Conas a bheith i d'Óstach ar Airbnb

Faigh na freagraí a theastaíonn uait chun tosú ag óstáil le muinín.
Le Airbnb ar an 16 Samh 2022
Léamh 4 nóiméad
Nuashonraithe ar an 16 Samh 2022

Buaicphointí

  • Ullmhaigh do spás agus cruthaigh liostú suimiúil

  • Rialaigh cathain agus conas a bheidh tú ag óstáil

Má tá tú ag smaoineamh ar dhul i mbun óstála ach nach bhfuil tú cinnte conas aíonna a mhealladh nó eispéireas iontach a chruthú d'aíonna, níl tú i d'aonar. Is bealach spraíúil fiúntach é bheith i d'Óstach ar Airbnb chun aithne a chur ar dhaoine nua agus airgead breise a shaothrú, agus is gnáthrud é go leor ceisteanna a bheith agat ag an tús.

Seo an méid atá le déanamh agat chun tús a chur leis an óstáil.

1. Meas an bhfuil do spás oiriúnach

Níl aon spás róbheag nó ró-uathúil le liostú ar Airbnb! Tá aoi ann do gach spás—ní gá duit ach ionchais shoiléire a shocrú trí chur síos macánta cruinn a dhéanamh ar na gnéithe de d'áite, idir dhoirse cúnga agus staighrí tuathúla.

Tá sé tábhachtach freisin a fháil amach cad iad na dlíthe agus na cánacha a bhaineann le lóistíní ar chíos gearrthéarmach i do cheantar sula dtosóidh tú ag óstáil. Ní féidir le Airbnb treoir dlí nó comhairle chánach a chur ar fáil duit, ach is féidir linn cuidiú leat eolas a fháil faoi rialacháin óstála.

2. Ullmhaigh do spás d'aíonna

“Tá teoiric agam go mbíonn do chuid aíonna ina léiriú ar cé thú féin go minic,” arsa Jake, Sáróstach as Big Bear, California. “Cuireann tú do phearsantacht isteach i do theach agus meallann sé sin daoine atá cosúil leat ó thaobh stíl maireachtála agus spéis de.”

An bhfuil bailiúchán eicléicteach agat de phóstaeir scannáin seanré? Nó carn leabhar faiseanta maidir le stair ealaíne? Taispeáin iad! Má chuireann tú sonraí pearsanta leis, d'fhéadfadh sé cuidiú le do liostú seasamh amach.

Agus tú ag cóiriú d'áite, ná déan dearmad fáil réidh le tranglam agus iarracht a dhéanamh saoráidí bunúsacha a chur ar fáil, amhail páipéar leithris, gallúnach agus tuáillí, chun eispéireas iontach a chruthú d'aíonna. D'fhéadfadh rudaí beaga breise, amhail buidéal fíona áitiúil nó bosca seacláidí, aíonna a chur ar a suaimhneas freisin.

3. Liostaigh do spás

Tá sé go hiomlán saor in aisce do spás a liostú. Ní ghearrann Airbnb táille sheirbhíse ach nuair a dheimhnítear áirithint. Is ionann an táille seo agus 3% d'fho-iomlán d'áirithinte de ghnáth, agus cuidíonn sé linn na costais a bhaineann le Airbnb a reáchtáil, amhail tacaíocht do chustaiméirí 24/7, cosaintí d'Óstaigh, agus eile, a chlúdach.

Déanaimid ár ndícheall é a dhéanamh simplí do spás a liostú—is féidir leat do liostú a chur ar bun i 10 gcéim éasca fiú. Táimid anseo chun cuidiú leat i gcónaí má bhíonn ceisteanna agat, agus tá go leor bealaí ann chun teagmháil a dhéanamh le hÓstaigh eile.

“I roinnt margaí, beidh tú ábalta dul le hAmbasadóir Sáróstaigh mar mise,” arsa Magaly, Sáróstach as East Wenatchee, Washington. “Táimid anseo chun an próiseas seo a dhéanamh chomh héasca agus is féidir duit."

Agus tú ag cur sonraí le do liostú, tabhair aird ar leith ar do chuid grianghraf, toisc gur minic iontu sin a chuireann aíonna suntas sula ndéanann siad áirithint. Fostaíonn roinnt Óstach grianghrafadóirí gairmiúla, agus úsáideann Óstaigh eile a bhfón cliste chun grianghraif iontacha a ghlacadh ina léirítear sonraí agus meon a spáis i ndáiríre.

4. Cinn conas a óstálfaidh tú

Beidh smacht iomlán agat i gcónaí ar cathain agus conas a bheidh tú ag óstáil ar Airbnb. Ag baint úsáid as ár socruithe féilire agus áirithinte, is féidir leat bac a chur de láimh ar laethanta nach mbeidh do spás ar fáil, amanna sonracha don tseiceáil isteach agus don tseiceáil amach a roghnú, líon íosta nó uasta na n-oícheanta is féidir le haíonna fanacht a shocrú, agus eile.

“Chinneamar go luath go mbeadh íosmhéid áirithinte trí lá againn,” arsa Lucy, Óstach as East Sussex, Sasana. “Ciallaíonn sé sin go raibh níos lú athruithe idir áirithintí againn, ach thug sé faill dom na rudaí beaga breise a bhaineann leis an óstáil agus a thaitníonn go mór liom a chur ar fáil."

Is féidir leat do rialacha tí a úsáid freisin chun ionchais a shocrú d'aíonna agus na rudaí atá—agus nach bhfuil—ceadaithe i do spás a mhíniú go soiléir.

5. Socraigh do phraghas agus faigh íocaíocht

Is fút féin atá sé go hiomlán an méid a ghearrfaidh tú agus tú ar Airbnb. Agus tú ag socrú do straitéis phraghsála, smaoinigh ar an táille a ghearrann daoine eile i do cheantar, ar na saoráidí a thairgeann tú, agus ar an am den bhliain. Cuideoidh sin leat teacht ar phraghas a mbeidh tú féin agus d'aíonna sásta leis.

Tá sé éasca ag Airbnb do mhodh eisíocaíochta a shocrú sa rannóg Íocaíochtaí & eisíocaíochtaí de do chuntas. I measc na modhanna eisíocaíochta tá aistriú bainc nó cur i dtaisce díreach, cártaí dochair Payoneer, PayPal agus Western Union agus eile, ag brath ar an áit ina bhfuil tú lonnaithe.

An áit a bhfaighidh tú tacaíocht agus acmhainní

Tá sé tábhachtach nach ndéanfaidh tú dearmad nach bhfuil tú i d'aonar ar do thuras óstála. Tacaíonn Airbnb le hÓstaigh ar go leor bealaí, ina measc sin:

Is cuma cé thú féin nó cén cineál áite atá agat, beidh spás duit i bpobal Airbnb. “An rud atá iontach faoi Airbnb ná go bhfuil taithí mhaith againn go léir ar rud éigin difriúil,” arsa Magaly. "Ádh mór agus go mbaine tú sult as an óstáil!"

Ní fostaithe de chuid Airbnb iad na hÓstaigh atá le feiceáil sa mhír agus san fhíseán seo ná ní oibríonn siad faoi threoir Airbnb. Mar Chruthaitheoirí Óstach, tá siad i gcomhpháirtíocht le Airbnb lena gcuid smaointe a roinnt agus an físeán seo a chruthú. Is leosan aon tuairimí, eolas starógach agus ráitis teistiméireachta agus tá siad fírinneach agus ní ráitis oifigiúla de chuid Airbnb iad.

Buaicphointí

  • Ullmhaigh do spás agus cruthaigh liostú suimiúil

  • Rialaigh cathain agus conas a bheidh tú ag óstáil

Airbnb
16 Samh 2022
Ar chabhraigh sé seo leat?