Níl an t-ábhar seo ar fáil i do theanga roghnaithe, mar sin chuireamar ar fáil é sa teanga is cosúla léi atá ar fáil.

An dóigh a dtuilleann Brenda, óstach Airbnb, ioncam scoir

Lig an óstáil do phinsinéir amháin teach a muintire a choinneáil agus í féin a chothú.
Le Airbnb ar an 1 Samh 2018
Léamh 4 nóiméad
Nuashonraithe ar an 7 Ean 2022

Cuireann óstach Airbnb, Brenda, fáilte chroíúil roimh aíonna ag a teach tánaisteach i gcomharsanacht Gentilly in New Orleans. Rugadh agus tógadh Brenda in New Orleans agus is údar bróid di a teach agus a cathair a chur i láthair taistealaithe as ceithre hairde an domhain. “Tá mé i mo chónaí anseo i rith mo shaoil go léir agus mé anois 66 bliain d'aois, agus is liom an réadmhaoin seo le 32 bliain,” ar sise. “Théinn chuig scoileanna poiblí in New Orleans, agus is breá liom mo chathair a thaispeáint do dhaoine.” Nuair a chuaigh Brenda in aontíos lena dara fear céile, ní raibh sí ag iarraidh go gcaithfeadh sí an teach inar thóg sí a clann a dhíol. Leis an óstáil tá sí ábalta an teach a choinneáil agus í féin a chothú i ndiaidh di dul ar scor.

Fuair Brenda amach faoi Airbnb nuair a bhí sí ag cuidiú lena hiníon aistriú chun na Spáinne. “D’fhanamar i dteach na mná seo, agus bhí sí an-lách linn. Chuidigh sí le m’iníon fiú bogadh isteach ina háras cónaithe. B'iontach go deo an t-eispéireas é, agus shíl mé 'd'fhéadfainn féin é sin a dhéanamh do dhuine éigin.'” Agus anois is amhlaidh a dhéanann sí. Nuair a thagann aíonna ar cuairt, tugann Brenda pacáiste fáilte dóibh ina bhfuil scroideanna agus moltaí. Cinntíonn sí freisin go bhfuil fios a dtrialla acu agus an t-eolas chun taitneamh a bhaint as an gcathair ar fad. “Déanaim m'óráidín ‘Miss Brenda’ leo. Dúirt duine de mo chuid aíonna go raibh sé mar a bheadh sé ag fanacht ag an aintín is fearr leis.”

Is breá le Brenda a cuid eolais ar láithreacha áitiúla a roinnt le haíonna agus cuireann sí chuig áiteanna iad nach cuid de ghnátheispéireas New Orleans iad. “Molaim i gcónaí go rachadh daoine chuig Aerfort Lakefront mar a dtagann eitleáin phríobháideacha isteach. Tá bialann bheag ann atá an-ghleoite ar a dtugtar Messina's—tá na pancóga is fearr ar domhan acu. Má ordaíonn tú dhá cheann, beidh an iomarca agat nó tá méid pláta iontu,” arsa Brenda agus í ag gáire. “Agus ansin molaim Sassafras, mar a bhfuil an gumbó is barántúla in New Orleans le fáil. Déanann siad fíorghumbó gach lá ó bhonn.”

Feiceann Brenda go dtacaíonn a cuid aíonna le gnóthais áitiúla leis an airgead a spárálann siad ag fanacht ina Airbnb dóibh. “Na daoine a fhanann liomsa, b’fhéidir nach bhfuil $600 acu chun fanacht trí lá in óstán i gcroílár na cathrach, ach an méid atá acu, tabharfaidh siad leo é agus caithfidh siad é go léir in New Orleans. Mar sin tá [aíonna] ag caitheamh a gcuid airgid sna siopaí, agus tá siad ag cur lenár ngeilleagar.”

Is bealach í an óstáil do Bhrenda chun a teach a choinneáil agus chun greim a choinneáil faoin bhfiacail. I ndiaidh gortú a chuir cor ina saol, b’éigean do Bhrenda éirí as a gairm bheatha go luath. “Rinneadh obráid ar mo mhuineál, agus ní raibh mé in inmhe obair a dhéanamh a thuilleadh.” Ó tharla Hairicín Katrina, tá breis is a dhá oiread i dtáillí a hárachais agus ina cánacha réadmhaoine. “Agus billí uisce, billí leictreachais, íocaíochtaí árachais agus cánacha réadmhaoine chomh hard agus atá, cad é a bheadh fágtha agat? Do chairde agus do mhuintir, sin a bhfuil fágtha agat.”

B'fhoinse ríthábhachtach ioncaim í an óstáil chun na costais mhóra seo a íoc. “[Is í an óstáil] an t-aon fhoinse ioncaim atá agam, sin agus Slándáil Shóisialta.” Tá imní ar Bhrenda gurbh fhéidir go gcinnfeadh an chathair é sin a thógáil uaithi. Dá gcuirfeadh an chathair cosc buan ar cheadanna do thithe iomlána ar chíos gearrthéarmach i gceantair chónaithe, “ba mhór an trua é, agus mise a bheadh thíos leis. Ina theannta sin, is mó an chúis imní dom an chaoi a dtabharfadh an chathair isteach an t-ioncam sin, an t-ioncam a fhaigheann sí ó lóistíní ar chíos gearrthéarmach. Chuirfeadh sé isteach go mór ar m’ioncam. Tá mé cloíte cráite ag an bhfrustrachas.”

I ndeireadh na dála, tá súil ag Brenda go ndéanfaidh an chathair cinneadh céillí agus go gceadófar dá leithéidí féin ag a bhfuil cead sealadach do lóistín ar chíos gearrthéarmach, nó teach tánaisteach, leanúint ar aghaidh ag óstáil a dteach iomlán mar liostú. “Tá súil agam go mbeidh breith acu i bhfabhar úinéirí aonair tí, daoine atá ina gcónaí riamh anseo, mo dhála féin." Agus rialacháin chothroma chéillí ann faoi lóistíní ar chíos gearrthéarmach, is féidir le Brenda leanúint ar aghaidh ag tuilleamh ioncam fónta chun greim a choinneáil faoin bhfiacail agus leanúint de bheith ina hambasadóir den scoth dá cathair álainn.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
1 Samh 2018
Ar chabhraigh sé seo leat?