Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Téarmaí dlí
Aoi

Clár Tacaíochta COVID d'aíonna

Arna fhógairt i mí Eanáir 2022, bunaíodh Clár Tacaíochta COVID Airbnb d'aíonna (an “Clár”) chun faoiseamh a sholáthar d’aíonna ar cuireadh isteach ar a n-áirithintí fanachta mar gheall ar na srianta taistil rialtais a bhaineann le COVID le déanaí, a bhfuil cur síos déanta orthu thíos.

Tá áthas ar Airbnb an Clár a mhaoiniú le $20 milliún USD, a riarfar dár lánrogha féin chun cabhrú le haíonna a bhfuil na dúshláin neamhghnácha seo le sárú acu. Tiocfaidh deireadh leis an gClár nuair a bheidh cistí uile an Chláir leithdháilte, nó ar an 30 Aibreán 2022, cibé acu is túisce.

Níl imthosca atá clúdaithe ag Polasaí um Imthosca Maolaitheacha incháilithe faoin gClár seo (lena n-áirítear i gcás go bhfuil COVID-19 ar aoi).

Áirithintí atá curtha ar ceal atá incháilithe

Caithfidh áirithintí cealaithe na critéir seo a leanas go léir a chomhlíonadh:

  • Áirithint fanachta lena raibh dáta don tseiceáil isteach ar an 1 Nollaig 2021 nó ina dhiaidh sin;
  • Áirithint a chuir an t-aoi ar ceal (a) ar an 1 Nollaig 2021 nó ina dhiaidh sin, (b) roimh an tseiceáil isteach agus laistigh de 45 lá i ndiaidh an ama don tseiceáil isteach, agus (c) ar dháta deiridh an Chláir nó roimhe sin; agus
  • Áirithint a cuireadh ar ceal de bharr srian taistil incháilithe faoi shainordú an rialtais a tháinig chun cinn i ndiaidh am na háirithinte.

Na cineálacha srianta taistil faoi shainordú an rialtais a chlúdaítear

Ní chlúdaítear ach na srianta taistil seo a leanas maidir le COVID:

  • Dúnadh teorann, foscadh ar an láthair nó ordú dianghlasála lena gcuirtear cosc ar:
    • Gach taisteal isteach neamhriachtanach chuig ceann scríbe an aoi, nó
    • Gach taisteal neamhriachtanach amach ó shuíomh tionscnaimh an aoi;
  • Riachtanas nua nó riachtanas a síneadh nach mór do gach taistealaí ón suíomh tionscnaimh dul ar coraintín nó féin-aonrú a dhéanamh nuair a shroichfidh siad an ceann scríbe.

Áirítear leis seo cásanna ina raibh riachtanas coraintín sa suíomh cinn scríbe nuair a rinneadh an áirithint, ach gur méadaíodh é nó gur cuireadh síneadh leis i ndiaidh na háirithinte agus roimh an dáta don tseiceáil isteach. Mar shampla, dá mbeadh ceanglas coraintín 7 lá sa suíomh cinn scríbe i bhfeidhm nuair a rinneadh an áirithint, ach gur síneadh é go 14 lá ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh an áirithint incháilithe.

Ní áirítear leis seo cásanna nach mbaineann riachtanas coraintín nó féin-aonraithe ach le haoi sonrach (nó le grúpa aíonna), agus ní le gach taistealaí neamhriachtanach ón suíomh tionscnaimh. Ní áirítear leis seo ach an oiread cásanna ina gceanglaítear ar aoi coraintín nó féin-aonrú a dhéanamh ag an suíomh tionscnaimh sula dtaistealaíonn siad chuig a gceann scríbe (mar shampla, toisc go meastar gur dlúth-theagmhálaí é nó í le cás COVID-19).

Tabhair faoi deara nach mbaineann an Clár ach le srianta taistil nach raibh i bhfeidhm ag an am a rinneadh an áirithint. Mar shampla, má rinne aoi a bhí ag taisteal go hIosrael áirithint i mí Dheireadh Fómhair — sular thosaigh Iosrael ag cur srianta le taisteal isteach mar gheall ar Omicron — lena bhfuil dáta don tseiceáil isteach i mí na Nollag, bheadh an áirithint incháilithe faoin gClár seo. Má bhí na srianta taistil sin i bhfeidhm cheana féin ag an am a chuir an t-aoi an fanacht in áirithe, áfach, ní bheadh sé nó sí i dteideal faoisimh faoin gClár.

Cineálacha áirithintí nach bhfuil incháilithe

Níl na háirithintí seo a leanas incháilithe le haghaidh faoisimh faoin gClár:

  • Áirithintí Airbnb Luxe
  • Áirithintí Airbnb don Obair
  • Áirithintí le haghaidh Eispéireas
  • Áirithintí ó aíonna a bhfuil cónaí orthu ar Mhórthir na Síne

Iarratas ar fhaoiseamh a dhéanamh

Má chomhlíonann áirithint na critéir incháilitheachta thuas, is féidir leis an aoi a dhéanann an áirithint dul i dteagmháil lenár bhfoireann Tacaíochta Pobail 24/7 agus beidh orthu eolas a sholáthar a léiríonn an incháilitheacht. Ní mór go bhfaighimis aon iarratas ar fhaoiseamh laistigh de 90 lá ón dáta a cuireadh an áirithint ar ceal.

