Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Rialacha

Treorlínte maidir le Trádmharcanna

Braitheann Airbnb go bhfuil freagracht mhór air freastal ar a phobal, ina measc sin Óstaigh, aíonna, comhpháirtithe agus daoine eile a úsáideann ár n-ardán agus ár seirbhísí, nó a thagann orthu. Gné amháin den fhreastal a dhéanaimid ar ár bPobal is ea ár dtrádmharcanna agus ár mbranda a chosaint. Ní theastaíonn uainn go mbeadh mearbhall ar ár bPobal ná ar aon duine eile cé acu atá rud éigin formhuinithe, rialaithe nó údaraithe againn nó nach bhfuil. Dearadh na Treoirlínte seo chun ár mbranda a chosaint, agus chun cabhrú leat eolas faoi Airbnb a roinnt go freagrach.

Is cuid dár dTéarmaí Seirbhíse iad na Treoirlínte seo. Trí úsáid a bhaint as aon cheann de sheirbhísí Airbnb, tá tú ag aontú leis na Treoirlínte seo, lenár dTéarmaí Seirbhíse, agus lenár bpolasaithe eile.

1. Trádmharcanna Airbnb

I measc trádmharcanna Airbnb, tá ainm Airbnb, lógó Airbnb, lógó Bélo, suaitheantas an tSáróstaigh agus Aircover, chomh maith le gach focal, mana, deilbhín, lógó, grafaic, dearadh agus táscaire eile a shainaithníonn Airbnb, na heintitis atá bainteach leis, nó a sheirbhísí nó a tháirgí. Tá an-iarracht déanta againn chun a chinntiú go bhfuil gach rud a chuirimid ar fáil duit ar an gcaighdeán is airde, agus léiríonn ár mbranda na hiarrachtaí sin. Sin é an fáth a gcosnaímid ár mbrandaí go forleathan, trínár dtrádmharcanna agus ár dtrád-dealramh sna Stáit Aontaithe agus ar fud an domhain a chlárú.

NÍL cead agat lógó Airbnb, lógó Bélo ná trádmharcanna, lógónna ná deilbhíní ar bith de chuid Airbnb a úsáid mura bhfuil cead foirmiúil scríofa agat ó fhoirne cuí gnó nó dlíthiúla Airbnb, Inc. Is é an t-aon eisceacht na húsáidí teoranta de “Airbnb” a shonraítear i Rannóg 2 thíos.

Seachain mearbhall i dtaca le Trádmharcanna Airbnb

Rudaí is ceart a dhéanamh

  • Glac agus úsáid ainm, lógó agus féiniúlacht bhranda atá difriúil le trádmharcanna agus gnéithe branda Airbnb, ina measc sin dath, cló nó cló-aghaidh.

Rudaí NÁR ceart a dhéanamh

  • Ná húsáid lógó Bélo i bhfoirm ar bith, cibé acu as féin nó in éineacht le hainm gnó, trádmharc, ainm cuntais ar na meáin shóisialta, nó téarma cineálach eile.
  • Ná húsáid “Airbnb,” “Air,” “bnb,” “b&b” ná téarmaí comhchosúla in ainm do láithreáin gréasáin, in ainm gnó, in ainm táirge, i dtrádmharc, i gclárú fearainn, i leasainm ar na meáin shóisialta, i sócmhainn bhranda, srl.
  • Ná bíodh dath sainiúil Rausch Airbnb le taispeáint go feiceálach i do chuid ábhair, ina measc sin do thrádmharcanna, do lógónna, do dhearaí nó do ghnéithe branda eile.
  • Ná húsáid “Airbnb” mar théarma ionaid do “lóistín ar chíos gearrthéarmach” nó téarmaí comhchosúla.

Samplaí

Go hiontach!

Ní hea...

Bob’s Best Island Rental

Airbnbike

Red's Rental Cleaning

Sunbnb nó Sun Bnb

Anna's Island Escape

Múinteoir BNB

rentmyskihaus.com

Bikebandb nó Bikeb&b

Bike and Stay Rentals

nicebnb.com

STR Management Co

airmansion

2. Ár n-ainm, “Airbnb”, a úsáid

Is féidir leat labhairt faoi Airbnb (an chuideachta) nó “Airbnb” a úsáid chun cur síos fíorasach a dhéanamh ar a bhfuil á thairiscint agat. Mas é seo atá i gceist i do chás féin, cloígh leis na treoirlínte seo a leanas i gcónaí:

Bí fíriciúil cruinn tuairisciúil

Rudaí is ceart a dhéanamh

  • Níl cead “Airbnb” a lua ach ar bhealach ina ndéantar cur síos macánta cruinn ar do chaidreamh le Airbnb, an chuideachta, agus/nó táirgí a thagann ó Airbnb nó atá údaraithe ag Airbnb, amhail “Óstach Airbnb”, “liostú Airbnb”, “aip Airbnb” agus eile.
  • Ná húsáid “Airbnb” ach i gcorpthéacs (ní i dteidil ná i gceannlínte, mar shampla) agus bíodh an méid, an cló, an dath agus an stíl mar an gcéanna leis an gcuid eile den chorpthéacs.

