Inrochtaineacht ag Airbnb
Seo mar atáimid ag éascú an taistil linn.

Scagairí cuardaigh feabhsaithe
Shimplíomar ár scagairí inrochtaineachta chun feabhas a chur ar an gcuardach.
Athbhreithniú inrochtaineachta
Déanaimid athbhreithniú ar chruinneas gach gné inrochtaineachta dá gcuireann óstaigh fanachta isteach.


Teachtaireachtaí díreacha le hóstaigh
Déan comhrá díreach le hóstaigh chun tuilleadh eolais a fháil faoi na gnéithe inrochtaineachta den áit fanachta nó den eispéireas.

Éist le ráiteas inrochtaineachta digití Airbnb
Inrochtaineacht dhigiteach ag Airbnb
Déanann Airbnb a dhícheall chun cloí leis an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA ar ár láithreán gréasáin agus ar ár gcuid feidhmchlár móibíleach.
An dóigh a n‑oibrímid
- Dea-chleachtais inrochtaineachta digití a ghlacadh isteach inár bpróisis dearaidh agus innealtóireachta
- Oiliúint agus acmhainní inrochtaineachta leanúnacha a sholáthar dár bhfostaithe
- Tástálaithe dearbhaithe cáilíochta inmheánacha agus seachtracha a fhostú
- Foireann ilréimsiúil a bheith againn atá tiomanta do mhonatóireacht ar fhadhbanna inrochtaineachta digití agus d'aghaidh a thabhairt orthu ar fud ár láithreáin gréasáin agus ár bhfeidhmchlár
- Oiliúint a chur ar ár ngníomhairí tacaíochta do chustaiméirí maidir le fadhbanna inrochtaineachta digití
Aiseolas
Is mór againn d'aiseolas ar chleachtais inrochtaineachta digití Airbnb. Cuir ríomhphost chugainn ag digital-accessibility@airbnb.com chun teagmháil a dhéanamh linn.
Foirne speisialaithe
Tá foirne ag Airbnb atá dírithe ar tháirgí a chruthú a bhfuil gach duine i gcumas iad a úsáid. Oibríonn na foirne sin le hinnealtóirí, le dearthóirí agus le daoine eile ar fud na cuideachta lena chinntiú go gcuirtear inrochtaineacht san áireamh agus ár dtáirgí á bhforbairt.
Ár sonraíochtaí rochtana digití
Táimid meáite ar eispéireas inrochtana ar bhrabhsálaithe agus ar ghléasanna go léir a dhearadh.
So-úsáidteacht le brabhsálaithe, teicneolaíochta cúnta agus gléasanna
Déanann Airbnb tástáil agus barrfheabhsú ar na nithe inrochtana seo a leanas go rialta:
Léitheoirí scáileáin- VoiceOver
- VoiceOver deisce do macOS: Tástáil gréasáin le brabhsálaí Safari
- VoiceOver móibíleach do iOS: tástáil moWeb le brabhsálaí Safari
- VoiceOver móibíleach do iOS: tástáil feidhmchlár dúchais
- TalkBack
- TalkBack móibíleach do Android: tástáil moWeb le brabhsálaí Chrome
- TalkBack móibíleach do Android: tástáil feidhmchlár dúchais
- JAWS le Microsoft Edge
- NVDA le Mozilla Firefox
- Orduithe méarchláir amháin
- Gréasán Deisce le Windows
- Gréasán Deisce le macOS
- Formhéadú cló: OS móibíleach Android
- Clóscríobh dinimiciúil: OS móibíleach iOS
- Méideanna cló inchoigeartaithe: Déantar méideanna cló inoiriúnaithe ar an ngréasán a thástáil le Chrome do Ríomhaire Deisce, agus móibíleach ar Safari do iOS
- Is é an fón iOS is sine a ndearnadh tástáil air iPhone 7.
- I measc na bhfeistí tástála Android tá Google agus Samsung. Is iad na fóin Pixel 3 agus Galaxy S8 na cineálacha is sine a úsáidtear le haghaidh tástála.
