Saothraigh airgead mar óstach Airbnb
Saothraigh airgead mar óstach Airbnb
Cén fáth a ndéanfá óstáil ar Airbnb?
Is cuma cén cineál tí nó seomra atá agat lena roinnt, le Airbnb tá sé simplí agus sábháilte taistealaithe a óstáil. Beidh smacht iomlán agat ar d'infhaighteacht, ar do phraghsanna, ar do rialacha tí, agus ar an gcaoi a n-idirghníomhóidh tú le haíonna.
Tacaímid leat
Chun tú féin, do theach, agus do chuid giuirléidí a choinneáil sábháilte, clúdaímid gach áirithint le $1M USD i gcosaint damáiste do réadmhaoin agus $1M USD eile in árachas i gcoinne timpistí.
Óstáil i 3 chéim
Liostaigh do spás saor in aisce
Roinn aon spás gan táillí clárúcháin, idir sheomra comhroinnte agus theach tánaisteach, agus gach rud idir eatarthu.
Cinn conas is mian leat óstáil a dhéanamh
Roghnaigh do sceideal, do phraghsanna, agus do riachtanais féin d'aíonna. Táimid anseo le cuidiú ar feadh an bhealaigh.
Cuir fáilte roimh do chéad aoi
Nuair a bheidh do liostú beo, is féidir le haíonna cáilithe dul i dteagmháil leat. Is féidir leat teachtaireacht a chur chucu agus ceisteanna ar bith a chur orthu roimh a bhfanacht.
Óstálann Dennis i Londain mar gheall ar an tsolúbthacht atá ar fáil ann
Óstálann Dennis i Londain mar gheall ar an tsolúbthacht atá ar fáil ann
Tá tú clúdaithe againn
Tá a fhios againn go bhfuil sé ríthabhachtach go mbeadh iontaoibh agat as na daoine atá ag fanacht i do theach. Le Airbnb is féidir leat riachtanais dhiana a leagan síos maidir le cé atá in ann áirithint a dhéanamh agus aithne a chur ar aíonna roimh a bhfanacht. Má tharlaíonn rud éigin, áfach, tá tacaíocht againn duit. Lenár Ráthaíocht don Óstach a chlúdaíonn damáiste don réadmhaoin agus lenár nÁrachas Cosanta d'Óstaigh le haghaidh dliteanais, tacaítear leat mar óstach an t-am ar fad.
Íocaíochtaí simplithe
Gearr an méid is mian leat
Is tusa a roghnóidh do phraghas i gcónaí. An dteastaíonn cabhair uait? Tá uirlisí againn le cabhrú leat freastal ar an éileamh i do cheantar.
Íoc táillí ísle
Níl aon chostas i gceist le clárú. Gearrann Airbnb táille chomhréidh 3% in aghaidh na háirithinte ar óstaigh go hiondúil, agus tá sin ar na táillí is ísle sa tionscal.
Faigh d'íocaíocht go tapa
Chomh luath agus a sheiceálann aoi isteach, is féidir linn do chuid airgid a sheoladh trí Paypal, trí íocaíocht dhíreach nó trí mhodhanna eile atá ar fáil.
Óstálann Tessa i Londain chun airgead breise a shaothrú
Óstálann Tessa i Londain chun airgead breise a shaothrú
Eolas faoi Airbnb
Cad is Airbnb ann?
Cúireann Airbnb daoine agus áiteanna le fanacht agus rudaí le déanamh le chéile ar fud an domhain. Tá an pobal faoi stiúir na n-óstach, a thugann an deis uathúil dá n-aíonna taisteal ar nós duine áitiúil.
Cad is óstáil ann?
Má tá seomra breise, teach go léir nó saineolas agat, is féidir leat airgead a shaothrú trí é a roinnt le duine ar bith ar domhan. Is féidir leat do theach, do ghníomhaíocht, nó an dá cheann acu a óstáil Is fút féin atá an uair a óstálann tú.
