Do chuid léirmheasanna ó Óstaigh
Is bealach iontach iad léirmheasanna d'Óstaigh chun aiseolas a thabhairt duit nuair a thiocfaidh deireadh le do thuras. Cuidíonn léirmheasanna leis an bpobal Óstach i gcoitinne tuiscint a fháil ar an méid ar chóir dóibh a bheith ag súil leis bunaithe ar léirmheasanna roimhe seo maidir le glaineacht, rialacha tí, agus cumarsáid.
Seo miondealú ar an méid a chuirtear san áireamh nuair a fhaigheann tú léirmheas, agus an méid a d'fhéadfadh Óstach a léamh nuair a dhéanfaidh tú iarratas ar fhanacht nó nuair a chuirfidh tú fanach in áirithe amach anseo.
Rátálacha ó d'Óstach
Mar chuid den phróiseas léirmheasa roghnach, is féidir le hÓstaigh idir 1 agus 5 réalta a bhronnadh ort mar rátáil i dtrí chatagóir: glaineacht, rialacha tí agus cumarsáid. Ar an dóigh chéanna le rátálacha réalta d'Óstaigh, cuirtear na rátálacha catagóire sin le chéile ansin i meánrátáil don fhanacht.
Ní féidir le hÓstaigh do rátálacha mionsonraithe ó thréimhsí fanachta roimhe seo, ná do rátálacha foriomlána catagóire agus do mheánrátálacha catagóire maidir leis na tréimhsí fanachta go léir, a léamh ach amháin nuair a dhéanfaidh tú iarratas ar fhanacht nó nuair a chuirfidh tú fanacht in áirithe leo amach anseo. Taispeánfar catagóirí le rátálacha dearfacha (4-5) le ticmharc agus rátálacha diúltacha (1-3) le deilbhín rabhaidh.
Úsáidtear rátálacha ar roinnt bealaí, agus cuidíonn siad leis an méid seo a leanas:
- Cinneann Óstaigh reatha nó ionchasacha cé acu a ghlacfaidh siad nó nach nglacfaidh siad le hiarratas ar áirithint ó aoi;
- Cinneann Airbnb an gcomhlíonann aoi riachtanais Óstaigh maidir le hÁirithint ar an bPointe;
- Cinneann Airbnb an gcáilíonn aoi mar aoi seanbhunaithe atá incháilithe chun liostuithe áirithe a chur in áirithe; agus
- Cinneann Airbnb an bhfuil aoi ag cloí lenár bpríomhrialacha d'aíonna. Má dhéantar sáruithe leanúnacha nó tromchúiseacha a thuairiscítear trí rátálacha nó do thacaíocht do chustaiméirí, d'fhéadfaí rabhaidh a thabhairt, cuntas a chur ar fionraí, agus/nó cuntas a bhaint den ardán.
Léirmheas poiblí ó d'Óstach
Cé go bhfuil léirmheasanna roghnach, nuair a roghnaíonn Óstaigh léirmheas a chur isteach, ceanglaítear orthu léirmheas poiblí a fhágáil duit. Taispeántar léirmheas an Óstaigh ar do phróifíl, ionas gur féidir le haon duine a chliceálann nó a thapálann ar do phróifíl é a léamh.
An méid a bhí déanta go maith agat
Tá an rogha ag Óstaigh aird a tharraingt ar an méid a bhí déanta go maith agat (m.sh.: choinnigh tú an áit néata slachtmhar agus i ndea-bhail, chaith tú amach an bruscar, sheol tú teachtaireachtaí úsáideacha, bhí tú measúil, d'fhreagair tú i gcónaí, srl.). Má dhéanann tú iarratas ar fhanacht nó má chuireann tú fanacht in áirithe le hÓstach, is féidir leis nó léi a sheiceáil cad a tharraing Óstaigh eile aird air faoi d'fhanacht roimhe seo. Taispeánfar aiseolas dearfach in aice le ticmharc.
Rudaí le coinneáil i gcuimhne don chéad uair eile
Má chuireann Óstach rátáil íseal isteach i gcatagóir ar bith, iarraimid air nó uirthi an méid nach raibh go maith ar do thuras a roinnt. Úsáidfidh Airbnb an t-aiseolas sin chun moltaí a dhéanamh chun fadhbanna a sheachaint ar do chéad turas eile. Má dhéanann tú iarratas ar fhanacht nó má chuireann tú fanacht in áirithe le hÓstach, is féidir leis nó léi an t-aiseolas sin faoi d'fhanacht roimhe seo a sheiceáil. Taispeánfar aiseolas diúltach in aice le deilbhín rabhaidh.
Nóta príobháideach ó d'Óstach
D'fhéadfá teachtaireacht phríobháideach a fháil ó d'Óstach ina mbeidh níos mó aiseolais. Agus tú ag freagairt, cuimhnigh gur tusa amháin is féidir an teachtaireacht sin a léamh.
Míreanna gaolmhara
- Aoi
Tabhair freagra ar léirmheas nó déan agóid ina choinne
Is féidir leat freagra poiblí a phostáil maidir le léirmheasanna a fhágann daoine eile duit, ach ní féidir leat iad a bhaint. Ní bhaintear l… - Aoi
Polasaí Léirmheasanna Airbnb
Cabhraíonn ár bpolasaí le léirmheasanna úsáideacha eolasacha cruinne a chinntiú d’aíonna agus d’óstaigh. - Óstach
An Clár Ráthaíochta Tuillimh
Tá Airbnb ag tairiscint ráthaíocht tuillimh d'Óstaigh nua in áiteanna roghnaithe nuair a óstálann siad 10+ fanacht ar Airbnb laistigh de na …