Rudaí NÁR ceart a dhéanamh

  • Ná húsáid “Airbnb” ar bhealach a thugann comhpháirtíocht, urraíocht ná tacaíocht le tuiscint, ina measc sin mar chuid de d'ainm gnó agus/nó mar théarma brandáilte (m.sh. “Bainistíocht Réadmhaoine Airbnb”).
  • Ná húsáid an focal “Airbnb” níos mó ná mar is gá chun cur síos fíorasach a dhéanamh ar do chaidreamh le Airbnb. Má tá an bhrí chéanna leis an nath nó leis an abairt gan an focal “Airbnb”, bain é.
  • Ná húsáid “Airbnb” riamh chun cur síos a dhéanamh ar lóistíní ar chíos gearrthéarmach, ar lóistíní sealadacha nó ar bhainistíocht cóiríochta i gcoitinne.

Úsáid i gceart é

Rudaí is ceart a dhéanamh

  • Scríobh mar “Airbnb” é — focal amháin, le ceannlitir “A”. Ní “AirBNB”, “AirBnB” nó “AirBnb” é, agus níor cheart é a bhriseadh óna chéile riamh amhail “Air BNB” nó “Air B&B”.

Rudaí NÁR ceart a dhéanamh

  • Ná hathraigh “Airbnb”, ná cuir leis agus ná bain rud ar bith de — ní ghlactar le “Abb”, “Airbnb-óir”, “Airbnb-ach”.
  • Ná húsáid “Airbnb” mar bhriathar.
  • Arís, toisc go bhfuilimid lándáiríre faoi seo — ná húsáid “Airbnb” riamh chun cur síos a dhéanamh ar lóistíní ar chíos gearrthéarmach, lóistín sealadach nó ar bhainistíocht cóiríochta i gcoitinne.

Samplaí

Ceart: Fíorasach agus Tuairisciúil

Mícheart: Mearbhlach, Míthreorach

Is Cuideachta Bainistíochta Réadmhaoine muid a dhéanann speisialtóireacht ar liostuithe Airbnb

Is Cuideachta Bainistíochta Airbnb muid

Soláthraímid seirbhísí gairmiúla glantacháin do réadmhaoine Airbnb

Seirbhísí gairmiúla glantacháin Airbnb

Mo Chuid Leideanna maidir le bheith i d'Óstach Airbnb

Clár Oiliúna Airbnb

Is fada liom go mbeidh mé i m'Óstach Airbnb

Táimid ag Airbnb-áil ár dtí

Rinne mé iarratas ar phost ag Airbnb

D'Airbnb-áil muid an teach iontach seo

Grúpa Meán Sóisialta d'Óstaigh Airbnb

Grúpa Óstach Airbnb [i g Cathair/i dTír]

Do Chuideachtaí Bainistíochta Réadmhaoine

Más mian leat do chuideachta bainistíochta lóistíní ar chíos gearrthéarmach a fhógairt, baineann na treoirlínte thuas leat freisin. Ná déan dearmad ach an oiread gan “Chuideachta Bainistíochta Airbnb” a thabhairt ort féin nó “caidreamh eisiach” le Airbnb a mhaíomh, rud a d'fhéadfadh mearbhall a chur ar úsáideoirí agus a d'fhágfadh go gceapfaidís go bhfuil comhcheangal agat le Airbnb. Is féidir leat a lua go mbainistíonn tú nó go seirbhísíonn tú tithe atá liostaithe ar Airbnb, ach níor cheart go mbeadh Airbnb ina phríomhghné ar do láithreán gréasáin nó ar aon ábhar fógraíochta eile.

Má tá láithreán gréasáin agat, ní mór duit nochtadh feiceálach mar seo a leanas a chur ar do láithreán gréasáin, “is tríú páirtí neamhspleách é [ainm do chuideachta] agus ní thacaíonn Airbnb, Inc. ná a chleamhnaithe leis agus ní bhaineann Airbnb, Inc. ná a chleamhnaithe leis”. Má tá áiritheoir tuillimh, foirm theagmhála nó aon sonraí úsáideora eile gafa ar do láithreán gréasáin, taispeáin an séanadh go feiceálach thíos faoin gcnaipe CTA.

Do Chomhpháirtithe

Ní mór do chomhpháirtithe cead i scríbhinn a bheith acu chun ár dtrádmharcanna a úsáid. Má tá cead agat ár dtrádmharcanna a úsáid, ceanglaítear ort cloí leis na treoirlínte branda is déanaí a sholáthraíonn do phointe teagmhála in Airbnb atá ábalta aon cheist maidir leis na treoirlínte sin nó le treoirlínte breise a fhreagairt.

An raibh an mhír seo úsáideach?

Míreanna gaolmhara

Faigh cabhair le d'áirithintí, do chuntas, agus rudaí eile.
Logáil isteach nó cláraigh