Ceisteanna coitianta
Tá sé éasca tosú mar óstach Airbnb i bhformhór na n-áiteanna, agus tá sé saor in aisce i gcónaí liostú a chruthú. Níl in árasáin agus tithe iomlána, seomraí príobháideacha, tithe crainn agus caisleáin, ach dornán de na cineálacha réadmhaoine atá roinnte ag óstaigh ar Airbnb.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar cad a mbítear ag súil leis ó óstaigh, féach ar chaighdeáin phobail Airbnb, a bhaineann le sábháilteacht, slándáil agus iontaofacht, agus le caighdeáin fáilteachais, rud a chuidíonn le hóstaigh léirmheasanna iontacha a fháil ó aíonna.
Iarraimid cúpla píosa eolais ar gach duine a úsáideann Airbnb sula dtaistealóidh sé nó sí linn. Ní mór d'aíonna an t-eolas seo a chomhlánú go hiomlán sular féidir leo iarratas ar áirithint a dhéanamh. Cuidíonn an t-eolas seo lena chinntiú go bhfuil a fhios agat cad a bheidh romhat, agus conas teagmháil a dhéanamh leis an aoi.
Áirítear ar riachtanais Airbnb d'aíonna: • Ainm iomlán • Seoladh ríomhphoist • Uimhir fóin dheimhnithe • Teachtaireacht tosaigh • Comhaontú le do Rialacha Tí • Eolas íocaíochta
Táthar ag súil go mbeidh pictiúr próifíle ag aíonna, ach níl sé riachtanach. D'fhéadfá a cheangal ar aíonna ID a chur ar fáil sula gcuirfidh siad do spás in áirithe freisin.
Tá sé saor in aisce go hiomlán clárú le Airbnb agus do theach a liostú.
Nuair a gheobhaidh tú áirithint, gearrfaimid táille sheirbhíse Airbnb d’óstaigh, 3% go ginearálta, chun cabhrú le costas reáchtáil an ghnó a íoc.
Tugann Ráthaíocht don Óstach Airbnb cosaint dar luach suas le $1,000,000 d’óstach le haghaidh damáistí ar réadmhaoin faoi chumhdach i gcás damáistí aoi os cionn na héarlaise slándála, rud nach dtarlaíonn rómhinic, nó mura bhfuil éarlais slándála ar bith ann.
Ní chlúdaíonn an clár Ráthaíochta don Óstach airgead tirim agus urrúis, áirnéisí bailitheora, saothair ealaíne neamhchoitianta, seodra, peataí nó dliteanas pearsanta. Molaimid go gcoinneodh óstaigh na hearraí luachmhara in áit shábháilte nó go gcuirfidís i dtaisce iad agus a n-áit á ligean ar cíos acu. Ní chlúdaíonn an clár caillteanas réadmhaoine nó damáiste do réadmhaoin mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt.
Faigh tuilleadh eolais faoin Ráthaíocht don Óstach ag http://airbnb.com/guarantee
Is fút féin go hiomlán an praghas a ghearrann tú ar do liostú. Chun cabhrú leat cinneadh a dhéanamh, is féidir leat cuardach a dhéanamh ar liostuithe inchomparáide i do chathair nó i do chomharsanacht chun barúil a fháil faoi phraghsanna an mhargaidh. Táillí Breise > - Táille ghlantacháin: Is féidir leat táille ghlantacháin a chur san áireamh mar chuid de do phraghas in aghaidh na hoíche nó is féidir leat táille ghlantacháin a chur leis i do shocruithe praghsála. > - Táillí eile: Chun táillí breise a ghearradh seachas do rátaí (amhail táille ar sheiceáil isteach dhéanach nó táille pheataí), ní mór duit na táillí féideartha seo a chur in iúl do na haíonna ar dtús sula ndéanfaidh siad áirithint agus ansin an tIonad Réitigh a úsáid chun íocaíocht as táillí breise a éileamh go slán.
Le huirlis Praghsála Cliste Airbnb is féidir leat do phraghsanna a shocrú chun dul suas nó síos go huathoibríoch ar bhonn athruithe ar an éileamh ar liostuithe cosúil le do cheannsa.
Beidh tú freagrach i gcónaí as do phraghas, mar sin tá Praghsáil Chliste á rialú ag socruithe praghsála eile a roghnaíonn tú, agus is féidir leat praghsanna in aghaidh na hoíche a choigeartú ag am ar bith.
Tá Praghsáil Chliste bunaithe ar chineál agus ar shuíomh do liostaithe, ar an séasúr, ar an éileamh, agus ar thosca eile (amhail imeachtaí i do cheantar).