Tosaigh ar Airbnb

Faigh amach conas is féidir leat tosú ag óstáil, idir do liostú a chruthú agus do spás a ullmhú.
Le Airbnb ar an 18 Noll 2019
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 2 MFómh 2021

Buaicphointí

  • Seiceáil na rialacháin áitiúla maidir le comhroinnt tí

  • Socraigh do phraghas in aghaidh na hoíche agus socraigh d’fhéilire

  • Tarraing aird ar na rudaí atá uathúil agus aisteach faoi do liostú

  • Cuir slacht ar an áit, ceannaigh na bunriachtanais , agus cuir rialacha tí soiléire ar fáil

Cruthaigh do liostú

Smaoinigh ar do liostú mar fhógra do do spás. Beidh tú ag iarraidh é a dhéanamh chomh suimiúil agus is féidir, agus a bheith macánta faoi aon rudaí aisteacha atá ann.

  • Tosaigh leis na bunriachtanais. Cuir isteach sonraí amhail suíomh d’áite, cén cineál réadmhaoine atá á chur ar fáil agat, agus líon na seomraí codlata agus na seomraí folctha a mbeidh rochtain ag d’aíonna orthu.
  • Glac grianghraif den spás. Is breá le haíonna grianghraif a bhrabhsáil agus cinneadh á dhéanamh acu cá háit a bhfanfaidh siad. Chun na grianghraif is fearr a ghlacadh, cuir slacht ar do spás roimh ré. Glac grianghraif de gach áit, ag úsáid solas nádúrtha agus treoshuíomh tírdhreacha nuair is féidir.
  • Cuir béim ar shonraí uathúla. Agus do theideal agus do chur síos ar an liostú á scríobh agat, smaoinigh ar an rud a fhágann go bhfuil d’áit speisialta, amhail radharc nó linn snámha. Chomh maith leis sin, tabhair faoi deara aon ghnéithe i do chur síos a bhféadfadh sé a bheith tábhachtach go mbeadh eolas ag aíonna orthu sula ndéanfaidh siad áirithint, amhail staighre nó páirceáil.

Eagraigh an lóistíocht

Is é an chéad chéim eile an lóistíocht uile le haghaidh do liostaithe a dhéanamh chun go rachaidh an próiseas óstála i gceart.

Ullmhaigh do spás

Pé acu an bhfuil tú ag súil leis an gcéad aoi nó an céadú aoi, is iad seo na céimeanna a chaithfidh tú a ghlacadh chun a chinntiú go mbeidh do spás réidh.

  • Cuir slacht ar an áit. Glan gach seomra ar féidir le haíonna rochtain a fháil air, go háirithe seomraí codlata, seomraí folctha agus an chistin. Seiceáil nach bhfuil aon ghruaig, dusta, ná caonach ar dhromchlaí agus ar urláir, agus cuir éadaí leapa úra ar an leaba nó na leapacha.
  • Stóráil do chuid earraí luachmhara. Má tá seodra, pasanna nó earraí luachmhara eile agat, smaoinigh ar iad a chur i seomra faoi ghlas, i gcófra, i dtaisceadán nó i saoráid stórála. Nó is féidir leat iad a fhágáil le do theaghlach nó le cairde.
  • Cuir na bunriachtanais ar fáil. Le cuidiú le haíonna bheith ar a suaimhneas, smaoinigh ar shaoráidí amhail gallúnach, seampú, páipéar leithris, éadaí leapa agus tuáillí a chur ar fáil. Ní haon dochar é rudaí breise a chur ar fáil freisin.
  • Tabhair sonraí don tseiceáil isteach. Bí réidh le haíonna a sheiceáil isteach agus amach, nó faigh cairde nó do mhuintir chun cabhrú leat. Mura mbeidh aon duine thart, is féidir leat bosca glais nó glas leictreonach a úsáid agus treoracha don tseiceáil isteach a chur ar fáil in aip Airbnb.
  • Cuir na bailchríocha leis. Is breá le haíonna mionsonraí ar a ndearnadh macnamh. Is féidir le lámhleabhar tí ina bhfuil treoracha agus leideanna cabhrú le haíonna a threorú. Is féidir le buidéal fíona nó le bronntanas beag cabhrú le haíonna mothú go bhfuil an-fháilte rompu, ach is cinnte nach bhfuil gá leis sin.

Nuair a bheidh do liostú agus do spás curtha ar bun agat, beidh tú réidh le tús a chur le fáilte a chur roimh aíonna agus ioncam a thuilleamh!

Buaicphointí

  • Seiceáil na rialacháin áitiúla maidir le comhroinnt tí

  • Socraigh do phraghas in aghaidh na hoíche agus socraigh d’fhéilire

  • Tarraing aird ar na rudaí atá uathúil agus aisteach faoi do liostú

  • Cuir slacht ar an áit, ceannaigh na bunriachtanais , agus cuir rialacha tí soiléire ar fáil

Airbnb
18 Noll 2019
Ar chabhraigh sé seo leat?