Méadaigh do líonra Óstach
Agus láithreacht láidir áitiúil agat, is mó a bheidh tú ábalta Óstaigh a aimsiú a bhfuil do chuidiú de dhíth orthu. Trí mheascán de mhargaíocht ar líne agus margaíocht phearsanta, is feidir le hÓstaigh fáil amach faoi d'infhaighteacht, agus cuidíonn sé leat an scéal a scaipeadh faoi do sheirbhísí comhóstála.
Óstaigh a aimsiú atá ag iarraidh tacaíochta
Cé go bhfuil tú le fáil ag Óstaigh i gcónaí tríd an leathanach lamairne do Chomhóstaigh sheanbhunaithe, níor mhiste duit aithne a chur ar Óstaigh i do phobal. Chuir roinnt Comhóstach rathúla leathanach LinkedIn, Instagram nó Facebook ar bun faoina seirbhísí comhóstála.
Déan iarracht freastal i do steillbheatha ar imeachtaí líonraithe agus seans go dtiocfaidh tú ar Óstaigh atá ag cuardach Comhóstach i do cheantar.
Deir Jimmy, Comhóstach seanbhunaithe in Palm Springs, California, go bhfuair sé Óstaigh “ó bhéal go béal i mo cheantar áitiúil den chuid is mó.” D'fhéadfá Óstach a aimsiú nuair is lú a mbeifeá ag súil leis: fuair Jimmy scéala faoi dhá réadmhaoin nua ó ghlantóir a linne snámha le déanaí.
Tharla rud dá leithéid do Dominic, Comhóstach seanbhunaithe i gCorn na Breataine. “Go nádúrtha a tharla sé,” ar seisean. “Agus é ar luas atá so-bhainistithe dom.”
Nuair a bheidh tú ar do bhoinn, is féidir leat tú féin a thabhairt chun suntais ar bhealach éigin. D'fhéadfá rudaí mar seo a chruthú, cuir i gcás:
Nuachtlitir nó blag chun an nuacht is déanaí a thabhairt d'Óstaigh
Pacáiste fáilte d'aíonna
Seirbhísí pearsantaithe d'Óstaigh nó d'aíonna
Treoir faoi lascainí áitiúla
Atreoruithe a sheoladh
Má aimsíonn tú Óstach lasmuigh den ardán seirbhísí Comhóstach seanbhunaithe, d'fhéadfá iarraidh air nó uirthi dul i gcomhpháirtíocht leat trí nasc atreoraithe a sheoladh ó do dheais in ardán na gComhóstach seanbhunaithe. Cé nach gá duit Óstach nua a chur le do chluaisín iarratas, is bealach éifeachtach é sin le fanacht eagraithe.
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.