Japan Host Insurance

Cosaint do gach Óstach. Gach liostú. Gach uair.

Cad a chlúdaítear?

Japan Host Insurance may provide coverage of up to ¥300,000,000 JPY if property or a listing owned by the Host is damaged due to the guest’s stay. It may also provide coverage of up to ¥100,000,000 where the Host incurs liability or expenses in relation to property damage or bodily injury of the guest or third party.

D'fhéadfadh sé go gclúdódh Árachas d'Óstaigh na Seapáine:

  • Cásanna ina ndéantar damáiste don liostú, ar leis an Óstach é, de bharr fhanacht an aoi
  • Cásanna ina gcuirtear an tÓstach faoi dhliteanas i leith gortú coirp don aoi nó do thríú páirtí
  • Cásanna ina bhfuil an tÓstach faoi dhliteanas i leith damáiste d'airnéis an aoi nó tríú páirtí
  • Clúdach costais i gcásanna ina dtabhaíonn an tÓstach costais áirithe i ndáil le damáiste d'airnéis an aoi nó díobháil choirp don aoi nó do thríú páirtí
  • Costais chun giuirléidí a athchóiriú a bhfágadh smál orthu nó nach mór drochbholadh a bhaint astu

Ní chlúdaíonn Árachas d'Óstaigh na Seapáine an méid a leanas:

  • Airgead tirim agus urrúis an Óstaigh
  • Damáiste mar gheall ar ghníomh a rinne an tÓstach d'aon ghnó
  • Caitheamh agus cuimilt réasúnta
  • Gnáthchostais ghlantacháin
Níl clúdach árachais ar fáil ach d'Óstaigh áiteanna fanachta sa tSeapáin. Ní mór go mbeadh Óstaigh ceadúnaithe nó ceadaithe ar shlí eile chun gnó comhroinnte tí a dhéanamh de réir an dlí is infheidhme chun go mbeadh feidhm ag an gclúdach. Toilíonn Óstaigh atá ag iarraidh íocaíochtaí faoi Árachas d'Óstaigh na Seapáine comhoibriú le Airbnb agus leis an gcuideachta árachais, mar shampla doiciméid a chur ar fáil maidir leis an damáiste a éilíodh agus toiliú le cigireachtaí sna cásanna neamhchoitianta nuair is gá.Tá cineálacha áirithe réadmhaoine faoi réir cosaintí teoranta. B'fhéidir nár mhiste d'Óstaigh nithe luachmhara a dhaingniú nó a bhaint agus iad ag ligean a liostú ar cíos, agus machnamh a dhéanamh faoi árachas neamhspleách chun earraí dá leithéid a chlúdach.Tá íocaíochtaí Árachais d'Óstaigh naSeapáine faoi réir coinníollacha, srianta agus eisiamh áirithe. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar an  leathanach achoimre ar Árachas d'Óstaigh na Seapáine. Chun cóip den pholasaí árachais iomlán a iarraidh, déan teagmháil le Aon Japan Ltd. agus cuir eolas do chuntais Airbnb ar fáil.

Conas éileamh a dhéanamh

D'Óstaigh atá ag déanamh éileamh ar dhamáiste dá réadmhaoin phearsanta agus/nó dá liostú atá faoina úinéireacht:

D'Óstaigh atá ag déanamh éileamh ar dhamáiste dá réadmhaoin phearsanta agus/nó dá liostú atá faoina úinéireacht:

1. Bailigh fianaise ar dhamáiste

D’fhéadfadh grianghraif, físeáin, meastacháin agus/nó admhálacha na nithe a bheith i gceist leis seo.

2. Déan teagmháil leis an aoi tríd an Ionad Réitigh go pras

Nuair a iarrtar ort cúis réitigh a roghnú, roghnaigh: “Nithe damáistithe nó ar iarraidh”. Beidh deis ag an aoi freagairt. Mura bhfreagraíonn an t-aoi faoi cheann 72 uair an chloig, is féidir leat Airbnb a thabhairt isteach chun cabhair a fháil.

3. Faigh aisíocaíocht nó tabhair Airbnb isteach

Mura bhfuil an t-aoi sásta an méid iomlán a íoc, d'fhéadfá a bheith incháilithe i leith aisíocaíochta faoi Árachas d'Óstaigh na Seapáine. Tar éis duit teagmháil a dhéanamh le Airbnb, treoróidh speisialtóir tacaíochta tríd an bpróiseas thú.

For Hosts who incur liability or other expenses:

Ar an drochsheans go ngortófaí aoi nó tríú páirtí nó go ndéanfaí damáiste dá n-airnéis nó go ngoidfí iad, agus tú faoi dhliteanas dlíthiúil i leith na gcostas a theastaíonn chun iad a chúiteamh nó ag tabhú na gcostas sin, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Tacaíocht Phobail. I ndiaidh doiciméid tacaíochta agus faisnéis a fháil, cuirfear an cás ar aghaidh ó Airbnb chuig ár n-iompróir árachais tríú páirtí agus chuig a riarthóir éileamh tríú páirtí.
Déan teagmháil le Tacaíocht Phobail

Your questions answered