Cumarsáid a shimpliú

Sceidealaigh teachtaireachtaí agus seol freagraí tapa chun do ghnólacht a mhéadú.
Le Airbnb ar an 4 Ean 2024
Léamh 2 nóiméad
Nuashonraithe ar an 4 Ean 2024

Féadann teachtaireachtaí sceidealaithe agus freagraí tapa am a shábháil duit. Agus tú ag scríobh na dteachtaireachtaí sin, cuimhnigh air gur mó an seans go léifidh aíonna iad má bhíonn siad tráthúil gearr.

Teachtaireachtaí sceidealaithe

Seol teachtaireachtaí sceidealaithe chuig aíonna go huathoibríoch tar éis dóibh gníomhartha áirithe a dhéanamh, amhail fanacht a chur in áirithe, seiceáil isteach agus seiceáil amach.

Smaoinigh ar theachtaireachtaí a sceidealú do na tráthanna sin.

  • Fiosrú nó iarratas ar áirithint: Tabhair freagra láithreach bonn (nó laistigh de 24 uair an chloig ar a mhéad) nuair a dhéanfaidh aíonna teagmháil leat.
  • Deimhniú áirithinte: Gabh buíochas le haíonna as áirithint a dhéanamh, agus inis dóibh go bhfuil tú ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt.
  • Roimh an tseiceáil isteach: Idir 24 agus 48 uair an chloig roimh ré, cuir i gcuimhne d'aíonna cá háit a bhfuil treoracha don tseiceáil isteach le fáil, agus roinn nótaí maidir le dul isteach sa teach. 
  • Tar éis an tseiceáil isteach: Cuir ceist faoin dóigh a bhfuil gach rud ag éirí leis na haíonna go gairid tar éis dóibh teacht.
  • Roimh an tseiceáil amach: Seol meabhrúchán cairdiúil faoin am don tseiceáil amach an oíche sula n-imeoidh aíonna chun cabhrú le seiceáil amach dhéanach a chosc.
  • Tar éis na seiceála amach: Gabh buíochas le haíonna agus iarr orthu léirmheas a fhágáil. Déan léirmheas orthusan a luaithe is féidir leat.

Freagraí tapa

Freagair ceisteanna coitianta le tapáil nó cliceáil amháin trí fhreagraí tapa a chumadh. Is féidir leat na freagraí tapa céanna a úsáid ag na liostuithe go léir atá agat.

Pearsantaigh do chuid freagraí le gearrchóid a líonann sonraí aíonna, áirithinte agus liostaithe isteach go huathoibríoch. Cinntigh go bhfuil sonraí uile do liostaithe críochnaithe sula n-úsáidfidh tú gearrchóid.

Roinnt samplaí de ghearrchóid:

  • Céadainm an aoi
  • Dáta don tseiceáil isteach
  • Am don tseiceáil isteach
  • Dáta don tseiceáil amach
  • Am don tseiceáil amach
  • Modh seiceáil isteach
  • Treoracha don tseiceáil amach
  • Eolas an bhealaigh
  • Treoirleabhar
  • Lámhleabhar tí
  • Rialacha tí
  • Ainm Wi-Fi
  • Pasfhocal Wi-Fi

Má úsáideann tú bogearraí atá nasctha le API, beidh rochtain agat ar na gnéithe sin ó do bhogearraí má chomhtháthaigh do sholáthraí iad. Murar chomhtháthaigh, déan teagmháil le do sholáthraí chun a fháil amach cathain a bheidh siad ar fáil.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
4 Ean 2024
Ar chabhraigh sé seo leat?