Aircover d'Óstaigh
Deimhniú aitheantais aoi
Seiceálann ár gcóras deimhnithe cuimsitheach sonraí amhail ainm, seoladh, ID rialtais, agus go leor eile chun aitheantas na n-aíonna a dhéanann áirithint ar Airbnb a dheimhniú.
Scagadh áirithintí
Déanann ár dteicneolaíocht dhílsithe anailís ar na céadta toisc i ngach áirithint agus cuireann sí bac ar áirithintí áirithe a thugann le tuiscint go bhfuil baol mór maidir le cóisirí callánacha agus damáiste do réadmhaoin.
Cosaint damáiste $3M
Aisíocann Airbnb tú as an damáiste a dhéanann aíonna do do theach nó do do chuid maoine, agus tá na cosaintí speisialaithe seo san áireamh:
Ealaín agus earraí luachmhara
Athchóireoidh Airbnb ealaín nó earraí luachmhara a ndearnadh damáiste dóibh nó cuirfidh sé cinn nua ina n-áit nó íocfaidh sé astu.
Mótarfheithiclí agus báid
Cosnaímid na carranna, na báid agus na hárthaí uisce eile a pháirceálann tú nó a stórálann tú ag do theach.
Damáiste ó pheataí
Íocfaimid as chun an damáiste a rinne peata aoi a dheisiú.
Caillteanas ioncaim
Má chaithfidh tú áirithintí Airbnb a chur ar ceal mar gheall ar dhamáiste a rinne aoi, cúiteofar an t-ioncam caillte leat.
Dianghlanadh
Aisíocfaimid leat na seirbhísí glantacháin breise a theastaíonn tar éis fanacht aoi––mar shampla, glanadh gairmiúil cairpéad.
Árachas dliteanais $1M
Tá tú faoi chosaint ar an drochsheans go ngortófaí aoi nó go ndéanfaí damáiste nó gadaíocht ar ghiuirléidí aoi.
Líne shábháilteachta 24 uair sa lá
Má mhothaíonn tú go bhfuil tú i gcontúirt aon uair, tá rochtain láithreach ar fáil inár n-aip ar ghníomhairí sábháilteachta sainoilte, lá agus oíche.
Airbnb amháin a thugann AirCover duit
Airbnb | Iomaitheoirí | |
---|---|---|
Deimhniú aitheantais aoi | ||
Scagadh áirithintí | ||
Cosaint damáiste $3M | ||
Ealaín agus earraí luachmhara | ||
Mótarfheithiclí agus báid | ||
Damáiste ó pheataí | ||
Caillteanas ioncaim | ||
Dianghlanadh | ||
Árachas dliteanais $1M | ||
Líne shábháilteachta 24 uair sa lá |