Filleadh níos sábháilte ar an taisteal
Bí cothrom le dáta leis na leideanna is déanaí faoin taisteal le linn
COVID-19 agus ina dhiaidh sin.
Faigh amach cé mar atáimid ag tacú leat le cláir agus polasaithe atá ag dul chun cinn.

Déan athbhreithniú ar na treoirlínte d’Óstaigh agus d’aíonna i do cheantar nó i do cheann scríbe.

Do roghanna cealaithe agus aisíocaíochta a thuiscint.

Faigh amach conas scagadh a dhéanamh ar thréimhsí fanachta ag a bhfuil solúbthacht chealaithe.
Is comhfhreagracht í an tsábháilteacht
Iarraimid ar phobal Airbnb ár gcleachtais sláinte agus sábháilteachta maidir le
COVID-19 a leanúint.
Masc a chaitheamh
Ní mór d’aíonna agus d’Óstaigh dlíthe agus treoirlínte áitiúla a bhaineann le maisc a chaitheamh a leanúint agus iad ag caidreamh.

Scaradh sóisialta
Nuair a éilíonn dlíthe nó treoirlínte áitiúla é, caithfidh Óstaigh agus aíonna aontú 2 mhéadar (6 troithe) a choinneáil óna chéile.
Glantachán feabhsaithe
Ní mór d'Óstaigh ár bpróiseas glantacháin fheabhsaithe cúig chéim a bhfuil tacaíocht na saineolaithe aige a leanúint.

Caighdeáin fheabhsaithe do gach fanacht
Téann ár bpróiseas glantacháin fheabhsaithe cúig chéim, a dtacaíonn saineolaithe leis, níos faide ná an glanadh bunúsach agus is céim ríthábhachtach é is féidir le hÓstaigh a ghlacadh chun sábháilteacht ár bpobail a chinntiú.

Spás príobháideach, i bhfad ó na sluaite
Tithe príobháideacha. Seiceáil isteach gan teagmháil. Spásanna oscailte leathana lasmuigh. Neart spáis idir daoine. Faigh áiteanna le fanacht ag a bhfuil na saoráidí is tábhachtaí duit.

Freagraí ar do cheisteanna
Cé hiad na daoine a chaithfidh na treoirlínte nua sábháilteachta agus glantacháin a leanúint?
Ceanglaítear ar gach Óstach ár gcleachtais sábháilteachta agus glantacháin maidir le COVID-19 a leanúint. Faigh tuilleadh eolais faoi Ghlantachán Feabhsaithe Airbnb. Nuair a éilíonn dlíthe nó treoirlínte áitiúla é, ní mór do gach Óstach agus gach aoi masc nó clúdach aghaidhe a chaitheamh agus iad ag caidreamh go pearsanta agus 2 mhéadar (6 troithe) a choinneáil óna chéile. Agus, ar ndóigh, molaimid gan óstáil ná taisteal má nochtadh thú do COVID-19 nó má tá siomptóim COVID-19 ort. Athbhreithnigh ár riachtanais maidir le sláinte agus sábháilteachta le linn tréimhsí fanachta. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hÓstach má tá ceisteanna faoi leith agat faoina c(h)leachtais sláinte agus sábháilteachta in aip Airbnb.
Cad iad na polasaithe COVID-19 a cruthaíodh le haghaidh Eispéiris Airbnb?
Tá Eispéiris Airbnb ar oscailt arís i dtíortha ina gceadaíonn rialacha ábhartha rialtais iad. Táthar ag súil go leanfaidh aíonna agus Óstaigh cleachtais sábháilteachta ar leith le linn Eispéireas ar an láthair; ina measc sin scaradh sóisialta agus caitheamh maisc nuair a éilíonn dlíthe nó treoirlínte áitiúla sin. Agus, ar ndóigh, fan sa bhaile má nochtadh thú do COVID-19 nó má tá tú tinn. Faigh tuilleadh eolais faoinár dtreoirlínte sláinte agus sábháilteachta maidir le hEispéiris. Más fearr leat an tEispéireas a dhéanamh le do ghrúpa amháin, is féidir leat áirithint phríobháideach a dhéanamh. Má bhíonn tú míchompordach ag teacht le chéile i ngrúpaí nó mura bhfuil eispéiris ar an láthair ar oscailt arís i do mhargadh fós, fiosraigh ár nEispéiris ar Líne.
Conas is féidir liom áirithint atá ann cheana a athrú nó a chur ar ceal?
Más gá duit d’áirithint a athrú nó a chur ar ceal, tabhair cuairt ar an rannóg 'Turais' i láithreán gréasáin nó aip Airbnb chun tuilleadh sonraí a fháil faoi do roghanna reatha cealaithe. Chruthaíomar an acmhainn seo chun cuidiú le haíonna a mbealach a dhéanamh trí phróisis agus trí pholasaithe cealaithe. Ina theannta sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh aíonna nach féidir leo taisteal toisc go bhfuil COVID-19 orthu incháilithe chun a n-áirithint a chur ar ceal ar aisíocaíocht iomlán trí theagmháil a dhéanamh le tacaíocht do chustaiméirí. Faigh tuilleadh eolais faoinár bpolasaí um imthosca maolaitheacha.
Cén cineál roghanna áirithinte solúbtha atá ar fáil ar Airbnb?
Is iad na hÓstaigh a shocraíonn polasaithe cealaithe agus ní hionann iad ó liostú go chéile. Tá sonraí faoin bpolasaí cealaithe atá ag gach áit le fanacht le fáil ar phríomhleathanach gach liostaithe. Chuireamar scagaire cuardaigh nua leis chun go mbeidh sé níos éasca duit áiteanna a bhfuil polasaithe cealaithe solúbtha acu a aimsiú. Faigh tuilleadh eolais faoin scagaire nua.