Tá sé furasta do theach a liostú ar Airbnb
Cruthaigh liostú do d'áit i gcúpla céim
Déan sin ar do luas féin, agus déan athruithe ag am ar bith
Faigh tacaíocht 1:1 ó óstaigh sheanbhunaithe am ar bith
Bíonn tú faoi chosaint, is cuma cén dóigh a n‑óstálann tú
Cosaint ó bhun go barr san áireamh gach uair a óstálann tú do theach ar Airbnb.
Cosaint damáiste suas le $3M | |
---|---|
Árachas dliteanais suas le $1M | |
Líne shábháilteachta 24 uair sa lá |
Aisíocann Cosaint Damáiste d'Óstaigh as damáistí áirithe a dhéanann aíonna le linn thréimhsí fanachta Airbnb. Ní árachas é agus d'fhéadfadh feidhm a bheith aige mura n-íocann aíonna. Cuireann tríú páirtithe árachas dliteanais ar fáil. Féach na sonraí agus na heisiaimh.
Na huirlisí ar fad is gá chun óstála, san aon aip amháin
Freagraí ar do cheisteanna
Na ceisteanna is coitianta
An bhfuil m'áit oiriúnach do Airbnb?Tuilleadh eolais faoi tháillí.
Tá suim ag aíonna Airbnb i ngach cineál áite––seomraí breise, árasáin, tithe, lóistíní saoire, go fiú tithe crainn. An gcaithfidh mé a bheith ag óstáil an t‑am ar fad? Ní chaithfidh—is tusa atá i gceannas ar d'fhéilire. Is féidir leat óstáil uair amháin sa bhliain, cúpla oíche sa mhí, nó níos minice. Cad iad táillí Airbnb? Tá sé saor in aisce liostú a chruthú, agus bailíonn Airbnb táille sheirbhíse 3% d'fho-iomlán na háirithinte nuair a íoctar thú de ghnáth. Bailíonn agus íocann Airbnb cánacha díolacháin agus turasóireachta go huathoibríoch thar do cheann. Buneolas ar an óstáil
Conas a thosóidh mé?Tosaigh do liostú. Conas a ullmhóidh mé mo theach d'aíonna? Bí cinnte go bhfuil do theach glan gan tranglam agus go bhfuil gach rud ag obair i gceart. Déan áit le fanacht atá compordach fáilteach le rudaí amhail línéadach tí úr agus earraí níocháin. Féach ar ár dtreoir maidir le do theach a ullmhú. Conas a chosnaítear mé agus mé ag óstáil? Soláthraíonn AirCover d'Óstaigh cosaint ó bharr go bun gach uair a óstálann tú do theach ar Airbnb. Faigh tuilleadh eolais faoi AirCover d'Óstaigh agus faoina bhfuil clúdaithe ann. An bhfuil aon leideanna agat maidir le bheith i d'óstach iontach? Is iomaí bealach le bheith i d'óstach den scoth, mar shampla liosta a thabhairt de na háiteanna is fearr leat i do cheantar agus teachtaireachtaí ó aíonna a fhreagairt go sciobtha. Faigh tuilleadh leideanna óstála.
Is féidir leat liostú a chruthú i gcúpla céim, ar do luas féin. Inis dúinn faoi do theach ar dtús, glac roinnt grianghraf agus cuir sonraí leis faoin bhfáth a bhfuil sé uathúil. Polasaí agus rialacháin
An bhfuil aon rialacháin i bhfeidhm i mo chathair? Tuilleadh eolais faoin óstáil stuama. Agus má tá ceisteanna eile agam? Is iontach an fhoinse eolais agus léargais iad óstaigh áitiúla. Is féidir linn tú a chur i dteagmháil le hóstach seanbhunaithe Airbnb i do cheantar a d'fhéadfadh ceisteanna breise a fhreagairt. Cuir ceist ar óstach.
Tá dlíthe agus rialacháin ann maidir le do theach a óstáil i roinnt ceantar. Tá sé tábhachtach eolas a chur ar dhlíthe ar bith a d'fhéadfadh a bheith i bhfeidhm i do shuíomh. Ina theannta sin, ag brath ar an áit a bhfuil cónaí ort, b'fhéidir go mbeidh ort seiceáil le do chumann úinéirí tí, do chomhaontú léasa a léamh nó do thiarna talún nó do chomharsana a chur ar an eolas faoi do rún óstála ar Airbnb. An bhfuil ceisteanna agat fós?
Faigh freagraí ó óstach áitiúil seanbhunaithe.
Is iondúil go mbíonn rátálacha arda, rátaí ísle cealaithe agus seantaithí ar óstáil ar Airbnb ag óstaigh atá sa Líonra Comhóstach. Tá rátálacha bunaithe ar léirmheasanna aíonna ar liostuithe a óstálann nó a chomhóstálann siad agus b'fhéidir nach léiriú beacht iad ar sheirbhísí uathúla an chomhóstaigh.
Tá an Líonra Comhóstach á chumhachtú ag Airbnb Global Services Limited, Airbnb Living LLC agus Airbnb Plataforma Digital Ltda. Níl sé ar fáil ach in áiteanna áirithe. . Tuilleadh eolais.