Polasaí um Imthosca Maolaitheacha
Tabhair do d'aire: Ón 31 Bealtaine 2022 i leith, ní bheidh imthosca a bhaineann le paindéim COVID-19 clúdaithe a thuilleadh faoin bpolasaí seo. Maidir le háirithintí a rinneadh roimh an 31 Bealtaine 2022, clúdófar imthosca áirithe a bhaineann le COVID-19 fós. Tá polasaithe éagsúla i bhfeidhm maidir le háirithintí Luxe agus áirithintí intíre sa Chóiré Theas.
Dáta éifeachtach: 20 Eanáir 2021
Forléargas
Mínítear sa Pholasaí um Imthosca Maolaitheacha seo an dóigh a ndéileáiltear le cealuithe i gcás go dtiocfadh teagmhais gan choinne nach mbeadh neart agat orthu chun cinn i ndiaidh duit áirithint a dhéanamh agus go mbeadh sé dodhéanta nó mídhleathach d’áirithint a chríochnú dá mbarr. Baineann an Polasaí seo le háirithintí maidir le lóistíní agus Eispéiris araon.
Nuair a éascaítear cealú leis an bPolasaí seo, rialóidh sé agus tabharfar tosaíocht dó thar pholasaí cealaithe na háirithinte. Is féidir le haíonna a bhfuil tionchar ag teagmhas orthu agus atá clúdaithe sa Pholasaí seo a n-áirithint a chur ar ceal agus aisíocaíocht airgid, creidmheas taistil, agus/nó comaoin eile a fháil, ag brath ar na himthosca. Is féidir le hóstaigh a bhfuil tionchar ag teagmhas orthu agus atá clúdaithe sa Pholasaí seo áirithint a chur ar ceal gan aon iarmhairtí dochracha, ach, ag brath ar na himthosca, d'fhéadfaí bac a chur ar a bhféilirí le haghaidh dátaí na háirithinte a cuireadh ar ceal.
Cad iad na teagmhais a chlúdaítear
Úsáideann an Polasaí seo an téarma “Teagmhas” chun tagairt a dhéanamh do na cásanna seo a leanas a tharlaíonn i ndiaidh na háirithinte, nach rabhthas ag súil leo tráth na háirithinte, agus a chuireann cosc nó toirmeasc dlíthiúil ar an áirithint a chríochnú.
Athruithe ar riachtanais taistil an rialtais. Athruithe gan choinne ar riachtanais víosa nó pas arna bhforchur ag gníomhaireacht rialtais lena gcuirtear cosc ar thaisteal chuig an gceann scríbe. Ní áirítear leis seo doiciméid taistil a cailleadh nó atá imithe in éag nó imthosca pearsanta eile a bhaineann le húdarú aoi chun taisteal a dhéanamh.
Éigeandálaí agus eipidéimí dearbhaithe. Éigeandálaí áitiúla nó náisiúnta, eipidéimí, paindéimí agus éigeandálaí sláinte poiblí a d'fhógair rialtas. Ní áirítear leis seo galair cheantracha nó galair a bhaineann go coitianta le ceantar—mar shampla, maláire sa Téalainn nó fiabhras deinge i Haváí.
Srianta taistil an rialtais. Srianta taistil arna bhforchur ag gníomhaireacht rialtais lena gcuirtear cosc nó toirmeasc ar thaisteal chuig suíomh an Liostaithe, ar fhanacht ag suíomh an Liostaithe nó ar fhilleadh as suíomh an Liostaithe. Ní áirítear leis seo treoir thaistil neamhcheangailteach agus treoir chomhchosúil ón rialtas.
Gníomhartha míleata agus cogaíocht eile. Gníomhartha cogaidh, cogaíocht, ionradh, cogadh cathartha, sceimhlitheoireacht, pléascanna, buamáil, reibiliúin, círéibeacha, éirí amach, neamhord sibhialta, agus corraíl shibhialta.
Tubaistí nádúrtha. Tubaistí nádúrtha, foichí Dé, briseadh mórscála fóntas riachtanach, brúchtaí bolcánacha, súnámaithe, agus teagmhais aimsire neamhghnácha eile. Ní áirítear leis seo dálaí aimsire nó dálaí nádúrtha atá coitianta go leor le gur féidir iad a thuar sa suíomh sin—mar shampla, hairicíní a tharlaíonn le linn shéasúr na hairicíní in Florida.
An méid nach gclúdaítear
Gach rud eile. Ní cheadaíonn an Polasaí seo ach cealuithe maidir leis na Teagmhais a bhfuil cur síos déanta orthu thuas. Tá gach rud eile eisiata. I measc samplaí de chásanna nach gceadaítear cealuithe faoin bPolasaí seo tá: galar, tinneas nó gortú gan choinne; oibleagáidí rialtais amhail dualgas giúiré, láithreas os comhair na cúirte nó dualgais mhíleata; treoracha taistil nó treoir eile rialtais (nach bhfuil cosc nó toirmeasc taistil i gceist leo); cealú nó athsceidealú imeachta dá ndearnadh an áirithint; agus cur isteach ar iompar nach mbaineann le Teagmhas atá clúdaithe amhail dúnadh bóithre, chomh maith le cealuithe eitilte, traenach, bus agus báid farantóireachta. Má chuireann tú an áirithint ar ceal sna cásanna seo, cinnfear an méid a aisíocfar de réir an pholasaí cealaithe a bhaineann leis an áirithint.
Céard atá le déanamh anois
Má thugaimid fógra duit nó má fhoilsímid eolas lena ndeimhnítear go mbaineann an Polasaí seo le d’áirithint, lean na treoracha cealaithe a chuirimid ar fáil, le do thoil. Nuair a bheidh fógra tugtha againn duit nó nuair a bheidh eolas foilsithe againn faoin dóigh a bhfuil feidhm ag an bPolasaí seo, ba cheart go mbeadh an rogha agat an áirithint a chur ar ceal faoin bPolasaí seo trí dhul chuig do leathanach Turas agus an áirithint lena mbaineann a chur ar ceal. Má chreideann tú go mbaineann an Polasaí seo le d’áirithint, ach nár thugamar fógra duit nó nár fhoilsíomar eolas faoin Teagmhas, déan teagmháil linn, le do thoil, chun d’áirithint a chur ar ceal. I ngach cás, ba cheart duit bheith réidh le doiciméid a chur ar fáil ina dtaispeántar an dóigh a bhfuil tionchar ag an Teagmhas ort féin nó ar d’áirithint.
Má tá ceisteanna agat, déan teagmháil linn.
Rudaí eile le bheith ar an eolas fúthu
Baineann an Polasaí seo le gach áirithint lena bhfuil an dáta don tseiceáil isteach ar an dáta éifeachtach nó ina dhiaidh sin. Ní bhaineann an Polasaí seo le háirithintí Luxe, atá faoi réir Polasaí Luxe um Aíonna a Aisíoc faoi leith.
Míreanna gaolmhara
- Aoi
Turas a chur ar ceal mar gheall ar imthosca maolaitheacha
Faigh sonraí faoi riachtanais agus conas na chéad chéimeanna eile a ghlacadh. - Óstach
Polasaí Cealaithe Óstach
Toisc go bhféadfadh cealuithe cur isteach ar phleananna aíonna agus go mbíonn tionchar acu ar mhuinín phobal Airbnb, cuirtear pionóis i bhfe… - Aoi
Faigh an polasaí cealaithe a oireann do d'fhanacht
Braithfidh méid aisíocaíochta ar bith ar pholasaí cealaithe an Óstaigh agus ar an am agus an dáta ar ar chuir tú an áirithint ar ceal.