Roghnaigh an polasaí cealaithe a oireann duitse

Faigh polasaí a oireann duitse agus do do riachtanais óstála.
Le Airbnb ar an 5 Feabh 2020
Léamh 5 nóiméad
Nuashonraithe ar an 19 Ean 2023

Buaicphointí

  • D’fhéadfadh an polasaí ceart cealaithe cuidiú leat na háirithintí a theastaíonn uait a mhealladh

  • Smaoinigh ar do chuid riachtanas, do chuid spriocanna, agus na haíonna ar mian leat iad a óstáil agus polasaí á roghnú agat

  • Is féidir leat do pholasaí a nuashonrú ag am ar bith

D'fhéadfadh sé a bheith deacair polasaí cealaithe a roghnú. Caithfear cothromaíocht a aimsiú idir cealuithe a sheachaint agus aíonna a mhealladh—agus sa lá atá inniu ann teastaíonn níos mó solúbthachta ó aíonna agus iad ag pleanáil a gcuid taistil rompu.

Ó tharla nach ionann riachtanais gach Óstaigh, tá roinnt polasaithe cealaithe éagsúla déanta againn. Is féidir leat na polasaithe caighdeánacha agus fadtéarmacha is fearr a oireann duit a roghnú.*

Polasaithe caighdeánacha

Baineann do pholasaí caighdeánach cealaithe le háirithintí níos giorra. Beidh sé i bhfeidhm ar gach áirithint a mhairfidh níos lú ná 28 n-oíche as a chéile.

  • Polasaí cealaithe solúbtha: Is féidir le haíonna áirithint a chur ar ceal suas le 24 uair an chloig roimh an tseiceáil isteach le haisíocaíocht iomlán a fháil, agus ní íocfar thusa. Má chuireann siad an áirithint ar ceal níos lú ná 24 uair an chloig roimh an tseiceáil isteach gan seiceáil isteach riamh, íocfar thú as an gcéad oíche. Má chuireann siad an áirithint ar ceal tar éis dóibh seiceáil isteach, íocfar thú as gach oíche a d'fhan siad, móide 1 oíche bhreise.
  • Polasaí cealaithe measartha: Is féidir le haíonna áirithint a chur ar ceal suas le 5 lá roimh an tseiceáil isteach le haisíocaíocht iomlán a fháil, agus ní íocfar thusa. Má chuireann siad an áirithint ar ceal ina dhiaidh sin, íocfar thú as gach oíche a d'fhan siad, móide 1 oíche bhreise agus 50% de gach oíche nár chaith siad.
  • Polasaí cealaithe teann: Chun aisíocaíocht iomlán a fháil, caithfidh na haíonna an áirithint a chur ar ceal 30 lá ar a laghad roimh an tseiceáil isteach. Is féidir leo aisíocaíocht iomlán a fháil freisin laistigh de 48 n-uair an chloig ó rinne siad an áirithint má dhéantar an cealú 14 lá ar a laghad roimh an tseiceáil isteach. Má chuireann siad an áirithint ar ceal idir 7 agus 30 lá roimh an tseiceáil isteach, íocfar 50% leat as gach oíche. Má chuireann siad an áirithint ar ceal níos lú ná 7 lá roimh an tseiceáil isteach, íocfar 100% leat as na hoícheanta ar fad.
  • Polasaí cealaithe dian: Chun aisíocaíocht iomlán a fháil, caithfidh na haíonna an áirithint a chur ar ceal laistigh de 48 n-uair an chloig ó rinne siad an áirithint agus caithfidh siad an cealú a dhéanamh 14 lá ar a laghad roimh an tseiceáil isteach. Má chuireann siad an áirithint ar ceal idir 7 agus 14 lá roimh an tseiceáil isteach, íocfar 50% leat as gach oíche. Má chuireann siad an áirithint ar ceal ina dhiaidh sin, íocfar 100% leat as na hoícheanta ar fad.

Polasaithe fadtéarmacha

Baineann do pholasaí cealaithe fadtéarmach le háirithintí a mhaireann 28 oíche as a chéile nó níos faide. Sáraíonn sé do pholasaí caighdeánach.

  • Polasaí cealaithe fadtéarmach teann: Chun aisíocaíocht iomlán a fháil, caithfidh na haíonna an áirithint a chur ar ceal 30 lá ar a laghad roimh an tseiceáil isteach. Má chuireann aoi an áirithint ar ceal ina dhiaidh sin, íocfar go hiomlán thú as gach oíche a chaithfear móide 30 oíche bhreise. Má tá níos lú ná 30 oíche fágtha ar an áirithint nuair a chuireann an t-aoi an áirithint ar ceal, íocfar an praghas iomlán leat as na hoícheanta uile atá fágtha.
  • Polasaí cealaithe fadtéarmach dian: Ní féidir le haíonna a chuireann áirithint ar ceal aisíocaíocht iomlán a fháil ach amháin má chuireann siad an áirithint ar ceal laistigh de 48 uair an chloig ó uair déanta na háirithinte agus 28 lá ar a laghad roimh an dáta don tseiceáil isteach. Má chuireann aoi an áirithint ar ceal ina dhiaidh sin, íocfar thú as gach oíche a chaithfear móide 30 oíche bhreise ó dháta an chealaithe. Má chuireann aoi áirithint ar ceal agus níos lú ná 30 lá fágtha ar an áirithint, íocfar 100% leat as na hoícheanta sin go léir atá fágtha.

