Na 10 rud is suntasaí ó Airbnb: Nuashonrú Geimhridh 2022
Mar Óstaigh, thug sibh go leor aiseolais dúinn le bliain anuas. As siocair bhur n-aiseolais, rinneamar athruithe chun an t-eispéireas óstála a fheabhsú.
Aircover d'Óstaigh
1. Níos mó AirCover fós: Anois cuimsíonn AirCover d'Óstaigh cosaintí do charranna agus do bháid atá páirceáilte ag do theach, chomh maith le clúdach leathnaithe d'ealaín agus d'earraí luachmhara. Táimid ag méadú cosaint damáiste, ó $1 mhilliún USD go $3 mhilliún USD.
2. Deimhniú aitheantais aoi: Tá deimhniú aitheantais leathnaithe chuig gach aoi a chuireann taisteal in áirithe sna 35 thír agus réigiún is mó a bhfuil tóir orthu in Airbnb, agus is ionann sin agus 90% de na háirithintí go léir. Cuirfimid é seo ar fáil ar fud an domhain go luath in 2023.
3. Scagadh áirithintí: D'fhorbraíomar teicneolaíocht scagtha áirithintí a dhéanann anailís ar thart ar chéad toisc chun aird a tharraingt ar áirithintí ar dócha go mbeadh cóisirí neamhúdaraithe nó damáiste do réadmhaoin i gceist leo. Tar éis tástáil rathúil san Astráil, táimid ag seoladh teicneolaíocht scagtha áirithintí sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada, agus beidh sí ar fáil ar fud an domhain go luath in 2023.
4. Próiseas aisíocaíochta níos simplí: Is féidir leat iarratas ar aisíocaíocht a chur isteach i gcúpla céim.
Príomhrialacha d'aíonna
5. Aíonna níos freagraí: Táimid ag tabhairt isteach príomhrialacha d'aíonna, sraith nua de chaighdeáin infheidhmithe lena gceanglaítear ar aíonna meas a bheith acu ar do theach agus cloí le do rialacha tí. Aontóidh gach aoi leis na príomhrialacha seo roimh áirithint a dhéanamh. Coinneoimid aíonna cuntasach trí chóras oideachais, fionraí agus, más gá, baint den ardán.
Feabhsuithe ar an gcóras léirmheasanna
6. Léirmheasanna mionsonraithe ar aíonna: Beidh tú in ann níos mó sonraí a scríobh nuair a fhanfaidh duine agat, agus níos mó eolais a léamh ó Óstaigh eile faoi aíonna. Cuideoidh do chuid aiseolais leis na príomhrialacha a fhorfheidhmiú.
7. Cosaintí ar léirmheasanna díoltais: Beidh tú ábalta aon léirmheas díoltais a dhíospóid, is cuma cé chomh fada ó shin a postáladh é. Ina measc sin tá léirmheasanna ó aíonna a sháraíonn do ghnáthrialacha tí go mór, a eagraíonn cóisir i do theach, a dhéanann damáiste do do réadmhaoin nó a sháraíonn tréimhse a n-áirithinte.
Mear-íocaíocht
8. Íocaíochtaí níos tapúla: Seachadann Mear-íocaíocht, modh eisíocaíochta nua, do chuid airgid laistigh de 30 nóiméad tar éis do Airbnb é a scaoileadh, fiú ar laethanta saoire agus ag an deireadh seachtaine. Tá Mear-íocaíocht ar fáil sna Stáit Aontaithe i mbliana ar tháille 1.5%, le huasteorainn de $15 USD in aghaidh na heisíocaíochta.
Léigh sonraí faoi Mhear-íocaíochtCatagóirí Airbnb
9. Uirlisí catagóire: Go luath in 2023, beidh tú ábalta an chatagóir ina bhfuil do theach a sheiceáil. Beidh tú ábalta níos mó sonraí a chur leis freisin faoi ghnéithe de d'áit ionas gur féidir do theach a chur sa chatagóir cheart.
10. Catagóirí nua: Táimid ag cur catagóirí nua leis chun cuidiú le haíonna níos mó de bhur dtithe a aimsiú. Seo na Catagóirí Airbnb is déanaí: Nua, I mBéal an Phobail, Tithe Hanok, Sna Sléibhte, Gan Céimeanna Isteach, Súgradh agus Seomraí Príobháideacha.
Léigh a bhfuil nua le Catagóirí Airbnb
An bhfuil aithne agat ar dhuine atá ag iarraidh dul i mbun óstála? Inis dó nó di faoi Airbnb Tús Maith—bealach úrnua fíor-éasca chun do theach a chur ar Airbnb le treoir duine le duine saor in aisce ó Sháróstach.
Má tá smaointe agat faoin nuashonrú is déanaí, bímid ag éisteacht i gcónaí. Seol d'aiseolas chugainn, le do thoil.Léigh ár dtreoir faoi Airbnb: Nuashonrú Geimhridh 2022
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.