Leideanna chun cealuithe inchoiscthe a sheachaint

Nuashonraigh d'fhéilire go minic, socraigh praghas a oireann duit, agus go leor eile.
Le Airbnb ar an 4 Beal 2021
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 16 Feabh 2023

Buaicphointí

  • Faigh leideanna chun d'fhéilire a bhainistiú agus a nuashonrú

  • Socraigh praghas agus ráta in aghaidh na hoíche a oireann duitse

  • Cuir aithne ar d'aíonna

I ndiaidh d'aoi turas a chur in áirithe, ní bhíonn ar a (h)intinn ach sult a bhaint as an ngaineamh te nó iniúchadh a dhéanamh ar chathair nua agus, mar sin, is mór an buille é cealú. Laghdaíonn cealuithe an mhuinín idir Óstaigh agus aíonna, agus d'fhéadfadh táillí agus iarmhairtí a bheith mar thoradh orthu freisin.

Déanann Óstaigh an-jab ag seasamh le háirithintí agus ag déanamh a seacht ndícheall chun tacú le haíonna gach lá. Seo roinnt leideanna chun cabhrú leat cealuithe inseachanta a sheachaint.

D’fhéilire a choinneáil cothrom le dáta

Molann Omar, Sáróstach i gCathair Mheicsiceo, treochtaí taistil a leanúint agus pleanáil chun tosaigh. “Bíodh tuiscint agat ar an tséasúracht taistil go háitiúil—buaic an tséasúir, an t-ardséasúr agus an séasúr ciúin—chun d'infhaighteacht féilire a phleánáil roimh ré le haghaidh tréimhsí fanachta gearrthéarmacha, meántéarmacha nó fadtéarmacha,” ar seisean.

  • Cuir bac ar dhátaí ar leith nuair atá a fhios agat nach mbeidh tú in ann a bheith ag óstáil.
  • Déan cinneadh maidir leis an méid réamhfhógra a theastaíonn uait ó aíonna.
  • Pleanáil d'fhéilire suas le dhá bhliain roimh ré.
  • Seiceáil d'fhéilire go rialta agus coigeartaigh é de réir mar is gá.
Bíodh tuiscint agat ar an tséasúracht taistil i do cheantar d’fhonn d’infhaighteacht féilire a phleanáil roimh ré.
Superhost Omar

An féilire ceart agus na socruithe cearta áirithinte a roghnú

Is bealach maith é Áirithint ar an bPointe chun go leor ama agus fuinnimh a shábháil, fad is a dhéanann tú d'fhéilire agus do shocruithe a nuashonrú go minic.

  • Smaoinigh ar d'fhéilire Airbnb a shioncronú le do phríomhfhéilire (amhail iCal nó Google).
  • Coinnigh d'fhéilire cothrom le dáta chun Áirithint ar an bPointe a úsáid ar an mbealach is fearr.
  • Mura ndéanann tú d'fhéilire a nuashonrú, b'fhéidir go bhfaighfeá áirithint dhúbailte nó áirithint ar dháta nach féidir leat a óstáil, agus d'fhéadfadh táille chealaithe a bheith mar thoradh air sin.
Is féidir leat do shocruithe áirithinte a chur in oiriúint duit féin ach íosfhad agus uasfhad fanachta a shocrú, chomh maith leis an méidréamhfhógra a theastaíonn uait, agus an méid ama a theastaíonn uait le hullmhú d'aíonna.

Praghas a oireann duitse a shocrú

Agus straitéis phraghsála á cruthú agat ní mór cothromaíocht a aimsiú idir daoine a mhealladh agus a bheith sásta leis an méid atá tú a thuilleamh.

  • Socraigh praghas saincheaptha le haghaidh oícheanta, seachtainí nó míonna ar leith.
  • Déan taighde ar an ráta in aghaidh na hoíche atá ag liostuithe cosúil le do cheannsa i do cheantar.
  • Chun an tuairimíocht a sheachaint, cas air Praghsáil Chliste.

Aithne a chur ar aíonna ionchasacha

cumarsáid leanúnach le haíonna ríthábhachtach, agus fágann ár n-uirlisí teachtaireachta go bhfuil sé éasca coinneáil cothrom le dáta.

  • Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi aoi ionchasach, léigh a chuid nó a cuid léirmheasanna.
  • Is féidir leat na freagraí tapa céanna a sheoladh chuig gach aoi ionchasach chun teagmháil a dhéanamh agus tuilleadh eolais a fháil.
  • Oscail an doras don ionchuimsitheacht trí cheist shimplí a chur ar d'aíonna, Cad é a theastaíonn uait chun a bheith ar do chompord i mo spás? 
  • Tabhair réamhcheaduithe agus spreagadh d'aíonna a dhéanann teagmháil leat sula ndéanfaidh siad áirithint. Fuaireamar amach go mbíonn aíonna i dteagmháil le hÓstaigh sula ndéanann siad áirithint uaireanta lena fháil amach an nglacfar leo agus an gcuirfear fáilte rompu.

Thar aon rud eile, cuimhnigh ar ár bpolasaí neamhleithcheala. Trí óstáil a dhéanamh ar Airbnb, aontaíonn tú go gcaithfidh tú le gach aoi le meon cuimsithe agus le meas.

Faigh tuilleadh eolais faoi chealuithe Óstaigh

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Buaicphointí

  • Faigh leideanna chun d'fhéilire a bhainistiú agus a nuashonrú

  • Socraigh praghas agus ráta in aghaidh na hoíche a oireann duitse

  • Cuir aithne ar d'aíonna

Airbnb
4 Beal 2021
Ar chabhraigh sé seo leat?