Freagraí tapa a úsáid chun am a shábháil

Cruthaigh teimpléid teachtaireachta chun ceisteanna coitianta ó aíonna a fhreagairt.
Le Airbnb ar an 12 Noll 2018
Léamh 2 nóiméad
Nuashonraithe ar an 1 Beal 2024

Is minic a chuireann aíonna éagsúla na ceisteanna céanna ar Óstaigh: Cad é an pasfhocal Wi-Fi? Conas a úsáidfidh mé an tobán te? Cá bhfaighidh mé áit iontach le hithe in aice láimhe? 

Is féidir leat do chuid freagraí a athúsáid—agus freagairt go tapa gach uair—trí fhreagraí tapa a chur ar bun sa chluaisín Teachtaireachtaí.

Is teimpléid teachtaireachtaí gearra iad freagraí tapa a bhaineann le hábhair ar leith. Cruthaíonn tú iad roimh ré lena seoladh nuair a bheidh tú ag comhrá le haoi. Is féidir leat teachtaireachtaí a sceidealú freisin chun eolas a roinnt go huathoibríoch ag amanna ar leith, amhail an lá roimh an tseiceáil isteach. 

Nuair atá freagraí tapa agat beidh sé níos éifeachtaí teachtaireachtaí a sheoladh agus ionchais aíonna a chomhlíonadh. “Sábhálann teimpléid go leor ama dom,” arsa Sally, Óstach in Snoqualmie, Washington. “Is féidir liom ceithre fhiosrú ó aíonna a fhreagairt faoi bhun 10 nóiméad."

Freagraí tapa a chur ar bun

Tá sé éasca freagraí tapa a chruthú i do shocruithe teachtaireachtaí. Is féidir leat teimpléid nua a chruthú nó ábhar a roghnú—amhail treoracha don tseiceáil amach, eolas an bhealaigh nó an pasfhocal Wi-Fi—as liosta na dteimpléad le cur in eagar.

Is fearr a oibríonn freagraí tapa nuair a bhíonn gach ceann acu gairid agus dírithe ar ábhar amháin. Mar shampla, d'fhéadfá do threoracha don tseiceáil isteach a roinnt i bhfreagra amháin agus do lámhleabhar tí a roinnt i bhfreagra eile. Léigh na freagraí tapa samplacha thíos chun inspioráid a fháil.

Is féidir leat do chuid freagraí tapa a phearsantú trí ghearrchóid a chur iontu. Ionadchoinneálaithe is ea gearrchóid a líonann isteach sonraí na háirithinte, an liostaithe agus na n-aíonna go huathoibríoch nuair a sheolann tú teachtaireacht. Seo cúpla sampla:

  • Céadainm an aoi
  • Dáta don tseiceáil isteach
  • Féinseiceáil isteach 
  • Ainm an liostaithe
  • Seoladh an liostaithe
  • Pasfhocal Wi-Fi

Baineann go leor gearrchód úsáid as sonraí an liostaithe chun na bearnaí a líonadh, mar sin, bí cinnte go bhfuil do chuid eolais críochnaithe agus cothrom le dáta. Ní sheolfar teachtaireachtaí i gceart má tá gearrchóid fholmha iontu.

Freagraí tapa a sheoladh

Is féidir leat freagraí tapa a úsáid aon uair a bheidh tú ag cur teachtaireachtaí chuig aíonna. Roghnaigh freagra tapa tríd an deilbhín in aice le “Scríobh teachtaireacht” a roghnú. Nó bain úsáid as an ngné freagraí tapa a mholann IS, agus molfaidh sí ceann duit.

Aithníonn IS ábhair áirithe i dteachtaireachtaí ó aíonna agus i do chuid freagraí tapa. Molann sí go huathoibríoch freagra tapa de do chuid a d'fhéadfadh ceist a fhreagairt. 

Beidh an freagra tapa molta le feiceáil i do chomhrá leis an aoi, ach ní fheicfidh ach tusa é. Bíonn an deis agat i gcónaí aon fhreagra tapa a chur in eagar sula seolfaidh tú é.

Freagraí tapa samplacha

Seo roinnt samplaí de fhreagraí tapa ina bhfuil gearrchóid. Cuir isteach aon ghearrchóid is mian leat a úsáid as an roghchlár anuas. Ní oibreoidh siad má chlóscríobhann tú de láimh iad i do fhreagra tapa.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
12 Noll 2018
Ar chabhraigh sé seo leat?