- Má tá fabht i ngléas nó i leagan OS níos sine, deimhnímid go bhfuil an fhadhb ann sa leagan reatha den aip, ansin tugaimid tús áite di agus réitímid í.
- Mura bhfuil an fhadhb ann sa leagan reatha, ag brath ar dhéine an tionchair, tugtar tús áite di i dtaobh na fadhbanna is déanaí.
Teorainneacha agus roghanna malartacha
In ainneoin ár ndícheall a dhéanamh le cinntiú go bhfuil Airbnb inrochtana, tá roinnt teorainneacha ann. Seo thíos cur síos ar theorainneacha aitheanta, agus ar réitigh fhéideartha. Déan teagmháil linn má thugann tú fadhb nach bhfuil sa liosta thíos faoi deara.
Teorainneacha aitheanta do Airbnb: Íomhánna arna n-uaslódáil ag custaiméirí- D'fhéadfadh sé nach mbeadh cur síos le híomhánna liostaithe, grianghraif phróifíle custaiméirí ná íomhánna eile a uaslódáiltear. Uaslódálann óstaigh a n‑íomhánna liostaithe féin agus bíonn an rogha acu cur síos a dhéanamh orthu ar an nGréasán deisce. Ní éilíonn Airbnb é.
- Táimid ag plé roghanna chun cur síos ar íomhánna a ghiniúint d'íomhánna liostaithe go huathoibríoch. D'fhéadfaí an réiteach sin a chur i bhfeidhm ansin ar íomhánna eile a uaslódáiltear.
- Seans nach mbeidh rochtain ar ábhar atá ar ardáin Airbnb trí dhíoltóirí tríú páirtí toisc nach gá go gcomhlíonann na díoltóirí sin ár gcaighdeán inrochtaineachta. Aon uair a chuirtear fadhb inrochtaineachta ghaolmhar faoinár mbráid trínár bpróiseas inmheánach QA, déanaimid teagmháil leis an díoltóir faoin bhfadhb agus iarraimid air nó uirthi í a réiteach.
- I measc na gconarthaí díoltóra nua tá tacaíocht WCAG 2.1 Leibhéal AA, ach ní bhaineann sin go cúlghabhálach le conarthaí roimhe seo.
- Ní thástálann Airbnb comhoiriúnacht ár n‑ardáin ar tháibléid. D'fhéadfadh brisphointí aisteacha agus eispéireas úsáideora laghdaithe a bheith ann d'úsáideoirí táibléad mar gheall ar an mbearna tástála sin.
- Ní thástálann Airbnb comhoiriúnacht ár n‑ardáin le rochtain ar an méarchlár ar fheidhmchláir mhóibíleacha dhúchais nó ar thaispeáint Braille. D'fhéadfadh eispéireas fo-optamach a bheith ann do chustaiméirí a úsáideann na teaglamaí feistí sin lenár bhfeidhmchláir dhúchais mar gheall ar an mbearna tástála sin.
- Níl aon phlean ann faoi láthair rochtain ar an méarchlár nó tástáil taispeána Braille a chur san áireamh inár bpróiseas Dearbhaithe Cáilíochta.
- Bíonn rochtain ag custaiméirí gréasáin ar shocruithe inrochtaineachta i ndiaidh dóibh logáil isteach. Bíonn rochtain ag custaiméirí feidhmchláir mhóibíligh dhúchais ar shocruithe inrochtaineachta cibé acu atá siad logáilte isteach nó logáilte amach.
Gnéithe inrochtaineachta
Cé go dtuigimid go bhfuil cúrsaí inrochtaineachta síorathraitheach, seo cuid de na bealaí a ndearnamar iarracht ar chúrsaí inrochtaineachta Airbnb a fheabhsú.
