2025 Nuashonrú Samhraidh

Anois is féidir leat níos mó a bhaint as Airbnb

Ní raibh i dTithe ach an tús. Seo chugaibh Seirbhísí Airbnb agus Eispéiris Airbnb in aip úrnua.

Brian Chesky, POF, ar an ardán agus é ag fógairt sheoladh Sheirbhísí Airbnb, Eispéiris Airbnb agus aip athdheartha Airbnb.

Seo chugaibh Seirbhísí Airbnb

Cuir in áirithe scoth na gcócairí príobháideacha, na dtraenálaithe, na suathaireachtaí agus eile.

Aip Airbnb ina dtaispeántar próifíl cócaire phríobháidigh agus na seirbhísí a thairgeann an cócaire

Cuir an dlaoi mhullaigh ar d'fhanacht

Faigh seirbhísí dochreidte ar raon praghsanna, díreach ag do lóistín Airbnb.

Aip Airbnb ina dtaispeántar earraí éagsúla seirbhíse agus cáilíochtaí an tsoláthraí

Scoth na saineolaithe, faoi do réir

Roghnaigh as na mílte seirbhís i 260 cathair—iad curtha ar fáil ag gairmithe iontaofa.

Cócairí

Béilí réitithe

Lónadóireacht

Grianghrafadóireacht

Traenáil phearsanta

Suathaireacht

Cóireálacha spá

Stíleáil gruaige

Smideadh

Cúram ingne

Déantar grinnfhiosrúchán ar sheirbhísí ar Airbnb maidir le hardchaighdeán

Déantar seirbhísí a mheas maidir le saineolas agus cáil.

Taithí ghairmiúil na mblianta

Cáil orthu ina réimse

Molta go hard ag custaiméirí

Ní bheidh sé crua ort é a thógáil go bog

Tá sé simplí seirbhís a fháil ar thuras nó sa bhaile. Brabhsáil agus déan áirithint ar an bpointe.

Aip Airbnb ina dtaispeántar seirbhís a cuireadh in áirithe agus ar íocadh aisti.

Seo chugaibh Eispéiris Airbnb

Na rudaí is barántúla le déanamh, cibé áit a bhfuil do thriall.

Aip Airbnb ina dtaispeántar trí chluaisín nua san aip athdheartha a léiríonn tithe, eispéiris agus seirbhísí, agus tá eispéiris aibhsithe.

Bain idir lán do shúl agus lánsult as áit

Aimsigh eispéiris dodhearmadta, á n‑óstáil ag muintir na háite a bhfuil an‑chur amach acu ar a gcathair.

Aip Airbnb ina dtaispeántar an leathanach liostaithe athdheartha maidir le hEispéireas Airbnb

Na mílte bealach chun gach áit a fheiceáil mar atá sí dáiríre

Idir áiteanna móra turasóireachta agus seoda ar chúl éaga, déan iniúchadh ar na mílte eispéireas ar fud an domhain.

 

Báigh thú féin sa chultúr

Féach sainchomharthaí, músaeim, áiteanna móréilimh nó léirithe beo.

Taiscéal saol an bhia

Freastail ar chúrsa cócaireachta, ócáid bhlaiste nó eispéiris eile bia.

Téigh ar eachtra amuigh faoin spéir

Glac páirt i dturais fiadhúlra, spóirt uisce nó eispéiris ar eitilt.

Ceiliúir na healaíona

Bain sult as dánlanna agus ailtireacht nó triail ceardlanna ealaíne.

Glac suaimhneas coirp agus intinne

Cuir in áirithe traenáil, ranganna folláine nó eispéiris áilleachta.

Téigh amach le duine ag a bhfuil cos istigh

Roghnaítear gach óstach mar gheall ar an dearcadh áitiúil agus an saineolas uathúil atá acu.

Treoraíonn Arnold turais ar mhuin capaill ar theampaill Inceacha in Cusco

Cuairt ar theampaill le misteach Aindéach

Á óstáil ag Arnold in Cusco

Lorg Saineachtraí Airbnb, aimsigh rud éachtach

Is é atá i gceist le Saineachtraí ná eispéiris den chéad scoth—á n‑óstáil ag na daoine is suimiúla ar domhan agus deartha do Airbnb.

