Níl an t-ábhar seo ar fáil i do theanga roghnaithe, mar sin chuireamar ar fáil é sa teanga is cosúla léi atá ar fáil.

Seo chugat 25 uasghrádú, ón bhféilire go dtí an tseiceáil amach

POF Airbnb, Brian Chesky, a roinneann na gnéithe is déanaí atá spreagtha ag aiseolas ó Óstaigh.
Le Airbnb ar an 26 Márta 2024
Físeán 5 nóiméad
Nuashonraithe ar an 26 Márta 2024

Cuimsíonn Airbnb: Nuashonrú Samhraidh 2023 gach cineál gné nua ar fud an eispéiris óstála. Le Rochtain Luath, is féidir leat tosú ar a n-úsáid inniu.

Uirlisí praghsála athdheartha

Tá na huirlisí praghsála go léir san fhéilire anois—ionas gur féidir leat do phraghsanna a shocrú agus a choigeartú go héasca ó áit amháin. Leis an miondealú nuashonraithe ar an bpraghas, feicfidh tú an praghas iomlán d'aíonna agus an méid a thuillfidh tusa.

Tuilleadh eolais

Déan comparáid idir liostuithe comhchosúla

Is féidir leat, den chéad uair riamh, do phraghas a chur i gcomparáid le meánphraghas liostuithe den chineál céanna a cuireadh in áirithe in aice láimhe—rud a chuideoidh leat a bheith níos iomaíche.

Faigh tuilleadh eolais

Svaidhpeáil chun dátaí a roghnú agus an t-amharc bliantúil

Is féidir leat svaidhpeáil chun raon dátaí a roghnú ar d'fhéilire san aip anois—ní chaithfear gach lá a thapáil ceann ar cheann a thuilleadh. Agus ag teacht go luath, faigh forléargas 12 mhí leis an amharc bliantúil nua.

Tuilleadh eolais

Treoracha ionsuite don tseiceáil amach

Cuir treoracha coitianta don tseiceáil amach le do liostú go tapa, agus cuir iarratais shaincheaptha leo go héasca. Cuirfear na tascanna i gcuimhne d'aíonna sula n-imeoidh siad, agus is féidir leo tapáil chun tú a chur ar an eolas nuair a bheidh siad seiceáilte amach.

Tuilleadh eolais

Admhálacha léite sa bhosca isteach

Gheobhaidh tú féin agus d'aíonna admhálacha léite ionas go mbeidh a fhios agaibh gur léadh teachtaireacht. Ina theannta sin, is féidir leat treoracha don tseiceáil amach a roinnt níos tapúla le freagraí tapa nua.

Tuilleadh eolais

Ceadanna agus eisíocaíochtaí do Chomhóstaigh

Tá sé éasca cuireadh a thabhairt do Chomhóstaigh nua, agus is féidir ceadanna Comhóstaigh a shocrú ach tapáil. Roghnaigh rochtain iomlán, rochtain ar an bhféilire agus rochtain ar an mbosca isteach, nó rochtain ar an bhféilire amháin. Is féidir leat eisíocaíochtaí ó d'áirithintí a chumrú agus a roinnt le do Chomhóstach freisin.

Tuilleadh eolais

Bí ar an gcéad duine le triail a bhaint as na gnéithe nua thuas

Le Rochtain Luath, is féidir leat tosú ag baint úsáid as na huasghráduithe seo inniu. Tabhair do chuid aiseolais dúinn ansin chun cabhrú linn an t-eispéireas a mhionchoigeartú.

Tuilleadh eolais

An liosta iomlán de na huasghráduithe d'Óstaigh

Féach an praghas iomlán

Feicfidh tú do phraghas iomlán in aghaidh na hoíche ar fud na haipe chun go mbeidh a fhios agat i gcónaí an méid a íocfaidh aíonna.

Svaidhpeáil chun dátaí a roghnú

Svaidhpeáil chun raon dátaí a roghnú nó a chur in eagar go tapa san fhéilire—ní gá gach lá ar leith a thapáil.

Treoracha ionsuite don tseiceáil amach

Cruthaigh treoracha don tseiceáil amach níos tapa fós ach roghnú as liosta réamhshocraithe de thascanna coitianta.

Admhálacha léite sa bhosca isteach

Gheobhaidh tú féin agus d'aíonna admhálacha léite ionas go mbeidh a fhios agaibh gur léadh teachtaireacht.

Cluaisín na gComhóstach

Le cluaisín nua feiceann tú gach Comhóstach agus is féidir leat a gceadanna agus a n-eisíocaíochtaí a bhainistiú.

Rochtain Luath

Is féidir leat triail a bhaint as gnéithe nua anois. Ansin cuidigh linn iad a mhionchoigeartú trí do chuid aiseolais a roinnt linn.

