Aircover d'Óstaigh

Cosaint ó bharr go bun.
San áireamh agus saor in aisce i gcónaí.
Ar Airbnb amháin.

Deimhniú aitheantais aoi

Seiceálann ár gcóras deimhnithe cuimsitheach sonraí amhail ainm, seoladh, ID rialtais, agus go leor eile chun aitheantas na n-aíonna a dhéanann áirithint ar Airbnb a dheimhniú.

Scagadh áirithintí

Déanann ár dteicneolaíocht dhílsithe anailís ar na céadta toisc i ngach áirithint agus cuireann sí bac ar áirithintí áirithe a thugann le tuiscint go bhfuil baol mór maidir le cóisirí callánacha agus damáiste do réadmhaoin.

Cosaint damáiste $3M

Mura n-íocann aíonna as an damáiste a rinneadh do do theach nó do do chuid giuirléidí, tá cosaint damáiste d'Óstaigh i bhfeidhm chun cabhrú le costais suas le $3M USD a aisíoc, na cosaintí speisialaithe seo san áireamh:

Ealaín agus earraí luachmhara

Faigh aisíocaíocht as ealaín nó earraí luachmhara a ndearnadh damáiste dóibh.

Mótarfheithiclí agus báid

Faigh aisíocaíocht as damáiste do ghluaisteáin, do bháid agus d'árthaí uisce eile a pháirceálann tú nó a stórálann tú i do theach.

Damáiste ó pheataí

Faigh aisíocaíocht as damáiste a rinne peata aoi.

Caillteanas ioncaim

Má chaithfidh tú áirithintí Airbnb a chur ar ceal mar gheall ar dhamáiste a rinne aoi, cúiteofar an t-ioncam caillte leat.

Dianghlanadh

Faigh aisíocaíocht i leith seirbhísí glantacháin bhreise a theastaíonn chun smáil agus boladh deataigh a bhaint.

Árachas dliteanais $1M

Cosaint ar an drochsheans go ngortófaí aoi nó go ndéanfaí damáiste d'earraí aíonna nó go ngoidfí a n-earraí.

Líne shábháilteachta 24 uair sa lá

Má mhothaíonn tú go bhfuil tú i gcontúirt aon uair, tá rochtain láithreach ar fáil inár n-aip ar ghníomhairí sábháilteachta sainoilte, lá agus oíche.

Faigh sonraí iomlána faoin dóigh a gcosnaíonn AirCover d'Óstaigh thú agus faoi aon eisiamh atá i bhfeidhm.

Airbnb amháin a thugann AirCover duit

Airbnb
Iomaitheoirí
Deimhniú aitheantais aoi
Scagadh áirithintí
Cosaint damáiste $3M
Ealaín agus earraí luachmhara
Mótarfheithiclí agus báid
Damáiste ó pheataí
Caillteanas ioncaim
Dianghlanadh
Árachas dliteanais $1M
Líne shábháilteachta 24 uair sa lá
Tá an chomparáid bunaithe ar eolas poiblí agus ar thairiscintí saor in aisce ó na príomhiomaitheoirí ó 10/22.

Freagraí ar do cheisteanna

Nach féidir leat an rud atá uait a aimsiú? Tabhair cuairt ar ár nIonad Cabhrach.

An bealach an-éasca chun d'áit a chur ar Airbnb

Le Airbnb Tús Maith, tá sé níos éasca d'áit a chur ar Airbnb, le cuidiú praiticiúil ó Sháróstach ó do chéad cheist go dtí do chéad aoi.