Déan athbhreithniú ar do phraghas
Socraíonn tú do bhunphraghas tosaigh in Airbnb Tús Maith. D'fhéadfadh praghas níos ísle cabhrú leat do chéad aíonna agus do chéad léirmheasanna a mhealladh agus tú ag obair i dtreo do spriocanna tuillimh. Déan athbhreithniú rialta ar do phraghas chun bheith iomaíoch i gcónaí.
Éileamh áitiúil a thuiscint
Má ghearrann tú praghas níos airde ar d'áit ná na háiteanna den chineál céanna in aice láimhe, seans go gcaillfidh tú áirithintí. Is féidir le huirlisí praghsála Airbnb cabhrú leat freagairt d'athruithe ar an éileamh. Ina measc sin tá:
- Leideanna faoi phraghsanna in aghaidh na hoíche. Cuidíonn moltaí pearsantaithe leat praghas a chur ar laethanta éagsúla, ar shéasúir éagsúla agus ar imeachtaí speisialta. Úsáideann na leideanna sin tosca amhail suíomh agus saoráidí do liostaithe, na háirithintí a fuair tú roimhe seo agus na praghsanna is déanaí i do cheantar. Tapáil an slat draíochta os cionn d'fhéilire chun iad a thaispeáint nó a cheilt.
- Liostuithe den chineál céanna. Leis an uirlis seo is féidir leat comparáid a dhéanamh idir meánphraghsanna na dtithe atá curtha in áirithe agus nach bhfuil curtha in áirithe ar léarscáil de do cheantar. Tapáil dáta ar d'fhéilire nó oscail an bunphraghas i do shocruithe praghsanna chun liostuithe den chineál céanna a fheiceáil.
- Praghsáil Chliste. Úsáideann an uirlis seo na tosca céanna le leideanna faoi phraghsanna chun do phraghas a nuashonrú go huathoibríoch de réir éilimh. Socraíonn tusa do raon praghsanna, agus is féidir leat do shocruithe praghsanna a oscailt chun é a chasadh air agus as ar aon dáta. Má úsáideann tú Praghsáil Chliste, ní fheicfidh tú leideanna faoi phraghsanna.
“Nuair a thuigim an méid atá ag tarlú i mo cheantar, bíonn níos mó muiníne agam as mo phraghas,” arsa Felicity, ball de Bhord Comhairleach na nÓstach agus Sáróstach in New South Wales na hAstráile. “Bíonn a fhios agam má tá an praghas is fearr agam gur ceart dom an fód a sheasamh, nó mura bhfuil gur cheart dom mo phraghas a ísliú."
Tús áite a thabhairt do luach ar airgead
Lorgaíonn aíonna áiteanna fanachta a chuireann caighdeán eisceachtúil ar fáil ar phraghas maith. Agus tú ag athbhreithniú do phraghais, cuimhnigh ar an méid seo a leanas:
- An praghas iomlán a íocfaidh aíonna. Má thuigeann tú an méid a íocfaidh na haíonna, is féidir leat praghas iomaíoch a shocrú. Roghnaigh dátaí ar bith ar d'fhéilire chun miondealú ar an bpraghas a fháil, táillí seirbhíse Airbnb san áireamh. Cuimhnigh go mbíonn tionchar ar an bpraghas iomlán ag táillí a ghearrann tú, amhail táille ghlantacháin.
- Léirmheasanna ó aíonna. Bain úsáid as aiseolas ó aíonna chun a fháil amach an méid atá ag obair agus an méid is féidir leat a fheabhsú. Tar éis duit roinnt léirmheasanna iontacha a fháil, b'fhéidir nár mhiste duit féachaint arís ar do phraghas.
- An méid a chuireann d'áit ar fáil. Is féidir le nuashonruithe, amhail saoráidí a bhfuil tóir orthu agus gnéithe inrochtaineachta a chur isteach, cabhrú leat níos mó aíonna a mhealladh.
“Is bealach iontach iad an dearadh agus na saoráidí chun do phraghsáil agus d'áirithintí a threisiú,” arsa Katie Kay, ball de Bhord Comhairleach na nÓstach agus Sáróstach in Lake Arrowhead, California.
Lascainí a chur leis
D'fheadfadh promóisin agus lascainí rangú do liostaithe a fheabhsú i gcuardaigh agus aíonna a mhealladh. I measc na roghanna tá:
- Promóisean liostaithe nua. Tairg lascaine 20% ar do chéad 3 áirithint chun cabhrú leat na chéad aíonna agus na chéad léirmheasanna a fháil.
- Lascaine luatháirithinte. Laghdaigh do phraghas ar áirithintí a dhéantar idir mí amháin agus 24 mhí roimh ré chun aíonna a bhíonn ag pleanáil chun tosaigh a mhealladh.
- Lascaine ag an nóiméad deiridh. Laghdaigh do phraghas ar áirithintí a dhéantar uair ar bith idir lá amháin agus 28 lá roimh an tseiceáil isteach chun bearnaí i d'fhéilire a líonadh.
- Lascainí seachtainiúla agus míosúla. Tairg lascainí ar thréimhsí fanachta níos faide chun cabhrú leat d'fhéilire a líonadh níos luaithe agus líon na n‑idirthréimhsí a laghdú.
“Faighim tréimhsí fanachta níos faide trí lascainí seachtainiúla agus míosúla a thairiscint,” arsa Daniel, Sáróstach sna hOileáin Chanáracha, an Spáinn. “De ghnáth, déanann aíonna áirithint ar feadh seachtaine, agus is bua beag é sin”.
Feiceann aíonna aibhsiú speisialta sna torthaí cuardaigh agus ar leathanach do liostaithe don phromóisean liostaithe nua agus do lascainí seachtainiúla agus míosúla 10% nó níos mó.
Is tusa a rialaíonn do phraghsáil agus do shocruithe eile i gcónaí. D'fhéadfadh do thorthaíse a bheith éagsúil.
Íocadh óstaigh as a rannpháirtíocht sna hagallaimh.
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.