Gnéithe inrochtaineachta a chur le liostuithe
Bíonn sé go iontach nuair is féidir leat fáilte a chur roimh níos mó daoine fós chuig d'áit trí ghnéithe inrochtaineachta a chur leis—cuardaíonn go leor aíonna liostuithe le haghaidh riachtanais faoi leith.
Conas a oibríonn sé
Ar dtús, cinntigh go bhfuil do liostú foilsithe. Ansin is féidir leat do liostú a chur in eagar de réir an tseomra agus aird a tharraingt ar gach gné inrochtaineachta le grianghraf soiléir amháin ar a laghad.
Cuir do liostú in eagar chun gnéithe inrochtaineachta a chur san áireamh
- Téigh chuig Roghchlár, roghnaigh Liostuithe, agus cliceáil ar an liostú a theastaíonn uait a chur in eagar (Tabhair do d'aire, le do thoil: caithfidh do liostú a bheith foilsithe cheana féin chun na gnéithe seo a chur leis).
- Téigh chuig Gnéithe inrochtaineachta
- I gcás gach gné atá agat, cliceáil, Tá an ghné seo agam. Meabhrófar duit grianghraf a chur leis freisin.
- Nuair a bheidh grianghraif curtha leis agat, cliceáil Sábháil.
- Tapáil Próifíl agus ansin tapáil Athraigh go hóstáil .
- Tapáil Liostuithe agus tapáil an liostú a theastaíonn uait a chur in eagar (Tabhair do d'aire, le do thoil: caithfidh do liostú a bheith foilsithe cheana féin chun na gnéithe seo a chur leis).
- Téigh chuig Gnéithe inrochtaineachta
- I gcás gach gné atá agat, tapáil, Tá an ghné seo agam. Meabhrófar duit grianghraf a chur leis freisin.
- Nuair a bheidh grianghraif curtha agat leis, tapáil Sábháil.

Iarrfar ort grianghraf amháin ar a laghad a chur le gach gné. Caithfidh gach gné agus grianghraf ár dtreoirlínte thíos a chomhlíonadh. Nuair a bheidh do ghnéithe deimhnithe i gcoinne ár dtreoirlínte grianghraf, taispeánfar iad ar rannóg Gnéithe inrochtaineachta do liostaithe.
Cuir an seomra in eagar chun gnéithe inrochtaineachta a chur san áireamh
- Téigh chuig Roghchlár, roghnaigh Liostuithe, ansin cliceáil ar an gcárta liostaithe is mian leat a chur in eagar
- Faoi Do spás den eagarthóir liostaithe, téigh chuig Camchuairt Ghrianghrafadóireachta
- Roghnaigh an seomra, cliceáil Gnéithe inrochtaineachta, agus cuir do ghnéithe inrochtaineachta leis.
- Téigh chuig Roghchlár, roghnaigh Liostuithe, ansin tapáil an cárta liostaithe is mian leat a chur in eagar
- Faoi Do spás den eagarthóir liostaithe, téigh chuig Camchuairt Ghrianghrafadóireachta
- Roghnaigh an seomra, tapáil Gnéithe inrochtaineachta, agus cuir do ghnéithe inrochtaineachta leis.

Má tá tú ceangailte le Airbnb trí bhainisteoir cainéil nó trí bhogearraí bainistíochta réadmhaoine ar shioncronú iomlán, beidh ort do shaoráidí inrochtaineachta a nuashonrú trí do bhogearraí API. Déan teagmháil le do sholáthraí bogearraí API chun ceist a chur faoin amlíne maidir le heisiúint na gné API Inrochtaineachta ionas gur féidir leat do chuid saoráidí a chur léi.
Faigh tuilleadh eolais faoi mhuintearas agus faoi ionchuimsiú ag Airbnb trínár bpolasaí inrochtaineachta.
Sainmhínithe gnéithe inrochtaineachta agus treoirlínte maidir le grianghraif
Lena shocrú cad iad na gnéithe inrochtaineachta atá agat, féach ar an gcur síos thíos agus bí cinnte go gcomhlíonann do sheomra nó do spás na riachtanais seo sula roghnóidh tú an ghné sin. Cinntigh go mbreathnóidh tú ar Threoir Airbnb maidir le grianghraf a ghlacadh de ghnéithe inrochtaineachta.
