Fáilteachas cuimsitheach a chleachtadh agus troid i gcoinne claontachta

Tugann saineolaithe breac-chuntas ar straitéisí úsáideacha agus cuireann siad treoir ar fáil d'Óstaigh.
Le Airbnb ar an 26 Noll 2019
Léamh 11 nóiméad
Nuashonraithe ar an 14 Meith 2022

Buaicphointí

Creideann Airbnb gur féidir le taisteal cuidiú le caidrimh a chothú agus domhan níos oscailte agus níos cuimsithí a chruthú. Is fíorchonstaic é an leithcheal roimh an gcaidreamh sin, agus sin an fáth a bhfuil sé an-tábhachtach dul i ngleic leis.

Le cuidiú le hÓstaigh agus le haíonna an leithcheal agus na claontachtaí is cúis leis a thuiscint, d’oibrigh Airbnb le síceolaithe sóisialta mór le rá an Dr Robert W. Livingston ó Ollscoil Harvard agus an Dr Peter Glick ó Ollscoil Lawrence. Tá na treoirlínte agus na dea-chleachtais sa mhír seo bunaithe ar a gcuid taighde agus eolais.

Claonadh agus an leithcheal: Cad é an difríocht?

Is ionann “claontacht” agus mothúcháin nó do thuairimí faoi dhuine atá bunaithe ar rudaí amhail cine, reiligiún, bunús náisiúnta, eitneachas, míchumas, gnéas, féiniúlacht inscne, gnéaschlaonadh nó aois. Is ionann “leithcheal” agus caitheamh go difriúil le duine mar gheall ar na tréithe atá ann nó inti. Ní i gcónaí a dhéantar leithcheal mar thoradh ar chlaontacht, ach is léi a thosaíonn an leithcheal de ghnáth.

Cad is claontacht intuigthe ann?

Bíonn an claonadh ann ar leibhéal fo-chomhfhiosach den chuid is mó agus tugtar “claontacht intuigthe” air go minic. Is féidir le claontacht intuigthe tionchar a imirt ar an gcaoi a gcaithimid le daoine, agus is féidir linn leithcheal a dhéanamh ar dhaoine ansin dá bharr—uaireanta gan tuiscint againn go bhfuilimid á dhéanamh fiú.

Claonadh bunaithe ar inscne agus LADTA

Is rud seanbhunaithe iad róil inscne sa tsochaí agus baineann an chuid is mó againn—is cuma an bhfuil a fhios againn go ndéanaimid é seo nó nach bhfuil—leas astu chun cinntí a dhéanamh maidir leis an gcaoi a gceapaimid gur chóir do dhaoine iad féin a iompar. Tá impleachtaí suntasacha ag steiréitíopaí inscne do dhaoine sa phobal LADTAC (Leispiach, Aerach, Déghnéasach, Trasinscneach, Aiteach agus Ceisteach) toisc go dtugann a gcuid féiniúlachtaí dúshlán do noirm shochaíocha.

Is cuma cén dearcadh atá agat ar shaincheisteanna inscne agus LADTA, tá sé tábhachtach gan dearmad a dhéanamh nach gá tuairimí ná stíl mhaireachtála daoine eile a ghlacadh chun fáilte a chur rompu.

Ról na steiréitíopaí

Ceann de na bealaí a thagann claonadh chun cinn ná trí steiréitíopáil. Is éard atá i steiréitíopa ná íomhá nó tuairim de chineál áirithe duine a chreideann go leor daoine ach atá róshimplithe nó áibhéalach i ndáiríre. Bíonn gach duine ag steiréitíopáil go pointe áirithe—uaireanta go comhfhiosach agus uaireanta eile i ngan gan fhios dó nó di féin. Is minic a bhíonn iompar leithchealach mar thoradh ar ghrúpaí daoine a steiréitíopáil, idir mhaslaí neamhbheartaithe agus cásanna éagóra an-dáiríre.

Conas is féidir leat gníomhú ina leith

Téann leithcheal i gcoinne bhunluachanna Airbnb agus tá cosc air ar ár n-ardán. Is féidir é a smachtú agus a sheachaint, fiú más claontacht neamh-chomhfhiosach is cúis leis.

Seo roinnt céimeanna ar féidir le gach Óstach a dhéanamh chun troid i gcoinne claontachta agus pobal níos ionchuimsithí a chothú:

      • Labhair amach. Cuir teachtaireacht le do phróifíl lena chur in iúl go bhfuil fáilte roimh chách agat. Ní hamháin go dtugann sin le fios d’aíonna go bhfuil fáilte rompu, ach d'fhéadfadh sé Óstaigh eile a spreagadh chun glacadh le luachanna na héagsúlachta agus an ionchuimsithe chomh maith.
      • Bain úsáid as na caighdeáin chéanna do gach duine. Cuir sraith de chritéir neamhchlaonta le chéile a úsáidfidh tú gach uair chun gach aoi ionchasach a mheas. Mar shampla, an oireann na dátaí duit? An bhfuil spás agat do líon na n-aíonna atá ag teacht chun fanacht? Mura mbíonn seasmhacht ag baint le do chritéir ó chás go cás, d'fhéadfadh an chlaontacht teacht isteach i do chinnteoireachta.
      • Déan do mhachnamh ar do chinnteoireacht. Roimh aoi a ghlacadh nó a dhiúltú duit, bíodh a fhios agat cén fáth a ndearna tú an cinneadh sin agus tabhair do dhúshlán féin míniú mionchúiseach a thabhairt bunaithe ar na critéir a leag tú amach. Fiafraigh díot féin an mbeifeá compordach fáth do dhiúltaithe a rá le béal an aoi.
      • Cuir na seansteiréitíopaí as do cheann. Bealach amháin a cruthaíodh go gcuireann sé claontacht neamh-chomhfhiosach ina ceart ná dul ar thóir eispéiris agus eolais a thagann salach ar steiréitíopaí. Cuir dua ort féin agus buail le daoine ó chúlraí nó ó phobail éagsúla. Glac le cineálacha difriúla aíonna Airbnb. Is féidir le teagmháil dhearfach agus caidreamh sóisialta claontachtaí a laghdú.

      Faigh leideanna chun fáilte cheart a chur roimh gach aon aoi

      Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

      Buaicphointí

      Airbnb
      26 Noll 2019
      Ar chabhraigh sé seo leat?