Uasghráduithe chun cuidiú leat do ghnó a bhainistiú agus a fhorbairt
Tá sé níos fusa ná riamh a bheith iomaíoch, praghsanna níos cliste a shocrú agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtúil leis na huasghráduithe is déanaí ar uirlisí óstála Airbnb. Táimid ag tabhairt isteach gnéithe freisin chun cabhrú le haíonna liostuithe a aimsiú a d'fhéadfaí a chailleadh murach sin agus chun ligean dóibh áirithint a dhéanamh ar $0 tráth déanta na háirithinte—gan aon chostas breise ortsa.* Feicfidh tú na huasghráduithe sin i d'aip ón lá inniu, agus beidh cinn eile ar fáil go luath an bhliain seo chugainn.
Socraigh praghsanna ar bhealach níos cliste agus pleanáil chun tosaigh
Cuidíonn na huirlisí sin leat do thuilleamh a uasmhéadú agus cealuithe ag an nóiméad deiridh a sheachaint.
Polasaithe cealaithe dinimiciúla: Socraigh polasaithe cealaithe éagsúla ar dhátaí ar leith—mar shampla laethanta saoire nó séasúir sheachbhuaice. D'fhéadfá smaoineamh ar pholasaí cealaithe níos solúbtha a thairiscint sna míonna atá níos ciúine chun aíonna a mhealladh, ach do pholasaí caighdeánach a choinneáil le linn an bhuaicshéasúir.**
Leideanna feabhsaithe faoi phraghsanna: Faigh leideanna faoi phraghsanna ar dhátaí suas le bliain roimh ré agus glac na leideanna go léir le tapáil amháin. Úsáideann leideanna faoi phraghsanna tréithe de do theach—ina measc sin a shuíomh, a chuid saoráidí agus na háirithintí roimhe seo—chomh maith leis na praghsanna is déanaí ar thithe eile i do cheantar.**
Réamhamhairc ar phraghas turais: Féach an méid a d'íocfadh aíonna agus do thuilleamh measta nuair a chuireann tú do phraghas in aghaidh na hoíche in eagar ar oíche amháin nó níos mó.
Roinn físeáin agus leideanna áitiúla
Déan teagmháil le haíonna le físteachtaireachtaí nua agus moltaí ó óstaigh.
Físteachtaireachtaí: Cuidigh le haíonna tuiscint a fháil ar d'áit le físeáin i dteachtaireachtaí. D'fhéadfá camchuairt ar an réadmhaoin a sheoladh chuig aíonna roimh an tseiceáil isteach, nó rang teagaisc ar an ngríoscán beárbaiciú a chur le do theachtaireacht fáilte.
Moltaí ó óstaigh: Seol cárta digiteach go furasta ina dtarraingtear aird ar do threoirleabhar nó ar Eispéireas nó Seirbhís Airbnb díreach i do theachtaireachtaí, i gcúpla tapáil díreach. Is féidir leat nasc chuig eispéireas nó chuig seirbhís a chur ar fáil freisin, agus feicfidh d'aíonna cárta ina bhfuil an moladh.
Coinnigh súil ar fheidhmíocht
Ón mbliain seo chugainn i leith, gheobhaidh tú graif sholéite ar do dheais tuillimh chun tuiscint níos fearr a fháil ar fheidhmíocht liostaithe.
Deais tuillimh nuashonraithe: Féach ar threochtaí tuillimh bliain ar bhliain agus déan comparáid idir feidhmíocht shéasúrach i gcluaisín úrnua. Mar shampla, féach ar do thuilleamh i mí na Samhna seo caite i gcomparáid leis an tuilleamh a bhfuiltear ag súil leis i mí na Samhna i mbliana.***
Bí eagraithe
Cuidíonn dhá uasghrádú ar an bhféilire leat coinneáil suas le do sceideal.
Nótaí ar oícheanna ar cuireadh bac orthu: Is féidir leat meabhrúcháin a chur le hoícheanta ar cuireadh bac orthu anois agus a fheiceáil d'aon amharc cén fáth ar chuir tú bac ar an am sin amach anseo.
Taispeáint airgeadra ghiorraithe: Giorrófar ar d'fhéilire aon phraghsanna in aghaidh na hoíche atá rófhada. Mar shampla, taispeánfar $35,103.42 peso na Colóime mar $35.1K.
Faigh amach faoi uasghráduithe a chabhraíonn le haíonna áirithint a dhéanamh
Tá rochtain ag aíonna anois ar níos mó bealaí chun íoc agus ar chuardaigh níos cliste.
Déan Áirithint Anois, Íoc Níos Déanaí: Tá an rogha ag aíonna fanacht incháilithe a chur in áirithe agus $0 a íoc tráth déanta na háirithinte. Níl aon tionchar aige sin ar sceideal d'eisíocaíochtaí. D'fhéadfadh óstaigh níos mó áirithintí a fháil má thairgeann siad roghanna níos solúbtha d'aíonna. Roghnaigh níos mó ná 60% d'aíonna an rogha íocaíochta sin a úsáid ag an gcuntar amach le háirithintí incháilithe.****
Cuardach níos cliste: Nuair atá aíonna ag cuardach fanachta, feiceann siad níos mó roghanna ar thithe atá díreach lasmuigh dá gcritéir chuardaigh. Mar shampla, taispeánfaimid tithe ar a bhfuil praghsanna comhchosúla nó a bhfuil saoráidí éagsúla acu, nó áiteanna fanachta i gcathracha in aice láimhe ar phraghas níos lú, rud a chabhróidh le haíonna roghanna iontacha a aimsiú a d'fhéadfaí a chailleadh murach sin.
Léarscáileanna feabhsaithe: Le léarscáileanna, feiceann aíonna sainchomharthaí, nithe is díol spéise, bialanna agus eile in aice láimhe anois. Nuair a thapálann aíonna ar shainchomharthaí tábhachtacha, feiceann said achoimre agus an t-achar taistil go teach a bhfuil siad ag féachaint air nó a chuir siad in áirithe cheana féin. Níos déanaí i mbliana, féadfaidh aíonna scoránú idir amhairc éagsúla léarscáile, ina measc sin amhairc satailíte, amhairc sráide agus amhairc iompair, bunaithe ar a rogha.
*Tá 'Déan Áirithint Anois, Íoc Níos Déanaí' ar fáil d'aíonna sna Stáit Aontaithe agus beidh sé ar fáil d'aíonna roghnaithe ar fud an domhain ón lá inniu, agus táthar ag súil le hinfhaighteacht níos forleithne go luath an bhliain seo chugainn. Níl áirithintí a íoctar i Real na Brasaíle (BRL), i Rúipí na hIndia (INR) nó i Lira na Tuirce (TRY) incháilithe.
**Cuirfear cealú dinimiciúil agus leideanna feabhsaithe faoi phraghsanna i bhfeidhm i measc líon teoranta óstach ó mhí na Samhna, agus táthar ag súil go mbeidh siad ar fáil níos forleithne go luath in 2026.
***Cuirfear an cluaisín nua 'Feidhmíocht' ar fáil d'óstaigh go luath in 2026.
****Bunaithe ar shonraí inmheánacha Airbnb idir mí Aibreáin agus mí an Mheithimh 2025 ó thástálacha ar 'Déan Áirithint Anois, Íoc Níos Déanaí' sna Stáit Aontaithe sa chéad leath den bhliain.
Taispeántar na praghsanna in USD. D'fhéadfadh eispéireas an úsáideora a bheith éagsúil ag brath ar an suíomh.
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

