Faigh spás nua do do ghnólacht

Anois tá teacht ag na milliúin duine ar do sheirbhís ar Airbnb.

Cuir do shaineolas ar fáil le Seirbhísí Airbnb

Tá níos mó ná tithe i gceist le Airbnb. Anois is féidir gnólachtaí mar do cheannsa a chur air freisin.
Lónadóireacht
Cócairí
Stíleáil gruaige
Smideadh
Suathaireacht
Cúram ingne
Traenáil phearsanta
Grianghrafadóireacht
Béilí réitithe
Cóireálacha spá

Cuir fáilte roimh dhomhan mór custaiméirí nua

Bí le feiceáil ar Airbnb ag na milliúin duine atá ag taisteal nó ina gcónaí gar duit.
390 milliún aoi
a tháinig in 2024
$81 billiún
a caitheadh ar Airbnb in 2024
I measc an 390M sin tá idir aíonna nua agus seanaíonna a d'fhill. Is é $81B USD an t‑oll-líon as áirithintí le haghaidh tréimhsí fanachta agus eispéireas.

Bí ar taispeáint. Faigh áirithint láithreach.

Cruthaigh liostú a sheasann amach agus líon d'fhéilire le háirithintí ar an bpointe.

Freagraí ar do cheisteanna

Na ceisteanna is coitianta
An bhfuil mo sheirbhís oiriúnach do Airbnb? Is é atá i gceist le Seirbhísí Airbnb ná margadh seirbhísí ardchaighdeáin a chuireann an dlaoi mhullaigh ar fhanacht aíonna. I measc na seirbhísí tá lónadóireacht, cócairí, stíleáil gruaige, smideadh, suathaireacht, cúram ingne, traenáil phearsanta, grianghrafadóireacht, béilí réitithe agus cóireálacha spá. Tuilleadh eolais faoi chaighdeáin Sheirbhísí Airbnb.Conas a dhéanaim iarratas? Tá sé furasta tosú. I dtús báire, inis dúinn rud beag fút féin agus faoin tseirbhís a chuireann tú ar fáil. Ansin, cuir grianghraif ar fáil, socraigh do phraghsáil agus cuir do liostú isteach lena athbhreithniú. Seans go dtiocfaimid ar ais chugat le hathruithe a mholadh, iarratais chun ceadúnais atá le huaslódáil nó cruthúnas árachais a iarraidh. A luaithe a cheadófar do liostú, is féidir leat é a fhoilsiú agus do sheirbhís a chur ar fáil do chustaiméirí láithreach. Tosaigh.Cad iad táillí Airbnb? Tá sé saor in aisce liostú a chruthú agus a chur isteach lena athbhreithniú. Baineann Airbnb táille sheirbhíse 15% go huathoibríoch d'eisíocaíocht gach seirbhíse a chuirtear in áirithe.