu, fiú má thaispeánann tú le chéile iad i seatanna níos leithne den seomra folctha.
  • Cathaoir chithfholcadáin nó folcadáin: Taispeáin an suíochán iomlán taobh istigh den chithfholcadán nó den fholcadán, bíodh sé feistithe ar bhalla nó ina sheasamh as féin.

Áit pháirceála do dhaoine faoi mhíchumas

Taispeáin an spás páirceála príobháideach d'fheithicil amháin atá 3.35 méadar (11 troigh) ar a laghad ar leithead, nó áit pháirceála phoiblí atá ann do dhaoine faoi mhíchumas amháin.

  • Áit pháirceála phríobháideach: Glac an grianghraf giota beag ón áit, agus carr páirceáilte in aice le spás an aoi chun a leithead a thaispeáint. Nó bain úsáid as téip thomhais chun leithead na háite a dheimhniú.
  • Áit pháirceála phoiblí: Gabh comharthaí agus marcanna sráide eile a thugann le fios go bhfuil an láthair coinnithe do dhaoine faoi mhíchumas.

Cosán soilsithe go dtí an bealach isteach d'aíonna

Taispeáin go bhfuil solas maith ar an gcosán nó ar an gconair chuig an mbealach isteach d'aíonna nuair a bhíonn sé dorcha.

  • Cas air na foinsí solais go léir taobh amuigh a shoilsíonn an bealach.
  • Cas as aon soilse taobh istigh a chuireann isteach ar an soilsiú lasmuigh.
  • Bí cinnte go dtaispeánann do ghrianghraif an áit a bhfuil na soilse lasmuigh le hais an chosáin.

Ardaitheoirí

Taispeáin aon ghléasanna mótair nó láimhe i do theach atá ceaptha go sonrach chun cabhrú le haíonna dul isteach i gcathaoir rothaí, linn snámha nó tobán te, agus teacht amach astu.

  • Glac grianghraf chomh mionsonraithe agus is féidir den ardaitheoir, chomh maith le cé acu feistithe ar an tsíleáil nó ina sheasamh as féin atá sé.
  • Glac seat níos leithne a thaispeánann go soiléir a shuíomh in aice leis an leaba, an leithreas, an linn snámha nó an tobán te.
  • Gabh an spás timpeall air chun a mhéid agus a shuíomh a léiriú agus é in úsáid.

Faigh tuilleadh eolais faoi riachtanais maidir le gnéithe inrochtaineachta a chur le liostú.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
22 MFómh 2020
Ar chabhraigh sé seo leat?