Íomhánna d'eispéiris éagsúla Saineachtraí Airbnb amhail seisiún stiúideo le Chance the Rapper, siopadóireacht éadaí le stílí cáiliúil Jamie Mizrahi, agus dinnéar eisiach le Enrique Olvera, cócaire cáiliúil Meicsiceach.
Saineachtra

Bí mór le Chance the Rapper

Bí leis an rapálaí ag seisiún éisteachta tumthach ilchéadfach dá albam nua.
Íomhánna d'eispéiris éagsúla Saineachtraí Airbnb amhail seisiún stiúideo le Chance the Rapper, siopadóireacht éadaí le stílí cáiliúil Jamie Mizrahi, agus dinnéar eisiach le Enrique Olvera, cócaire cáiliúil Meicsiceach.
Saineachtra

Cuir cló nua ort féin le Jamie Mizrahi

Faigh comhairle faisin agus ceannaigh na treochtaí reatha leis an stílí cáiliúil.
Íomhánna d'eispéiris éagsúla Saineachtraí Airbnb amhail seisiún stiúideo le Chance the Rapper, siopadóireacht éadaí le stílí cáiliúil Jamie Mizrahi, agus dinnéar eisiach le Enrique Olvera, cócaire cáiliúil Meicsiceach.
Saineachtra

Déan tacos sráide le Enrique Olvera

Déan omakase taco uathúil le príomhchócaire bialainne cáiliúla, Pujol.

Faigh gach rud in aip úrnua Airbnb

 

Ligeann an aip athdheartha duit tithe, eispéiris agus seirbhísí a chur in áirithe—san aon áit amháin.

Aip Airbnb ina dtaispeántar trí chluaisín nua san aip athdheartha a léiríonn tithe, eispéiris agus seirbhísí.

Ligeann an aip athdheartha duit tithe, eispéiris agus seirbhísí a chur in áirithe—san aon áit amháin.

Aip Airbnb ina dtaispeántar moltaí ábhartha maidir le turas atá le teacht.

Taistealaíonn aip Airbnb leat anois

Taistealaíonn an aip leat anois

Faigh moltaí de réir do chinn scríbe, do chomhthaistealaithe agus dhátaí do thurais.

Aip Airbnb ina dtaispeántar an cluaisín Turais ina bhfuil sonraí amhail an t‑am don tseiceáil isteach.

Féach a bhfuil romhat ar Turais

Féach sceideal laethúil do thurais agus gach rud atá curtha in áirithe agat.

Aip Airbnb ina dtaispeántar teachtaireacht ó aoi chuig óstach seirbhíse chun béile atá le teacht a shaincheapadh.

Tá níos mó ná focail i dteachtaireachtaí

Roinn grianghraif, físeáin, saincheap is íoc as seirbhísí—sa teachtaireacht féin.

Aip Airbnb ina dtaispeántar an cluaisín nuashonraithe Próifíl a thaispeánann turais agus teagmhálaithe.

Tá cuma níos fearr ná riamh ar do Phróifíl

Cuir do phróifíl in eagar, roinn na turais a rinne tú agus féach na daoine a casadh ort.

Bealaí nua le hóstáil. Uirlisí nua don óstáil.

Is féidir le hóstaigh a ngnólacht a fhorbairt le huirlisí nua chun tithe, eispéiris agus seirbhísí a bhainistiú.

Aip Airbnb ina dtaispeántar áirithintí reatha, meabhrúcháin leantacha agus áirithintí atá le teacht.
Coinnigh Inniu faoi stiúir, gach lá

Féach d'áirithintí go léir d'aon amharc, seol meabhrúcháin agus glac nótaí aíonna.

Aip Airbnb ina dtaispeántar go bhfuil gach rud níos sorochtana san fhéilire athdheartha.
Féilire atá chun tosaigh

Faigh amhairc nua, oiriúnú breise agus leideanna faoi chostas na hoíche.

Aip Airbnb ina dtaispeántar a fhusacht is atá sé do shocruithe agus do shonraí a choigeartú sa chluaisín Liostuithe.
Cuir do Liostuithe in eagar gan stró

Coigeartaigh do shonraí, do shuíomh nó do phraghsáil ón gcluaisín Liostuithe.

Aip Airbnb ina dtaispeántar Tuilleamh an óstaigh agus Léargas sa chluaisín Roghchlár.
FPO
Tá Feidhmíocht le fáil anois ar an Roghchlár

Tá Tuilleamh agus Léargas in airde chun go bhfeiceann tú d'aon amharc conas atá ag éirí leat.

D'fhéadfadh infhaighteacht earraí agus eispéireas an úsáideora a bheith éagsúil de réir an tsuímh.