Le haghaidh do liostaithe
Áit pháirceála inrochtana | Sainmhíniú ar an ngné: Tá áit pháirceála phríobháideach ann atá 3.35 méadar (11 troigh) ar a laghad ar leithead. Sin nó tá áit pháirceála phoiblí ann do dhaoine faoi mhíchumas agus comhartha nó marc soiléir uirthi. Critéir maidir le grianghraif:
|
Cosán soilsithe go dtí an bealach isteach d'aíonna | Sainmhíniú ar an ngné: Bíonn solas maith ar an gcosán chuig an mbealach isteach d'aíonna san oíche. Critéir maidir le grianghraif:
|
Cosán gan chéimeanna chuig an mbealach isteach d'aíonna | Sainmhíniú ar an ngné: Níl céimeanna, staighre ná colbhaí ar na cosáin taobh amuigh agus taobh istigh chuig an mbealach isteach d'aíonna—amhail cosáin, hallaí nó ardaitheoirí. Critéir maidir le grianghraif:
|
Bealach isteach d'aíonna gan chéimeanna | Sainmhíniú ar an ngné: Tá an bealach isteach d'aíonna gan chéimeanna agus gan bhacainní, agus tá tairseach an dorais níos lú ná 5 cheintiméadar (2 orlach) ar airde. I gcás foirgneamh óstáin nó árasáin, is éard atá sa bhealach isteach d'aíonna an áit a dtéann na haíonna isteach ina seomra. I gcás gach cineál liostaithe eile, is éard atá sa bhealach isteach d'aíonna an bealach isteach chuig an réadmhaoin. Critéir maidir le grianghraif:
|
Ardaitheoir síleála nó soghluaiste | Sainmhíniú ar an ngné: Tá gléas ann atá deartha go sonrach chun duine a thógáil isteach i gcathaoir rothaí agus amach aisti. Bíonn sé feistithe ar an tsíleáil nó ina sheasamh as féin. Critéir maidir le grianghraif:
|
Ardaitheoir linne snámha nó tobáin the | Sainmhíniú ar an ngné: Tá gaireas ann atá deartha go sonrach ar féidir duine a thógáil isteach agus amach as linn snámha nó tobán te leis. Critéir maidir le grianghraif:
|
Le haghaidh seomraí i do liostú
Bealach isteach d'aíonna atá níos mó ná 81cm (32 orlach) ar leithead | Sainmhíniú ar an ngné: Tá an bealach isteach d'aíonna 81 cheintiméadar (32 orlach) ar a laghad ar leithead. Critéir maidir le grianghraif:
|
Teacht gan chéimeanna ar sheomraí (tá an ghné ar fáil do gach cineál seomra) | Sainmhíniú ar an ngné: Tá an seomra ar urlár na talún nó tá teacht air le hardaitheoir nó rampa agus níl staighre, céim ná tairseach níos airde ná 5 cheintiméadar (2 orlach) ann idir an bealach isteach d'aíonna agus an seomra. Critéir maidir le grianghraif:
|
Bealach isteach sa seomra atá níos mó ná 81cm (32 orlach) ar leithead (tá an ghné ar fáil do gach cineál seomra) | Sainmhíniú ar an ngné: Tá an bealach isteach nó an doras chuig an seomra 81 cm (32 orlach) ar leithead ar a laghad. Critéir maidir le grianghraif:
|
Cithfholcadán gan chéimeanna | Sainmhíniú ar an ngné: Níl céimeanna ná constaicí ann chun dul isteach sa chithfholcadán. Ba chóir tairseacha nó gardaí uisce a bheith níos ísle ná 1 orlach amháin. Critéir maidir le grianghraif:
|
Cathaoir chithfholcadáin nó cathaoir folctha | Sainmhíniú ar an ngné: Tá suíochán, amhail cathaoir nó binse, sa chithfholcadán nó san fholcadán atá feistithe ar an mballa nó ina shaorsheasamh. Caithfidh an suíochán a bheith deartha go sonrach d’aíonna a bhfuil a soghluaisteacht teoranta. Critéir maidir le grianghraif:
|
Barra sábháilteachta feistithe don chithfholcadán | Sainmhíniú ar an ngné: Tá barra sábhailteachta amháin ar a laghad sa chithfholcadán atá boltáilte nó ceangailte go daingean den bhalla agus ar féidir leis meáchan iomlán a iompar. Ní féidir raca tuáille a úsáid, agus ná bíodh sé feistithe le súchán nó go sealadach. Critéir maidir le grianghraif:
|
Barraí sábháilteachta feisithe don leithreas | Sainmhíniú ar an ngné: Tá barra sábháilteachta amháin ar a laghad sa limistéar thart ar an leithreas atá boltáilte nó ceangailte go daingean den bhalla agus ar féidir leis meáchan iomlán a iompar. Ní féidir raca tuáille a úsáid, agus ná bíodh sé feistithe le súchán nó go sealadach. Critéir maidir le grianghraif:
|
Míreanna gaolmhara
- Óstach
Cuir teideal do liostaithe in eagar
Is féidir leat teideal do liostaithe a athrú aon uair is mian leat, mar sin, coinnigh ort agus cuir ainm air a tharraingeoidh aird ar an bhf… - Óstach
Conas a shocraítear comharsanachtaí
Déantar liostú a shannadh go huathoibríoch do chomharsanacht bunaithe ar an seoladh agus ní féidir an chomharsanacht seo a chur in eagar. - Óstach
Cuir saoráidí le liostú
Is féidir le haíonna torthaí cuardaigh liostuithe a scagadh de réir saoráidí, mar sin tá sé tábhachtach go gcuirfeá gach rud a thairgeann tú…