An bhfuil mo spás oiriúnach do Airbnb?

Tá aoi foirfe ann do gach spás—an rud is tábhachtaí ná ionchais shoiléire aíonna a shocrú.
Le Airbnb ar an 6 Ean 2020
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 4 DFómh 2022

Buaicphointí

  • Is féidir leat seomra príobháideach nó seomra comhroinnte, teach iomlán, nó spás uathúil a chur ar fáil

    • An méid is lú atá ag teastáil: áit chodlata chompordach agus rochtain ar sheomra folctha

      • Socraigh ionchais trí bheith macánta faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le d'áit

      B'fhéidir nach gceapfá go bhfuil tóir ar sheomra leapa breise nó ar bhád seoil teolaí ar Airbnb, ach féadfaidh gach cineál áite éagsúla—idir an ceann is lú agus an ceann is uathúla—a bheith tarraingteach d'aíonna.

      Is cuma cén cineál áite ina bhfuil tú, is é is tábhachtaí áit theolaí a chruthú chun codladh inti, áit ina mbeifeá féin sásta fanacht—agus cur síos mionsonraithe a dhéanamh ina léirítear an tarraingt a bhaineann le d'áit.

      Tosaigh leis na rudaí bunúsacha

      Bíonn aíonna ag súil le háit chodlata ghlan chompordach agus rochtain acu ar sheomra folctha ar a laghad. Ní bhíonn rochtain ar chistin i ngach áit atá liostaithe ar Airbnb, ach má bhíonn rochtain ag d'aíonna ar chistin, cuir in iúl cé acu an chistin iomlán nó cistinéad é.

      Roinn aon chineál spáis

      Is féidir le duine ar bith ag a bhfuil spás breise a bheith rathúil mar Óstach Airbnb. Níl a leithéid de rud ann agus áit “ídéalach”—ní gá duit ach a bheith macánta mionsonraithe i do chur síos agus i do ghrianghraif chun cabhrú le haíonna a thuiscint cad go díreach a bheidh rompu. Idir sheomraí breise agus thithe sómasacha, tá spás foirfe ann do gach duine ar Airbnb.

      Sainmhínigh an cineál réadmhaoine atá agat

      Is féidir tarraingt a bheith ag beagnach gach cineál réadmhaoine d'aíonna ar Airbnb. An teach é? An árasán é? An seomra é i mbloc árasán? Luaitear roinnt áiteanna mar uathúil fiú, amhail tithe crainn, pubaill, teachíní beaga, feirmeacha agus carbháin agus feithiclí áineasa.

      Roghnaigh na háiteanna ar féidir le haíonna dul

      Féadfaidh tú a chur in iúl d’aíonna go mbeidh rochtain phríobháideach acu ar do theach ina iomláine nó ar sheomra príobháideach ann féin, nó go mbeidh siad ag roinnt áiteanna amhail an seomra codlata, an chistin, nó an seomra folctha le daoine eile mar do theaghlach féin, daoine eile a chónaíonn leat, nó aíonna eile. Is fútsa atá sé an áit iomlán a chur ar fáil d’aíonna nó do chuid giuirléidí a fhágáil ann. Is é atá tábhachtach d'áit a choinneáil glan agus cumarsáid a dhéanamh leis na haíonna faoi cad go díreach a bheidh rompu.

      Bí macánta faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí

      Deir Daniel, Óstach in San Francisco, go mbíonn sé macánta i gcónaí faoina áit. “Ní foláir nó go bhfuil an méid a insíonn tú do do chuid aíonna faoina mbeidh acu agus an méid a gheobhaidh siad nuair a thiocfaidh siad a fhad le do liostú a bheith de réir a chéile,” ar seisean. “Is fearr beag a dhéanamh de do liostú agus go siúlann na haíonna isteach in áit atá níos deise ná mar a bhí siad ag súil leis, ná a mhalairt.”

      Taispeáin is inis

      Má bhíonn peataí ag aíonna in áit atá comhroinnte, is tús maith é an méid sin a lua sa chur síos ar do liostú. Ach is tábhachtaí fós grianghraif de do mhadra clúmhach nó de do chat slíoctha a uaslódáil chuig Airbnb, le fotheideal ina gcuirtear in iúl d'aíonna gur dócha go mbeidh na hainmhithe sin san áit freisin.

      Is tábhachtaí pictiúir ná focail, go háirithe ós rud é go bhfuil an seans ann go ndéanfaidh roinnt aíonna áirithint gan an rud ar fad a léamh. Má tá aon ghnéithe uathúla ag baint le d'áit, níor mhiste a dheimhniú le linn an phróisis déanta áirithinte go bhfuil do liostú léite ó thús go deireadh ag aíonna.

      Cuir praghas réalaíoch ar d'áit

      Nach pálás é do spás?—fadhb ar bith! Bíonn go leor aíonna buíoch as lóistín réasúnta chomh fada agus a bhraitheann siad go bhfuil siad ag fáil margadh maith air. Agus tú ag tosú amach, d'fhéadfá smaoineamh ar phraghas tosaigh atá rud beag níos ísle ná an sprioc dheiridh atá agat. Cabhróidh sé sin leat aíonna a mhealladh, agus a luaithe a gheobhaidh tú dornán léirmheasanna iontacha, féadfaidh tú do phraghas a athmheas agus é a ardú chun do spriocanna a léiriú.

      Faigh tuilleadh eolais inár dtreoir faoi liostú rathúil a chur ar bun

      Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

      Buaicphointí

      • Is féidir leat seomra príobháideach nó seomra comhroinnte, teach iomlán, nó spás uathúil a chur ar fáil

        • An méid is lú atá ag teastáil: áit chodlata chompordach agus rochtain ar sheomra folctha

          • Socraigh ionchais trí bheith macánta faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le d'áit

          Airbnb
          6 Ean 2020
          Ar chabhraigh sé seo leat?