
2025 Nuashonrú Samhraidh
Anois is féidir leat níos mó a bhaint as Airbnb
Ní raibh i dTithe ach an tús. Seo chugaibh Seirbhísí Airbnb agus Eispéiris Airbnb in aip úrnua.

Seo chugaibh Seirbhísí Airbnb
Cuir in áirithe scoth na gcócairí príobháideacha, na dtraenálaithe, na suathaireachtaí agus eile.

Déan d'fhanacht níos speisialta
Faigh seirbhísí dochreidte ar raon praghsanna, díreach ag do lóistín Airbnb.

Scoth na saineolaithe, faoi do réir
Roghnaigh as na mílte seirbhís i 260 cathair—iad curtha ar fáil ag gairmithe iontaofa.

Cócairí

Béilí réitithe

Lónadóireacht

Grianghrafadóireacht

Traenáil phearsanta

Suathaireacht

Cóireálacha spá

Stíleáil gruaige

Smideadh

Cúram ingne
Déantar grinnfhiosrúchán ar sheirbhísí ar Airbnb maidir le hardchaighdeán
Déantar seirbhísí a mheas maidir le saineolas agus cáil.

Taithí ghairmiúil na mblianta

Cáil orthu ina réimse

Molta go hard ag custaiméirí
Ní bheidh sé crua ort é a thógáil go bog
Tá sé simplí seirbhís a fháil ar thuras nó sa bhaile. Brabhsáil agus déan áirithint ar an bpointe.

Seo chugaibh Eispéiris Airbnb
Na rudaí is barántúla le déanamh, cibé áit a bhfuil do thriall.

Bain idir lán do shúl agus lánsult as áit
Aimsigh eispéiris dodhearmadta, á n‑óstáil ag muintir na háite a bhfuil an‑chur amach acu ar a gcathair.

Na mílte bealach chun gach áit a fheiceáil mar atá sí dáiríre
Idir áiteanna móra turasóireachta agus seoda ar chúl éaga, déan iniúchadh ar na mílte eispéireas ar fud an domhain.

Báigh thú féin sa chultúr
Féach sainchomharthaí, músaeim, áiteanna móréilimh nó léirithe beo.

Taiscéal saol an bhia
Freastail ar chúrsa cócaireachta, ócáid bhlaiste nó eispéiris eile bia.

Téigh ar eachtra amuigh faoin spéir
Glac páirt i dturais fiadhúlra, spóirt uisce nó eispéiris ar eitilt.

Ceiliúir na healaíona
Bain sult as dánlanna agus ailtireacht nó triail ceardlanna ealaíne.

Glac suaimhneas coirp agus intinne
Cuir in áirithe traenáil, ranganna folláine nó eispéiris áilleachta.
Téigh amach le duine ag a bhfuil cos istigh
Roghnaítear gach óstach mar gheall ar an dearcadh áitiúil agus an saineolas uathúil atá acu.
Lorg Saineachtraí Airbnb, aimsigh rud éachtach
Is é atá i gceist le Saineachtraí ná eispéiris den chéad scoth—á n‑óstáil ag na daoine is suimiúla ar domhan agus deartha do Airbnb.

Bí mór le Chance the Rapper

Cuir cló nua ort féin le Jamie Mizrahi

Déan tacos sráide le Enrique Olvera
Faigh gach rud in aip úrnua Airbnb
Ligeann an aip athdheartha duit tithe, eispéiris agus seirbhísí a chur in áirithe—san aon áit amháin.

Ligeann an aip athdheartha duit tithe, eispéiris agus seirbhísí a chur in áirithe—san aon áit amháin.

Taistealaíonn aip Airbnb leat anois
Taistealaíonn an aip leat anois
Faigh moltaí de réir do chinn scríbe, do chomhthaistealaithe agus dhátaí do thurais.
Bealaí nua le hóstáil. Uirlisí nua don óstáil.
Is féidir le hóstaigh a ngnólacht a fhorbairt le huirlisí nua chun tithe, eispéiris agus seirbhísí a bhainistiú.