Idir villa agus teach crainn, is cuma cén cineál tithe iad, ba chóir go mbeadh tithe atá liostaithe ar Airbnb ina n-áiteanna sábháilte le fanacht. Ní mór d'óstaigh spás slán a chur ar fáil agus ceanglaítear orthu guaiseacha sábháilteachta áirithe a nochtadh agus aghaidh a thabhairt orthu.
Faigh tuilleadh eolais faoinár dtreoirlínte sábháilteachta maidir le seirbhís agus eispéiris.
Tá óstaigh freagrach as teach sábháilte a choinneáil, lena n-áirítear aon áiteanna a bhfuil rochtain ag aoi orthu le linn a fhanachta nó a fanachta (m.sh.: saoráidí ar an láthair, amhail ionaid aclaíochta nó clóis súgartha, agus áiteanna coiteanna, amhail staighrí agus bealaí isteach). Go sonrach, ba cheart d'óstaigh:
Mar chuid de theach sábháilte a chur ar fáil, ní mór d'óstaigh aghaidh a thabhairt ar ghuaiseacha aitheanta a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le gortú sula nglacfaidh siad le háirithintí. I measc na nguaiseacha sábháilteachta féideartha tá na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin:
Ina theannta sin, ní mór d'óstaigh aon ghuaiseacha sábháilteachta a bhaineann go dlúth leis an liostú a nochtadh trína gcur sa chur síos ar an liostú (m.sh.: rochtain ar áiteanna arda, ar linn snámha nó ar dhobharlach).
Má thagaimid ar an eolas go dteipeann ar óstaigh guaiseacha aitheanta a nochtadh nó a mhaolú, nó má tharlaíonn teagmhais shábháilteachta thromchúiseacha nó athuaireacha ag a liostuithe, déanaimid beart cuí. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sin a cheangal ar óstaigh aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna, oideachas a chur ar óstaigh agus ar aíonna maidir lenár bpolasaithe, rabhaidh a eisiúint, nó liostuithe nó cuntais sháraitheacha a chur ar fionraí nó a bhaint. D'fhéadfaimis áirithintí atá le teacht nó áirithintí gníomhacha a chur ar ceal freisin, nó cruthúnas a iarraidh go bhfuil fadhbanna réitithe ag óstaigh sular féidir leo glacadh le háirithintí. Tá óstaigh freagrach as sáruithe a dhéanann a gcomhóstaigh, a bhfostaithe agus daoine eile a dtugann siad cead dóibh cabhrú leo lena n-óstáil.
Ar an drochsheans go mbeadh fadhb shábháilteachta agat le linn d’áirithinte, táimid anseo chun cabhrú leat:
Le haghaidh tuilleadh leideanna sábháilteachta agus dea-chleachtas, is féidir le hóstaigh na hacmhainní thíos a athbhreithniú: