CLÁR GRIANGHRAFADÓIREACHTA GAIRMIÚLA
Cuir barr feabhais ar d'áit
Lig do dhuine gairmiúil do spás a ghabháil sa solas is fearr chun do liostú a thabhairt chun suntais.
Tosaigh






Cén fáth a roghnófá grianghrafadóireacht ghairmiúil Airbnb
Tarraing suntas ort os comhair aíonna
Tá grianghraif ghairmiúla ardchaighdeáin ar cheann de na tosca is mó a bhféachann aíonna orthu agus iad ag cinneadh cén liostú is ceart a chur in áirithe. Cuidíonn grianghraf cumhdaigh tarraingteach agus gailearaí snasta le do liostú aird a tharraingt agus aíonna ag brabhsáil, rud a thugann buntáiste duit ar do chéilí iomaíochta.

Níl aon réamhíocaíocht i gceist
Bainfear costas an dreasa fótagrafaíochta as eisíocaíochtaí amach anseo agus ní chuirfear ar do chuntas é go dtí go mbeidh na híomhánna nua beo. Íocann 85% d'Óstaigh as an dreas fótagrafaíochta le háirithint amháin. 3

Mionleasú
Cuirimid ár stíl mionleasaithe shainiúil Airbnb ar do chuid íomhánna le haghaidh cuma chothrom shnasta. Nuair a bheidh na híomhánna próiseáilte, déanfaimid iad a uaslódáil go díreach chuig leathanach do liostaithe. Ag brath ar mhéid do réadmhaoine, gheobhaidh tú idir 15 agus 25 íomhá mhionleasaithe. Ar an meán, beidh na híomhánna nua beo ar leathanach do liostaithe faoi cheann seachtaine ón dreas fótagrafaíochta.Nuair a fhoilseofar na híomhánna ar do liostú, is féidir leat iad a athordú nó a scriosadh chun do shástachta.

21%
méadú ar thuilleamh óstach
D'fhéadfadh sé go dtuillfidh óstaigh a bhfuil grianghraif ghairmiúla acu níos mó ná óstaigh eile ina gceantar. 1
19%
tuilleadh áirithintí
Faigheann liostuithe le Grianghrafadóireacht Ghairmiúil Airbnb níos mó áirithintí ar an meán. 2
85%
íoc as in oíche amháin
Tagann an íocaíocht ó áirithintí amach anseo agus íocann 85% d'Óstaigh as in oíche amháin. 3
Déan teagmháil le Elevate
Is uirlis í Elevate a úsáideann Airbnb chun Óstaigh agus Grianghrafadóirí a chur le chéile. Beidh tú in ann ár seirbhís a iarraidh, do dhul chun cinn a rianú, rochtain a fháil ar acmhainní, agus eile. Cliceáil ar an gcnaipe thíos chun tuilleadh eolais a fháil.
Tosaigh








