Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Cabhair
Aoi

Faigh an polasaí cealaithe a oireann do d'fhanacht

B'fhéidir nach dteastaíonn uait ach suaimhneas intinne sula ndéanfaidh tú áirithint, nó b'fhéidir go gcaithfidh tú an áirithint a chur ar ceal anois díreach. Seo mar a aimsítear polasaí cealaithe d'fhanachta:

Sula ndéanfaidh tú áirithint

Bíonn sonraí cealaithe le fáil ar leathanach an liostaithe, agus le linn duit an áirithint a dhéanamh—sula n-íocfaidh tú.

I ndiaidh duit áirithint a dhéanamh

Bíonn do roghanna polasaithe agus cealaithe le fáil i gcónaí in Turais. Cliceáil nó tapáil Taispeáin sonraí an turais agus gheobhaidh tú do Pholasaí cealaithe. Tá na hamanna agus na dátaí a thaispeánaimid maidir le polasaithe cealaithe bunaithe ar chrios ama áitiúil an liostaithe. Tomhaistear na spriocdhátaí cealaithe chun aisíocaíochtaí a fháil ón am don tseiceáil isteach ag an liostú ina chrios ama áitiúil, nó 3:00 p.m. mura sonraítear am don tseiceáil isteach.

Más mian leat a fháil amach cén aisíocaíocht a gheobhaidh tú, tosaigh ag cur d'áirithint ar ceal agus taispeánfaimid miondealú mionsonraithe duit. Ag brath ar fhad d'fhanachta, ar an uair a chuireann tú an áirithint ar ceal, agus ar an bpolasaí cealaithe a bhaineann le d'áirithint, d'fhéadfá aisíocaíocht pháirteach a fháil má chuireann tú an áirithint ar ceal tar éis duit seiceáil isteach - tuilleadh eolais faoi pholasaithe cealaithe éagsúla.

Tuilleadh eolais faoi conas a oibríonn aisíocaíochtaí maidir le cealuithe. Ná déan dearmad nach mbeidh an méid a aisíocfar leat níos mó choíche ná an méid a bheidh íoctha agat tráth an chealaithe—tuilleadh eolais faoi mhéideanna na haisíocaíochta.

Imthosca maolaitheacha

Ar chuir éigeandáil nó tubaiste nádúrtha isteach ar d'áirithint? Seans go bhfuil tú i dteideal aisíocaíochta mar gheall ar imthosca maolaitheacha. Más gá duit d'áirthint a chur ar ceal mar gheall ar phaindéim COVID-19, faigh tuilleadh eolais faoi na roghanna atá agat.

Polasaithe cealaithe d'Óstaigh

Más Óstach thú nó más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi na polasaithe cealaithe atá ar fáil, féach ar pholasaithe cealaithe do do liostú.

Fadhbanna le linn do thurais

Má thagann tú ar fhadhbanna nuair a shroicheann tú do liostú nach féidir leis an óstach a réiteach go tapa, b'fhéidir go bhfuil tú faoi chosaint faoinár bPolasaí um Atháirithint agus um Aisíoc.

Ar chuidigh an mhír seo?

Míreanna gaolmhara

Faigh cabhair le d'áirithintí, do chuntas, agus rudaí eile.
Logáil isteach nó cláraigh