Rialacha tí cabhracha a shocrú

Cuidigh le do theach a chosaint agus eispéireas níos fearr a chruthú d'aíonna.
Le Airbnb ar an 1 Noll 2020
Léamh 2 nóiméad
Nuashonraithe ar an 9 Márta 2023

Le do rialacha tí, socraítear ionchais d'aíonna agus tugtar spléachadh dóibh ar do stíl óstála. Cuidíonn na rialacha le haíonna a mheas an bhfuil do spás oiriúnach dóibh sula gcuirfidh siad in áirithe é.

Do ghnáthrialacha tí a roghnú

Tá a rogha ag Óstaigh as sraith rialacha caighdeánacha tí a bhaineann leis na réimsí seo:

  • Peataí
  • Ócáidí
  • Caitheamh tobac, vápáil agus toitíní leictreonacha
  • Uaireanta ciúnais
  • Amanna don tseiceáil isteach agus don tseiceáil amach
  • Líon uasta na n-aíonna
  • Grianghrafadóireacht agus scannánaíocht tráchtála

Tá do rialacha tí le feiceáil go soiléir i gceithre áit: ar leathanach do liostaithe, ar an scáileán nuair a chuirfidh aíonna do spás in áirithe, sa ríomhphost 'Pacáil do Mhálaí' d'aíonna, agus sa Treoir Theachta a gheobhaidh aíonna roimh an turas.

An tslí a gcuidíonn rialacha tí le tú féin a chosaint

Le príomhrialacha d'aíonna, is féidir aon riail a roghnóidh tú ón liosta gnáthrialacha tí a chur i bhfeidhm. Má sháraíonn aoi riail tí, is é an chéad rud ba chóir duit a dhéanamh cumarsáid a dhéanamh leis an aoi agus iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach eadraibh féin. Mura féidir libh teacht ar réiteach, déan teagmháil le Tacaíocht Phobail chun cúnamh a fháil.

Rialacha breise a scríobh

Má tá riachtanais speisialta agat nach bhfuil san áireamh sa tacar rialacha caighdeánacha tí, is féidir leat iad a scríobh faoi rialacha breise. Is den chríonnacht é gan an iomarca rialacha a chur os comhair na n-aíonna, ach is féidir leat rudaí tábhachtacha maidir le nósanna áitiúla nó sláinte agus sábháilteacht a chur leis. Cúpla sampla ó Óstaigh:

  • “Níl aon chosán againn. Tá láib againn. Mar sin de, iarraimid ar aíonna na bróga a bhaint toisc go bhfuil cairpéad ar fud an tí,” arsa Juliette, ball de Bhord Comhairleach na nÓstach in Nairobi, an Chéinia.
  • “Dún agus cuir glas ar gach fuinneog agus gach doras nuair a fhágfaidh tú an svuít,” arsa Dave agus Deb, Óstaigh in Edmonton, Ceanada.
  • “Ná coinnigh aon bhia sa seomra leapa,” arsa Momi, Óstach in Honolulu.

Caithfidh na rialacha breise go léir a bheith ag teacht le polasaithe agus téarmaí Airbnb, ár dtéarmaí seirbhíse agus ár bpolasaí neamhleithcheala.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
1 Noll 2020
Ar chabhraigh sé seo leat?