
Sáróstach:Aitheantas a thabhairt do scoth na hóstála
Déanann clár na Sáróstach ceiliúradh ar na hóstaigh is fearr agus is mó taithí ar Airbnb, agus tugann sé luach a saothair dóibh.
Seiceáil dul chun cinnBuntáistí do Sháróstaigh
Mar Sháróstach, beidh infheictheacht, tacaíocht thiomnaithe agus duaiseanna eisiacha agat mar bhuíochas uainn as fáilteachas iontach a chur ar fáil.

Aitheantas speisialta
Tugann an suaitheantas Sáróstaigh chun suntais thú agus d’fhéadfadh sé níos mó áirithintí a tharraingt.

Tacaíocht tosaíochta
Mar Sháróstach, tabharfar tús áite duit nuair a dhéanfaidh tú teagmháil le Tacaíocht Airbnb.

Duaiseanna eisiacha
Má tá tú i do Sháróstach ar feadh 4 ráithe as a chéile, faigheann tú cúpón $100 le húsáid ar Airbnb. Beidh 20% agat fosta anuas ar an ngnáthbhónas atreoraithe óstaigh.
Cad é dhéanann Sáróstach d'óstach
Gach trí mhí, féachaimid an bhfuil tú ag comhlíonadh na gcritéar seo a leanas le bliain anuas. Má tá, tuillfidh tú nó coimeádfaidh tú do stádas mar Sháróstach.

10 bhfanacht nó níos mó
Cuir 10 bhfanacht ar a laghad i gcrích faoi ceann bliana nó 100 oíche le linn 3 fhanacht chríochnaithe nó níos mó. Beidh aíonna ar a suaimhneas ag óstach seanbhunaithe.

Ráta cealaithe <1%
Ná cuir níos mó ná 1% de do chuid áirithintí ar ceal, gan mórtheagmhais shuaiteacha a áireamh. Is ionann sin agus 0 cealú do na hóstaigh siúd ag a bhfuil níos lú ná 100 áirithint sa bhliain. Is suaimhneas intinne do d’aíonna é nuair nach ndéantar cealuithe ach go hannamh.

Rátáil fhoriomlán 4.8
Bíodh meánrátáil fhoriomlán 4.8 nó níos mó agat ó léirmheasanna aíonna Airbnb le bliain. Tá a fhios ag aíonna go mbeidh fáilteachas den scoth rompu ag óstaigh mar tusa.

Ráta freagartha 90%
Freagair 90% de theachtaireachtaí nua, agus glac nó diúltaigh iarratais nua ar áirithint, faoi cheann 24 uair an chloig. Ar an mbealach sin, tá a fhios ag aíonna go mbeidh tú tráthúil ag freagairt fiosruithe nua.
Freagraí ar do cheisteanna
Cé atá incháilithe le bheith ina S(h)áróstach?
Chun go measúnófar óstach maidir le stádas mar Sháróstach, ní mór gur úinéir liostaithe tí amháin nó níos mó é nó é an t-óstach. Níl comhóstaigh, óstaigh eispéiris ná óstaigh seirbhíse san áireamh sa mheasúnú sin.Mar sin féin, más úinéir liostaithe tí eile freisin é nó í an comhóstach, an t-óstach eispéiris nó an t-óstach seirbhíse, is féidir é nó í a mheasúnú maidir le stádas mar Sháróstach de réir fheidhmíocht an liostaithe sin. Ní chuirfear feidhmíocht aon liostaithe ina bhfuil sé nó sí ina c(h)omhóstach nó aon cheann dá liostuithe eispéiris nó seirbhíse san áireamh ina (h)incháilitheacht mar Sháróstach.
An gá dom iarratas a dhéanamh?
Má chomhlíonann tú riachtanais an chláir faoin dáta measúnaithe, déanfar Sáróstach díot go huathoibríoch—ní gá duit iarratas a dhéanamh.Cuirfimid do stádas in iúl duit ag deireadh gach tréimhse measúnaithe. B'fhéidir go nglacfadh sé suas le seachtain go mbeidh do shuaitheantas Sáróstaigh le feiceáil ar do liostú.Tuilleadh eolais faoi bheith i do Sháróstach.
An gcaithfidh mé a bheith ag óstáil le bliain ar a laghad le bheith i mo Sháróstach?
Níl tréimhse íosta ar bith i gceist le bheith i do Sháróstach. Fad is go gcomhlíonann tú na critéir go léir faoin tréimhse mheasúnaithe (a bhíonn ann gach 3 mhí), is féidir leat stádas mar Sháróstach a bhaint amach.Gach uair a sheiceálaimid ar chomhlíon tú na critéir Sháróstaigh, caithimid súil siar ar do chuid óstála le bliain anuas chun athbhreithniú a dhéanamh ar d'fheidhmíocht. Chun ár dTéarmaí agus Coinníollacha iomlána maidir leis an gClár Sáróstach a fháil, tabhair cuairt ar an Ionad Cabhrach.
An mbeidh tionchar ag cealuithe éigeandála ar mo stádas mar Sháróstach?
Más gá duit áirithint a chur ar ceal, agus má bhaineann an cealú le Mórtheagmhas Suaiteach nó le cúiseanna bailí eile, tarscaoilfimid aon táillí, agus ní chuirfear do chealú san áireamh i ndáil le d'incháilitheacht mar Sháróstach. I gcásanna áirithe, tarscaoilfimid iarmhairtí eile.Tuilleadh eolais faoi pholasaí Airbnb um mórtheagmhais shuaiteacha.
