Cuir treoirleabhar le chéile chun do chuid leideanna áitiúla a roinnt
Buaicphointí
- Cruthaigh treoirleabhar digiteach chun moltaí pearsanta do do cheantar a roinnt
Féadfaidh tú do threoirleabhar a sheoladh chuig aíonna tar éis duit áirithint a dhéanamh ionas gur féidir leo pleanáil chun tosaigh
Faigh tuilleadh eolais inár dtreoir iomlán maidir le liostú rathúil a chur ar bun
Tugann a lán Óstach moltaí áitiúla dá n-aíonna, ar nós cá háit le caife a fháil nó sult a bhaint as dinnéar speisialta. In ionad leideanna a scríobh síos do gach aoi, duine ar dhuine, má chruthaíonn tú treoirleabhar digiteach ar Airbnb, d'fhéadfadh sé cabhrú leat am a shábháil trí do mholtaí a chomhdhlúthú in aon áit amháin.
Is féidir le haíonna rochtain a fháil ar do threoirleabhar ina dtáb Turais agus ó do liostú, nó is féidir leat é a sheoladh chucu go díreach i dteachtaireacht trínár n-uirlis Roinn Moltaí. Seo conas lántairbhe a bhaint as do threoirleabhar ionas gur féidir leat do thimpeallacht áitiúil a thaispeáint agus eispéireas barántúil uathúil a thabhairt d’aíonna.
Cad is treoirleabhar ann?
Tugtar deis duit le do threoirleabhar chun eolas coimeádta a thabhairt d’aíonna lena dtarraingítear aird ar d’fháilteachas agus ar an méid a chuirtear ar fáil sa phobal áitiúil. Is féidir leat treoirleabhar pearsantaithe a chruthú ar Airbnb ionas go mbeidh sé ag aíonna ar a ndeis.
Is fútsa atá na moltaí a chuireann tú ar fáil. Mar sin, smaoinigh ar na cineálacha moltaí a theastódh uaitse mar thaistealaí. Is minic gur mór ag aíonna moltaí faoi bhia, fámaireacht, siopaí uathúla agus eispéiris spéisiúla lasmuigh.5 leid maidir le treoirleabhar iontach a chruthú
1. Coinnigh gairid é. Bíodh gach moladh gearr agat chun gur fusa d’aíonna spléachadh a thabhairt ar do mholtaí. Cuidigh le haíonna tuiscint a fháil ar a bhfuil i gceist leis an áit nó leis an eispéireas agus an fáth ar chóir dóibh triail a bhaint as.
2. Déan pearsanta é. Is ó eolas agus taithí phearsanta a thagann moltaí láidre. Is fearr gan ach áiteanna ar bhain tú sult astu go pearsanta a mholadh.
3. Luaigh gnéithe speisialta. Bí cinnte agus luaigh gnéithe uathúla nó suntasacha, amhail paitió álainn bialainne lasmuigh, nó cuid speisialta d’earraí áitiúla i siopa san áireamh.
4.Cuir grianghraf leis. Chun do threoirleabhar a dhéanamh níos tarraingtí, uaslódáil grianghraf a ghlac tú féin chuig gach áit dá bhfuil tú a mholadh, más féidir.
5. Coinnigh cothrom le dáta é. Bí cinnte agus athbhreithnigh do threoirleabhar ó am go chéile lena chinntiú go mbeidh an t-eolas cruinn i gcónaí agus chun moltaí nua a chur leis.
Faigh tuilleadh eolais maidir leis an tslí chun treoirleabhar saincheaptha a chruthú
An bhfuil níos mó ná liostú amháin agat?
Bíonn treoirleabhair nasctha le do chuntas Óstaigh, ní leis an liostú aonair (rud a chuideoidh le hóstaigh a bhfuil seomraí nó tithe iomadúla á roinnt acu). “Is féidir liom treoirleabhar amháin a chruthú don cheantar anois a oirfidh do gach ceann de na trí liostú atá agam,” a deir Ann, Sáróstach in Sedgwick, Maine.
An chaoi a bhfuil teacht ag aíonna ar do threoirleabhar
Is féidir le haíonna rochtain a fháil ar do threoirleabhar ó leathanaigh do liostaithe agus do phróifíle, chomh maith le dul chuig a dtáb Turais, áit ina bhfeicfear é go huathoibríoch nuair a dheimhneofar an áirithint.
B’fhéidir gur mian leat do threoirleabhar a roinnt agus tú ag cur teachtaireachtaí chuig aíonna agus ag fáil teachtaireachtaí uathu. Is féidir leat é seo a dhéanamh go héasca trí leas a bhaint as an deilbhín Roinn Moltaí i do bhosca isteach Óstaigh. Leis an uirlis seo is féidir leat meascán coimeádta áitiúil d'Eispéiris Airbnb a mholadh freisin.
Tá a fhios againn go ndéanann tú do sheacht míle dícheall tréimhsí fanachta speisialta a chruthú—agus tá súil againn go gcuideoidh an treoirleabhar digiteach leat aíonna a cheangal le gníomhaíochtaí áitiúla iontacha.
Buaicphointí
- Cruthaigh treoirleabhar digiteach chun moltaí pearsanta do do cheantar a roinnt
Féadfaidh tú do threoirleabhar a sheoladh chuig aíonna tar éis duit áirithint a dhéanamh ionas gur féidir leo pleanáil chun tosaigh
Faigh tuilleadh eolais inár dtreoir iomlán maidir le liostú rathúil a chur ar bun