Má thugaimid faoi deara aon chalaois, caimiléireacht, nó sárú eile ar ár dTéarmaí Seirbhísear ár dTéarmaí Seirbhíse Íocaíochta, coimeádann Airbnb an ceart aige féin chun iarratas a dhiúltú, faoiseamh a tharraingt siar, cuntas aoi a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, nó caingean dlí iomchuí eile a ghlacadh.

An cineál faoisimh atá ar fáil

Má tá cistí an Chláir fós ar fáil agus má chinnimid go bhfuil an áirithint incháilithe le haghaidh faoisimh, beidh an t-aoi, ag a mbeidh áirithint á déanamh, i dteideal cúpón taistil aon uaire a fháil le haghaidh 50% den chion den áirithint nár aisíocadh. Mar shampla, i gcás go gcuirfeadh aoi áirithint $500 ar ceal agus gur aisíocadh $250 leis nó léi faoi pholasaí cealaithe an Óstaigh, bheadh an t-aoi i dteideal cúpón taistil a fháil ar $125 (50% den chuid nár aisíocadh). Ní bheidh aon tionchar ar eisíocaíocht an Óstaigh maidir leis an áirithint.

Tá Airbnb ag súil le hiarratais a athbhreithniú san ord ina bhfaighimid iad. Tá gach cúpón taistil a eisítear faoin gclár seo faoi réir infhaighteacht cistí laistigh den Chlár.

Cathain a gheobhaidh tú do chúpón taistil

Má chinnimid go bhfuil áirithint incháilithe i leith faoisimh, agus go bhfuil ciste an Chláir ar fáil go fóill, ba cheart go mbeadh an cúpón taistil i gcuntas an aoi laistigh de 7-10 lá gnó. Is féidir le haíonna féachaint ar chúpóin taistil faoi Próifíl > Socruithe Cuntais > Íocaíochtaí agus eisíocaíochtaí > Creidmheasanna agus cúpóin.

Cúpóin taistil iomadúla a iarraidh

Má tá níos mó ná áirithint incháilithe amháin ag aoi, féadfaidh siad iarratas a chur isteach ar gach áirithint incháilithe. Coimeádann Airbnb an ceart aige féin chun líon na gcúpón taistil a eisítear d’aoi amháin faoin gClár a theorannú.

Téarmaí le haghaidh cúpóin taistil

Is cúpón aon uaire agus neamh-in-aisíoctha é an cúpón nach féidir é a úsáid ach le haghaidh áirithinte le haghaidh fanachta lena bhfuil dáta don tseiceáil isteach ar an 30 Nollaig 2023 nó roimhe sin. Níl sé bailí ach i gcomhair áirithint fanachta ar Airbnb. Má chuireann an t-aoi áirithint, a cuireadh in áirithe le cúpón, ar ceal, ní bheidh an cúpón bailí a thuilleadh. Níl an cúpón infhuascailte le haghaidh airgead tirim ná cártaí bronntanais ná i gcomhair ceannacháin roimhe seo, agus ní féidir é a úsáid le tairiscint, cúpón ná lascaine eile. Coimeádann Airbnb an ceart aige féin aon leigheas a fháil, lena n-áirítear an cúpón seo a chur ar neamhní, i gcásanna amhrasta calaoise, mí-úsáide, sáruithe ar ár dTearmaí Seirbhíse nó ar ár dTéarmaí Seirbhíse Íocaíochta, nó earráidí teicniúla.

Conas a oibríonn an Clár

Bhunaigh Airbnb an Clár Tacaíochta COVID-19 d'Aíonna chun cabhrú lenár bpobal aíonna le linn an bhorrtha le déanaí i gcásanna COVID-19 ar fud an domhain. Tá gach gné den Chlár faoinár lánrogha féin, lena n-áirítear incháilitheacht aíonna. Tá cinntí Airbnb faoin gClár críochnaitheach agus ceangailteach ar aíonna ach ní rachaidh siad i bhfeidhm ar chearta conarthacha nó reachtúla eile a d’fhéadfadh a bheith acu, amhail faoinár bPolasaí um Aíonna a Aisíoc, faoinár bPolasaí um Imthosca Maolaitheacha, nó polasaí cealaithe an Óstaigh maidir leis an áirithint. Ní dhéanfar aon difear d’aon cheart a d’fhéadfadh a bheith ag aoi chun caingean dlí a thionscnamh.

Féach ar an leathanach seo, le do thoil, le haghaidh na sonraí is déanaí faoin gClár, agus postálfaimid nuashonrú nuair a bheidh deireadh leis an gClár. Ní bheidh ach áirithintí a chuirfear ar ceal ar dháta deiridh an Chláir nó roimhe sin incháilithe le haghaidh faoisimh. De réir mar a leanann an phaindéim ag forbairt agus imthosca ag athrú, déanfaimid monatóireacht ar an gClár agus is féidir linn an Clár a shíneadh, a chur ar sos, a athrú nó a fhoirceannadh dár lánrogha féin.

Míreanna gaolmhara

Faigh cabhair le d'áirithintí, do chuntas, agus rudaí eile.
Logáil isteach nó cláraigh