Nóta: Aisíoctar táillí glantacháin i gcónaí má chuireann an t-aoi an áirithint ar ceal roimh an tseiceáil isteach, beag beann ar pholasaí cealaithe an Óstaigh. Braitheann aisíocaíochtaí ar tháillí seirbhíse Airbnb d'aíonna ar roinnt tosca. Tuilleadh eolais faoi aisíocaíochtaí ar tháillí

Is féidir leat do pholasaí a nuashonrú ag am ar bith chun a rialú cé chomh fada roimh ré is féidir le haíonna áirithint a chur ar ceal roimh an tseiceáil isteach agus aisíocaíocht a fháil.

Cén polasaí atá ceart domsa?

Braitheann sé ar an tionchar a bheadh ag cealú ort féin agus ar do ghnó óstála. Smaoinigh ar do chuid riachtanas agus spriocanna, agus ar na haíonna ab fhearr leat, agus roghnaigh an polasaí a thacaíonn leo.

Smaoinigh ar pholasaí solúbtha a roghnú i gcásanna mar seo:

  • An séasúr ciúin atá ann agus ba mhaith leat aíonna a mhealladh atá ag iarraidh beagán solúbthachta ina bpleananna taistil.
  • An t-ardséasúr atá ann, agus tá tú muiníneach go gcuirfear do spás in áirithe arís má dhéanann aoi cealú.
  • Tá do liostú i suíomh tarraingteach, agus níl aon imní ort faoi chealuithe déanacha.

Smaoinigh ar pholasaí measartha a roghnú i gcásann mar seo:

  • Is mian leat drogall ar chur ar aíonna roimh chealuithe ag an nóiméad deireanach.
  • Is mian leat tamall a bheith agat chun áirithint eile a fháil má dhéanann aoi cealú
  • Is mian leat fós aíonna a mhealladh a bhfuil níos mó comhordaithe de dhíth orthu ina gcuid pleananna, amhail taistealaithe gnó a chaithfidh áirithintí in-aisíoctha a dhéanamh

Smaoinigh ar pholasaí teann a roghnú i gcásanna mar seo:

  • Is mian leat cealuithe a sheachaint ach is féidir leat iad a láimhseáil ach go leor réamhfhógra a bheith agat.
  • Is maith leat níos mó ama a bheith agat chun áirithint eile a fháil má dhéanann aoi cealú.
  • Bíonn tóir ar do spás ó cheann ceann na bliana.

Is é an difear idir an polasaí teann agus an polasaí dian ná gur féidir le haíonna aisíocaíocht iomlán a fháil má chuireann siad áirithint ar ceal 30 lá roimh an tseiceáil isteach leis an bpolasaí teann.

Smaoinigh ar pholasaí cealaithe dian a roghnú i gcásanna mar seo:

  • Is mian leat cealuithe a sheachaint agus ní bhíonn faill agat atháirithintí a fháil nó iad a bhainistiú.
  • Óstálann tú leat féin, agus cuireann cealuithe ag an nóiméad deiridh isteach go mór ar do sceideal.
  • Bíonn an-tóir ar do spás, agus ní hé polasaí dian a chuirfidh aíonna óna chur in áirithe.

Saothraíonn roinnt Óstach tuilleadh airgid trí rogha neamh-in-aisíoctha a chur lena bpolasaí cealaithe. Leis an rogha sin is féidir le haíonna polasaí cealaithe níos déine a roghnú ar phraghas níos ísle, go hiondúil lascaine 10% ar do bhunphraghas. Má roghnaíonn siad é agus ansin cuireann siad an áirithint ar ceal, coinneoidh tú d'eisíocaíocht iomlán as na hoícheanta ar fad a cuireadh in áirithe.

Rud a aimsiú a oireann duit féin agus do d'aíonna, sin a bhfuil i gceist agus tú ag roghnú polasaí cealaithe. Ná déan dearmad go dteastaíonn solúbthacht ó go leor daoine agus iad ag taisteal. Chun go ndéanfaidh siad áirithint agatsa, roghnaigh an polasaí cealaithe is solúbtha a oireann do do ghnáthamh óstála ar dtús.

Faigh tuilleadh eolais inár dtreoir faoi liostú rathúil a chur ar bun

*Tá polasaithe éagsúla i bhfeidhm maidir le háirithintí sa Ghearmáin, san Iodáil agus sa Chóiré Theas.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Buaicphointí

  • D’fhéadfadh an polasaí ceart cealaithe cuidiú leat na háirithintí a theastaíonn uait a mhealladh

  • Smaoinigh ar do chuid riachtanas, do chuid spriocanna, agus na haíonna ar mian leat iad a óstáil agus polasaí á roghnú agat

  • Is féidir leat do pholasaí a nuashonrú ag am ar bith
Airbnb
5 Feabh 2020
Ar chabhraigh sé seo leat?