Ceisteanna coitianta
An bhfaighidh mé cóip de na híomhánna mionleasaithe?
Nuair a bheidh do chuid íomhánna ceadaithe, foilseofar ar do liostú iad, agus ansin is féidir leat a n-ord a athrú, iad a scriosadh agus/nó teidil a chur leo. Ní féidir linn na híomhánna a sheoladh go díreach chugat, ach tá an rogha agat iad a íoslódáil go díreach ó leathanach do liostaithe Airbnb. Seo duit ceist choitianta ina bhfuil treoracha simplí.
An féidir liom na híomhánna a fhoilseofar ar leathanach mo liostaithe a roghnú?
Coimeádfaidh ár n-eagarthóirí rogha íomhánna dár ghlac an grianghrafadóir. Déanfaidh siad mionleasú orthu agus uaslódálfaidh siad chuig leathanach do liostaithe iad. Tá smacht iomlán agat ar d'íomhánna: is féidir leat iad a athordú, íomhánna a scriosadh nó cinn nua a chur leis. Is féidir leat teidil a chur leo freisin.
Cad a tharlóidh do na híomhánna atá agam cheana?
Nuair a bheidh an dreas fótagrafaíochta críochnaithe, déanfaidh ár n-eagarthóirí grianghraf mionleasú ar na híomhánna agus uaslódálfaidh siad ar leathanach do liostaithe iad. Ní bhainfear aon cheann de na híomhánna atá ann cheana. Féach an mhír chabhrach seo chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi ar féidir leat aon cheann de na híomhánna seo a chur in eagar, a chur nó a bhaint.
Cá fhad a thógfaidh sé na híomhánna mionleasaithe a fháil ar leathanach mo liostaithe?
Nuair a bheidh an dreas fótagrafaíochta críochnaithe, foilseofar na híomhánna nua ar leathanach do liostaithe faoi cheann 8 lá de ghnáth.
Cá fhad a thógfaidh sé tú a chur le grianghrafadóir?
Nuair a ghlacfaidh tú leis an tairiscint grianghrafadóireachta gairmiúla, cuirfimid i dteagmháil le grianghrafadóir áitiúil thú. De ghnáth, tógann sé thart ar 48 uair an chloig tú a chur le grianghrafadóir áitiúil. Tabhair faoi deara go bhfuil an tseirbhís seo faoi réir infhaighteacht an tsaorghrianghrafadóra agus cé acu atá nó nach bhfuil grianghrafadóirí i do cheantar.
Conas is féidir liom mo dhreas fótaghrafaíochta a athsceidealú?
Más gá duit do dháta don dreas fótagrafaíochta a athsceidealú, déan teagmháil le do ghrianghrafadóir sannta, le do thoil. Tabhair fógra 24 uair an chloig ar a laghad don ghrianghrafadóir.
Cén chaoi a n-ullmhóidh mé don dreas fótagrafaíochta?
Cinntigh go bhfuil do liostú néata agus nach bhfuil aon tranglam ann roimh an dreas fótagrafaíochta, léigh tuilleadh leideanna anseo. Molaimid freisin athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní atá ar fáil ar leathanach amlíne do dhreasa fótagrafaíochta ar Elevate.
An gá dom a bheith ann le linn an dreasa fótagrafaíochta?
Ní gá duit a bheith ann ach beidh ort a chinntiú go bhfuil teacht ag an ngrianghrafadóir ar do liostú. Bí cinnte agus cuir aon iarratais speisialta in iúl don ghrianghrafadóir roimh an dreas fótagrafaíochta freisin. Iarraimid ort do theach a bheith réidh don dreas fótagrafaíochta faoi 8:00 AM lá na coinne sceidealaithe.
Cad a tharlóidh más mian liom an tseirbhís a chur ar ceal tar éis dom í a iarraidh?
Cuir do ghrianghrafadóir ar an eolas a luaithe agus is féidir, le do thoil. Má chuireann tú an dreas fótagrafaíochta ar ceal laistigh de 24 uair an chloig roimhe, coimeádaimid an ceart táille chealaithe dhéanaigh $50 a ghearradh ort chun an grianghrafadóir a chúiteamh.
Ná déan dearmad go bhféadfadh sé nach ionann tuilleamh, áirithintí agus méadú ar an ráta in aghaidh na hoíche ó liostú go chéile. Ní torthaí cinntithe iad na sonraí staidrimh a thaispeántar agus ní gheallann nó ní thuarann Airbnb toradh ná rath áirithe maidir le do liostú.1 Tháinig méadú 21% ar Thuilleamh Óstach, ar an meán, sna 365 lá ina dhiaidh sin i gcás óstach a d'úsáid Grianghrafadóireacht Ghairmiúil Airbnb i gcomparáid le hóstaigh nár úsáid í. Ríomhadh an luach sin trí mheasúnú a dhéanamh ar an difríocht maidir le dollarluach Tuillimh Óstach idir liostuithe Tréimhsí Fanachta a bhfuil Grianghrafadóireacht Ghairmiúil Airbnb acu i gcás breis agus 14,700 liostú ar fud an domhain i rith bliana amháin ó 2024 go 2025, agus liostuithe nach bhfuil Grianghrafadóireacht Ghairmiúil Airbnb acu.2 Ar an meán, tháinig glanmhéadú 19% ar líon na n‑áirithintí a fuair liostuithe Tréimhsí Fanachta a d'úsáid Grianghrafadóireacht Ghairmiúil Airbnb sna 365 lá ina dhiaidh sin i gcomparáid le liostuithe nár úsáid í. Ríomhadh an luach sin trí mheastóireacht a dhéanamh ar an difríocht maidir le dollarluach glan-áirithintí idir liostuithe Tréimhsí Fanachta a raibh Grianghrafadóireacht Ghairmiúil Airbnb acu i gcás breis agus 14,700 liostú ar fud an domhain i rith bliana amháin ó 2024 go 2025, agus liostuithe nach raibh Grianghrafadóireacht Ghairmiúil Airbhb acu.3 Faigheann 85% d’óstaigh costas sheirbhísí grianghrafadóireachta gairmiúla Airbnb ar ais le fanacht oíche amháin. Tá an anailís seo bunaithe ar shonraí ó 39,270 óstach uathúil ar fud an domhain a d'íoc as seirbhísí grianghrafadóireachta gairmiúla Airbnb dá liostuithe, agus a bhfuil an próiseas dreasa fótagrafaíochta críochnaithe ina leith tríd an eisíocaíocht don ghrianghrafadóir.