An fáth a bhfuil sé an-tábhachtach freagra tapa a thabhairt ar aíonna

Nuair a úsáidtear uirlisí Airbnb is féidir leis sin cabhrú leat freagra a thabhairt go héasca.
Le Airbnb ar an 4 Beal 2021
Léamh 2 nóiméad
Nuashonraithe ar an 9 Márta 2023

Freagraíonn na hÓstaigh is rathúla teachtaireachtaí aíonna a luaithe a fhaigheann siad iad. Déanta na fírinne, má bhíonn ráta freagartha maith agat d'fhéadfadh sé cabhrú le do liostú a bheith le feiceáil in áit níos airde i gcuardaigh aíonna.

Tá freagra tapa tábhachtach go háirithe sula ndéantar áirithint, nuair a d'fhéadfadh sé go mbeadh tuilleadh eolais ag teastáil ó aíonna chun áirithint a dhéanamh, agus maidir leis an tseiceáil isteach agus an tseiceáil amach, nuair a d'fhéadfadh sé go mbeadh freagra tapa ag teastáil ó aíonna ar cheisteanna. D'iarramar ar Óstaigh a choinníonn ráta freagartha atá ar nós na gaoithe a gcuid leideanna a roinnt.

Bheith níos freagraí

“Seiceáil faoi dhó go bhfuil d'aip Airbnb, SMS, agus foláirimh fógra ríomhphoist gníomhach i gcónaí, ionas go mbeidh siad le feiceáil ar d'fhón póca nuair a gheobhaidh tú teachtaireacht nua,” arsa Omar, Sáróstach i gCathair Mheicsiceo.

Bain triail as uirlisí Airbnb chun do chuid freagraí a uathoibriú. Is maith le Kath, Óstach in Albany, an Astráil, freagraí gasta a úsáid. “Sábhálann siad a lán ama dom agus fágann sé nach mbíonn orm an rud céanna a scríobh arís agus arís eile,” ar sise.

Bíonnteachtaireachtaí sceidealaithe áisiúil freisin, go háirithe le haghaidh seiceáil isteach agus seiceáil amach. Seolann Keshav, ball de Bhord Comhairleach na nÓstach i nDeilí Nua, an India, teachtaireacht sceidealaithe 24 uair an chloig roimh gach seiceáil isteach, teachtaireacht ina mbíonn treoracha chun an áit a bhaint amach agus eolas teachta eile.

“Mura bhfeicim an t-aoi nuair a bheidh sé in am don tseiceáil isteach, seolfaidh mé teachtaireacht eile chuige nó chuici le, ‘Haigh, an bhfuil an t-eolas ar fad agat? Seo agat arís é, ar eagla go bhfuil tú ag iarraidh an suíomh a aimsiú.' a fhiafraí de nó di,” a deir Keshav.

Conas a ríomhtar an ráta freagartha

Is é do ráta freagartha an céatadán de theachtaireachtaí nua ó aíonna a d’fhreagair tú laistigh de 24 uair an chloig le 30 lá anuas.

  • Clúdaítear leis seo freagra a thabhairt ar fhiosrú nua ó aoi, agus glacadh le hiarratas ar áirithint, é a réamhcheadú nó é a dhiúltú.

  • Má thógann sé níos mó ná 24 uair an chloig ort freagra a thabhairt tiocfaidh laghdú ar do ráta freagartha foriomlán agus tiocfaidh méadú ar do mheán-am freagartha.

Cuid lárnach den óstáil is ea a bheith ceangailte le do chuntas Airbnb i gcónaí agus freagra a thabhairt ar theachtaireachtaí go gasta. Nuair a dhéantar amhlaidh feabhsaíonn sé do ráta freagartha agus cabhraíonn sé le do liostú a bheith le feiceáil in áit níos airde sna torthaí cuardaigh.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.
Airbnb
4 Beal 2021
Ar chabhraigh sé seo leat?