Fáilte chuig Tairseach Chathrach Airbnb

Réiteach ceannródaíoch do chathracha atá i gcomhpháirtíocht le Airbnb.

Tugann an Tairseach Chathrach léargas ar threochtaí áitiúla taistil agus uirlisí chun rialacháin maidir le lóistíní ar chíos gearrthéarmach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun gur féidir le pobail leas iomlán a bhaint as buntáistí na turasóireachta agus na comhroinnte tithe.

An oifigeach rialtais nó eagraíocht turasóireachta thú atá ag iarraidh dul i gcomhpháirtíocht le Airbnb? Bain úsáid as an nasc thíos chun do Thairseach Chathrach féin a iarraidh.

Taobh istigh den Tairseach Chathrach


Déan iniúchadh ar léargas agus ar acmhainní atá bunaithe ar shonraí chun do phobal a neartú trí chomhroinnt tí.

Léargas agus sonraí áitiúla

Faigh rochtain ar shonraí chun tionchar eacnamaíoch Airbnb ar do phobal, treochtaí taistil áitiúla agus eile a thuiscint níos fearr.

Uirlisí ar son iontaoibhe agus comhoibrithe

Úsáid na huirlisí agus na hacmhainní atá ar thús cadhnaíochta sa tionscal chun polasaithe córa cothroma a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú maidir le lóistíní ar chíos gearrthéarmach.

Tacaíocht agus cumarsáid

Bain leas as tacaíocht duine le duine ó fhoireann Airbnb chun fadhbanna i do phobal a réiteach gan mhoill.

Ónár gcomhpháirtithe


Faigh amach na rudaí is mó a thaitníonn le cuid dár gcomhpháirtithe faoin Tairseach Chathrach a úsáid.

Táimid buíoch de Airbnb as a gcomhoibriú agus a réamhghníomhaíocht maidir le huirlis a chruthú a chabhróidh leis an gCathair ár ndlíthe maidir le lóistín ar chíos gearrthéarmach a fhorfheidhmiú ar shlí níos fearr.
Darrell Steinberg
Méara Sacramento
Is uirlis luachmhar í an Tairseach Chathrach a thugann léargais luachmhara ar threochtaí iompraíochta turasóirí...Tá an fhlúirse eolais seo ríthábhachtach maidir le beartais phoiblí éifeachtacha agus feachtais bholscaireachta a bhfuil tionchar acu a dhearadh.
Mauricio Arceo
Rúnaí Turasóireachta · Campeche México
Cuidíonn uirlisí na Tairsí Cathrach le rialacháin na cathrach a chomhlíonadh, rud atá ríthábhachtach d'oibríochtaí laethúla.
Alicia Fong
Bainisteoir Cosanta Tithíochta · Inglewood, CA

Tuilleadh eolais faoinár gcuid oibre


Fiosraigh na nuashonruithe is déanaí maidir lenár n-iarrachtaí ar oibriú le rialtais ar fud an domhain agus tacú le turasóireacht fhreagrach

Freagraí ar do cheisteanna


Faigh freagraí go tapa ar cheisteanna coitianta faoin Tairseach Chathrach.

Seoladh Tairseach Chathrach Airbnb in 2020 mar acmhainn cheannródaíoch do rialtais áitiúla agus d'eagraíochtaí turasóireachta atá bunaithe ar na blianta oibre le rialtais ar fud an domhain. Agus Óstaigh aige i mbreis agus 100,000 cathair agus baile, ceann de thosaíochtaí Airbnb ná oibriú le rialtais chun a chinntiú go bhfreastalaíonn comhroinnt tithe ar a bpobail agus go neartaíonn sé iad. Mar chuid den ghealltanas sin, chruthaíomar an Tairseach Chathrach chun cuidiú le rialtais áitiúla agus le heagraíochtaí turasóireachta tuiscint níos fearr a fháil ar dhreach Airbnb agus ar threochtaí turasóireachta ina bpobal, chomh maith le huirlisí a thairiscint dóibh chun cuidiú lena ndlíthe maidir le cíosanna gearrthéarmacha a fhorfheidhmiú.
Úsáideann na céadta rialtas áitiúil agus eagraíocht turasóireachta an Tairseach Chathrach chun tuiscint níos fearr a fháil ar dhreach Airbnb agus ar threochtaí taistil ina bpobal, chomh maith le cuidiú le dlíthe maidir le cíosanna gearrthéarmacha a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.
Ní mór duit a bheith i d'oifigeach rialtais nó oibriú le heagraíocht turasóireachta chun rochtain a fháil ar an Tairseach Chathrach. Más mian leat Tairseach Chathrach a iarraidh le haghaidh do dhlínse, lean an cnaipe "Tosaigh" thíos. Má chreideann tú go bhfuil a T(h)airseach Chathrach féin ag do rialtas nó d'eagraíocht cheana féin agus gur mhian leat rochtain a fháil uirthi, seol ríomhphost chuig cityportal-support@airbnb.com.
Ní gá! Tá na céadta eagraíocht rialtais agus turasóireachta ar fud an domhain i gcomhpháirtíocht le Airbnb tríd an Tairseach Chathrach.

Glac an chéad chéim eile

Labhair le speisialtóir Airbnb chun na réitigh is fearr a fháil do do phobal áitiúil.

Déan teagmháil