Miondealú ar an bpraghas

Taispeánann miondealú nuashonraithe ar an bpraghas an méid a íocfaidh aíonna agus an méid a thuillfidh tusa.

Déan comparáid idir liostuithe comhchosúla

Cuir do phraghas i gcomparáid le meánphraghas liostuithe den chineál céanna in aice láimhe chun go mbeidh tú iomaíoch i gcónaí.

Socruithe praghsála agus infhaighteachta

Nuashonraíodh uirlisí féilire athnuaite le haghaidh eispéireas comhsheasmhach ar gach gléas.

Lascainí seachtainiúla agus míosúla

Úsáid sleamhnán nua chun lascainí a shocrú nó a choigeartú, agus féach an praghas a íocfaidh aíonna ag an am céanna.

Amharc an fhéilire bhliantúil ar fhón póca

Beidh tú in ann féachaint ar d'infhaighteacht don bhliain go luath, chomh maith le praghas gach míosa—ar an aon scáileán.

Sonraí saincheaptha don tseiceáil amach

Cuir iarratais shonracha le do threoracha don tseiceáil amach atá uathúil do do theach.

Eolas uathoibríoch don tseiceáil amach

Seolfar do shonraí don tseiceáil amach go huathoibríoch d'aíonna lá sula n-imeoidh siad.

Fógraí faoin tseiceáil amach le tapáil amháin

Le tapáil amháin, is féidir le haíonna tú a chur ar an eolas anois nuair a bheidh siad seiceáilte amach as d'áit.

Freagraí tapa don tseiceáil amach

Bain úsáid as freagraí tapa agus teachtaireachtaí sceidealaithe chun do threoracha don tseiceáil amach a roinnt go héasca.

Buaicphointí ó léirmheasanna Óstach Seomraí

Tá sleachta suntasacha faoin Óstach le feiceáil anois ar phróifíl Óstach Airbnb Seomraí.

Fíricí fánacha ar an bpróifíl

Saincheap do phróifíl le sonraí spraíúla nua, amhail an t-amhrán ab ansa leat ar scoil.

Stair taistil an Óstaigh

Roinn turais a rinne tú ar Airbnb chun tuiscint níos fearr a thabhairt d'aíonna ar an gcineál taistil a thaitníonn leat.

Ábhair spéise an Óstaigh

Is féidir leat caitheamh aimsire a roghnú as liosta réamhshocraithe anois le féachaint an bhfuil suim agat féin agus ag aíonna sna rudaí céanna.

Próifíl níos mionsonraithe ag aíonna

Is féidir le haíonna sonraí nua a chur lena bpróifíl, ionas go mbeidh níos mó eolais agat faoin duine atá ag cur d'áite in áirithe.

Cuirí níos simplí do Chomhóstaigh

Tá sé níos éasca ná riamh anois cuireadh a thabhairt do Chomhóstaigh chun cabhrú le do liostuithe a bhainistiú.

Ceadanna nua do Chomhóstaigh

Socraigh ceadanna nua agus roghnaigh: rochtain iomlán, rochtain ar an bhféilire agus ar an mbosca isteach, nó rochtain ar an bhféilire amháin.

Eisíocaíochtaí nua do Chomhóstaigh

Is féidir leat eisíocaíochtaí i bhfoirm céatadáin nó méid seasta a roinnt le Comhóstach anois.

Deimhniú aitheantais aíonna

Déanfar deimhniú aitheantais ar gach aoi a dhéanfaidh áirithint ar fud an domhain.

Scagadh áirithintí ar fud an domhain

Tá an teicneolaíocht chun baol cóisirí agus damáiste a laghdú ar fáil ar fud an domhain anois.

Airbnb Seomraí: Leis an ngné nua, Faisnéis ar an Óstach

Tá Faisnéis ar an Óstach le feiceáil san athchóiriú ar sheomraí príobháideacha chun cabhrú le haíonna aithne a chur ort sula ndéanfaidh siad áirithint, chomh maith le huirlisí cuardaigh a chuireann le do liostú.

Faisnéis ar an Óstach
Roinn sonraí fút féin le haíonna, amhail an caitheamh aimsire atá agat, ainm do pheata, fíricí fánacha agus an rud a fhágann go bhfuil sé speisialta fanacht agat.

Scagairí athdheartha
Leis na scagairí nuashonraithe tá sé simplí d'aíonna aistriú idir chineálacha fanachta agus meánphraghsanna seomraí agus tithe a fháil go héasca.

Catagóir Seomraí
Tá sé níos fusa ná riamh d'aíonna iniúchadh a dhéanamh ar liostuithe i Seomraí leis an gcatagóir nua atá ar bharr ár leathanaigh baile.

Faigh tuilleadh eolais faoi Airbnb Seomraí

Airbnb
26 Márta 2024
Ar chabhraigh sé seo leat?