Sáróstach: Ag tabhairt aitheantais do scoth an fháilteachais
Déanann clár na Sáróstach ceiliúradh ar na hóstaigh is fearr agus is mó taithí ar Airbnb, agus tugann sé luach a saothair dóibh.
Seiceáil do dhul chun cinnSáróstach: Ag tabhairt aitheantais do scoth an fháilteachais
Déanann clár na Sáróstach ceiliúradh ar na hóstaigh is fearr agus is mó taithí ar Airbnb, agus tugann sé luach a saothair dóibh.
Seiceáil do dhul chun cinnBuntáistí do Sháróstaigh
Mar Sháróstach, beidh tú níos sofheicthe, beidh sé ar do chumas níos mó airgid a shaothrú agus gheobhaidh tú luach saothair eisiach. Seo an dóigh ar mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leat as an bhfáilteachas iontach a chuireann tú ar fáil.
Buntáistí do Sháróstaigh

Cuir fáilte roimh níos mó aíonna
Má thugann aíonna aird ar Sháróstaigh, d'fhéadfaidís níos mó áirithintí a fháil — agus níos mó airgid dá bharr sin.
Faigh aitheantas speisialta
Guests trust that Superhosts are the best of the best. Our promotional emails and Superhost badges help them stand out even more.
Faigh rochtain ar luach saothair eisiach
Saothraíonn Sáróstaigh cúpón Airbnb $100 gach bliain a gcoinníonn siad a stádas. Agus nuair a atreoraíonn siad Óstach nua chun clárú, faigheann Sáróstaigh 20% sa bhreis mar aon leis an ngnáthbhónas atreoraithe.
Conas a bheith i do Sháróstach
Gach 3 mhí, seiceálaimid an bhfuil tú ag comhlíonadh na gcritéar seo a leanas le bliain anuas.* Má tá, tuillfidh tú nó coimeádfaidh tú do stádas mar Sháróstach.
Conas a bheith i do Sháróstach
Gach 3 mhí, seiceálaimid an bhfuil tú ag comhlíonadh na gcritéar seo a leanas le bliain anuas.* Má tá, tuillfidh tú nó coimeádfaidh tú do stádas mar Sháróstach.
Rátáil fhoriomlán 4.8+
Tá meánrátáil fhoriomlán 4.8 nó níos airde ag Sáróstaigh, bunaithe ar léirmheasanna óna n-aíonna Airbnb le bliain anuas. Tá a fhios ag aíonna gur féidir leo a bheith ag súil le fáilteachas den scoth ó na hóstaigh seo.
10+ fanacht
Chríochnaigh Sáróstaigh 10 bhfanacht ar a laghad le bliain anuas nó 100 oíche le linn 3 fhanacht críochnaithe ar a laghad. Is féidir le d'aíonna a bheith muiníneach agus iad ag fanacht ag óstach seanbhunaithe.
Ráta cealaithe <1%
Cuireann Sáróstaigh níos lú ná 1% dá gcuid áirithintí ar ceal, gan imthosca maolaitheacha a bheith san áireamh. Ciallaíonn sé seo 0 cealú d’óstaigh ag a mbíonn níos lú ná 100 áirithint in aghaidh na bliana. Is suaimhneas intinne d’aíonna é nuair nach ndéantar mórán cealuithe.
Ráta freagartha 90%
Freagraíonn Sáróstaigh 90% de theachtaireachtaí nua laistigh de 24 uair an chloig. Nuair a chuireann aíonna ceisteanna ort, bíonn a fhios acu go bhfaighidh siad freagra tapa uait.
Freagraí ar do cheisteanna
Cad a tharlóidh más gá dom áirithint a chur ar ceal mar gheall ar éigeandáil?
Más gá duit áirithint a chur ar ceal mar gheall ar éigeandáil nó ar chúis dhosheachanta, seiceáil an bhfuil an chúis clúdaithe mar imthoisc mhaolaitheach. Má tá, beidh tú ábalta aon phionóis a tharscaoileadh agus ní rachaidh do chealú i gcoinne d'incháilitheachta mar Sháróstach.
Bí cinnte agus déan teagmháil le Airbnb chun éileamh a chur isteach laistigh de 14 lá i ndiaidh duit an áirithint a chur ar ceal (nó sula dtiocfaidh do chéad aoi eile). B'fhéidir go mbeidh ort doiciméid a chur isteach le go ndéanfaidh Airbnb athbhreithniú orthu.
Tuilleadh eolais faoi pholasaí Airbnb um imthosca maolaitheacha.

An gcaithfidh mé a bheith ag óstáil ar feadh bliana ar a laghad le bheith i mo Sháróstach?
Níl tréimhse íosta ar bith i gceist le bheith i do Sháróstach. Fad is go gcomhlíonann tú na critéir go léir faoin tréimhse mheasúnaithe (a bhíonn ar siúl gach 3 mhí), is féidir leat stádas mar Sháróstach a bhaint amach.
Gach uair a sheiceálaimid ar chomhlíon tú na critéir do Sháróstaigh, caithimid súil siar ar an mbliain atá díreach caite agat ag óstáil chun athbhreithniú a dhéanamh ar do chuid feidhmíochta.
Gach uair a sheiceálaimid ar chomhlíon tú na critéir do Sháróstaigh, caithimid súil siar ar an mbliain atá díreach caite agat ag óstáil chun athbhreithniú a dhéanamh ar do chuid feidhmíochta.
An gá dom iarratas a dhéanamh?
Má chomhlíonann tú riachtanais an chláir faoin dáta measúnaithe, déanfar Sáróstach díot go huathoibríoch—ní gá duit iarratas a dhéanamh.
Cuirfimid do stádas in iúl duit ag deireadh gach tréimhse mheasúnaithe. B'fhéidir go nglacfadh sé suas le seachtain go mbeidh do shuaitheantas Sáróstaigh le feiceáil ar do liostú.
Tuilleadh eolais faoi bheith i do Sháróstach.