Inrochtaineacht amhairc- Tacaíocht do léitheoirí scáileáin
- Codarsnacht íosta dathanna
- Dearadh gréasáin freagrúil
- Formhéadú cló, clóscríobh dinimiciúil, clómhéid inchoigeartaithe
- Fotheidil oscailte d'ábhar físeán
- Cur síos ar íomhánna d'ábhar a chruthaigh Airbnb
- Aicearraí méarchláir ar an ngréasán
- Rialtáin zúmála ar léarscáileanna
- Rialtáin pheanála ar léarscáileanna
- Socruithe gluaiseachta laghdaithe
- Cosc ar uathsheinm físeán
- An rogha tuilleadh a lódáil (seachas scrollú gan teorainn)
- Fuaim as mar réamhshocrú
Chun an inrochtaineacht a chur chun cinn, oibrímid le:




Táimid anseo le cuidiú leat
Tabhair cuairt ar ár nIonad Cabhrach chun tuilleadh eolais a fháil.
Conas a úsáidtear scagairí cuardaigh?
Tá sé furasta ár scagairí cuardaigh a úsáid chun na liostuithe a thaispeáint ina bhfuil na gnéithe inrochtaineachta a theastaíonn uait. Faigh tuilleadh eolais faoi áiteanna fanachta ina bhfuil gnéithe inrochtaineachta a chuardach nó eispéiris lena bhfuil gnéithe inrochtaineachta a chuardach.
Conas a dhéanann Airbnb athbhreithniú ar ghnéithe inrochtaineachta?
Iarrtar ar óstaigh áite fanachta grianghraif dá ngnéithe inrochtana a chur isteach, agus déanann óstaigh eispéiris cur síos scríofa. Ansin déanann foireann speisialaithe gníomhairí Airbnb athbhreithniú de láimh orthu sin maidir le cruinneas na ngrianghraf agus cáilíocht an chuir síos, faoi seach.
An bhfuil cead agam mo chúramóir nó an duine a chuidíonn liom a thabhairt liom ar eispéireas?
Tá an rogha ag óstaigh eispéiris ligean do chúramóirí teacht leis na haíonna lena bhfuil siad ag cabhrú gan aon chostas breise. Ar Airbnb, measaimid gur cúramoirí iad aon duine os cionn 18 mbliana d’aois a chabhraíonn go rialta le duine atá faoi mhíchumas, ar a bhfuil tinneas meabhrach nó ar a bhfuil tinneas fadtéarmach, le gníomhaíochtaí laethúla. Tuilleadh eolais faoinár bpolasaithe maidir le cúramóirí agus polasaithe gaolmhara eile d'aíonna agus d'óstaigh.
An bhfuil cead agam m’ainmhí seirbhíse a thabhairt liom?
Tuigimid go bhfuil feidhm ríthábhachtach ag ainmhithe seirbhíse dá n‑úinéir. Sin an fáth nach gcaithfidh aíonna a nochtadh go bhfuil ainmhí seirbhíse acu sula ndéanfaidh siad áirithint, cé go molaimid cumarsáid thrédhearcach i gcónaí chun eispéireas gan stró a chinntiú do chách. Tuilleadh eolais faoi pholasaithe maidir le hainmhithe seirbhíse d'aíonna agus d'óstaigh.
Conas is féidir le hóstaigh tacú le haíonna a bhfuil riachtanais inrochtaineachta acu?
Braitheann inrochtaineacht liostaithe ar an aoi. Sin an fáth a dtugaimid treoir dár n‑óstaigh faoi eolas soiléir cruinn a thabhairt faoina liostú, agus a spreagaimid iad le cumarsáid a dhéanamh lena n‑aíonna. Faigh tuilleadh eolais faoi aíonna ag a bhfuil riachtanais inrochtaineachta a óstáil. Faigh tuilleadh eolais maidir le fáilte a chur roimh aíonna ag a bhfuil riachtanais inrochtaineachta.
Conas is féidir le hóstaigh gnéithe inrochtaineachta a chur lena liostú?
B'fhéidir go bhfuil spás óstaigh níos inrochtana ná mar a cheapann sé nó sí. Is féidir le hóstach a liostú a chur in eagar seomra ar sheomra agus gach gné inrochtaineachta a dheimhniú le grianghraf soiléir amháin ar a laghad. Faigh tuilleadh eolais faoi ghnéithe inrochtaineachta a chur le liostuithe áiteanna fanachta. Faigh tuilleadh eolais faoi ghnéithe inrochtaineachta a chur le liostuithe eispéireas.