Tá tionscal an taistil buailte go dona ag an gcoróinvíreas (COVID-19) i mbliana, ag dul i gcion ar óstaigh ar fud an domhain. Chun tacú lenár bpobal, thug fostaithe Airbnb $1 mhilliún dá gcuid airgid féin chun ciste a thosú d’óstaigh atá ag streachailt le greim a choinneáil faoin bhfiacail. Chuir bunaitheoirí Airbnb $9 milliún leis go pearsanta freisin—chomh maith le $7 milliún eile ó infheisteoirí—arb ionann é sin agus $17 milliún san iomlán.
“Mar oibrí sóisialta, ní leor mo thuarastal chun billí a íoc agus oideachas a chur ar mo mhac. Le déanaí, diagnóisíodh go raibh ailse ar athair mo mhic agus ar an drochuair fuair sé bás. Chuidigh tuilleamh Airbnb le híoc as a chóir leighis agus anois cuidíonn sé le haire a thabhairt dá mháthair. Léas dochais ab ea é bualadh le daoine nua agus cairdeas ar feadh an tsaoil a dhéanamh trí Airbnb. Is léaró dóchais é an deontas seo a fháil sa tréimhse an-deacair seo."
“Chuaigh Covid-19 i bhfeidhm go mór ar ár staid airgeadais. Ó scaoileadh chun bealaigh muid, níl go leor airgid againn chun muid féin a chothú. Thugamar leanbh ar an saol i lár na géarchéime seo. Tríd an deontas seo a fháil fuaireamar cuidiú lenár mbillí a íoc agus lenár leanbh a chothú."
“Táim éirithe as agus tá mo bhean chéile dífhostaithe. Le linn COVID-19, rinneadh obráid ailse orm agus tá costais mhóra gan choinne le híoc agam anois. Trí óstáil ar Airbnb tugadh an deis dúinn ár morgáiste agus ár gcostais a íoc ach tá tionchar ag COVID ar ár n-áirithintí anois. Tríd an deontas seo a fháil cuideoidh sé seo linn teacht slán as an tréimhse dheacair seo."