CUIREANN AIRBNB & OCEAN CONSERVANCY I LÁTHAIR

Saoire Shabóideach an Antartaigh

Turas taighde don
áit is iargúlta ar an Domhan

Five passionate individuals have been selected from tens of thousands of applicants to travel to Earth’s most remote continent on a first-of-its-kind scientific research mission spearheaded by Airbnb and Ocean Conservancy and led by Kirstie Jones-Williams. Hailing from Hawaii, Arizona, Norway, India and Dubai, the volunteers have been chosen from more than 140,000 applications from over 200 countries around the world.

Cúrsa Taistil Turais Taiscéalaíochta

Seachtain 1-2

Traenáil sa tSile: Tosóidh tú trí bhualadh le do bhaill foirne agus le ceannaire an turais eolaíochta, Kirstie Jones-Williams. I ndiaidh sibh féin a chur in aithne dá chéile, caithfidh tú dhá sheachtain ag traenáil, go fisiciúil agus go meabhrach, ionas go mbeidh tú ullmhaithe le taighde a dhéanamh i dtimpeallacht chrua Antartaice. Anseo rachaidh tú i dtaithí ar an teanga eolaíochta, seiceálfaidh do chuid fearas, buailfidh tú le comhpháirtithe áitiúla, agus déanfaidh tú iniúchadh ar an bhfiadhúlra lasmuigh sa tSile.

Seachtain 3

Déan taighde in Antartaice: Nuair a bhainfidh tú Union Glacier Camp amach, caithfidh tú deich lá le huaireanta fada oibre agus taiscéalaíochta. Gheobhaidh tú an deis cuairt a thabhairt ar an bPol Theas agus iniúchadh a dhéanamh ar áilleacht shuíomhanna an Antartaigh cosúil le hOigheareas Drake, Charles Peak Windscoop, agus Elephant's Head. Ansin, idir dul ar mhótair sneachta agus rothair easbhóthair, caithfear cuid mhór de do chuid ama agus tú go dlúth le d'fhoireann, ag bailiú samplaí sneachta a bheidh staidéar á dhéanamh orthu sa tsaotharlann, agus ag cothú do chuid taighde chun a fháil amach an bhfuil micreaphlaistigh laistigh den Antartaice.

Seachtain 4

Ullmhaigh do chuid torthaí: Tar éis do chuid ama ar an talamh, fillfidh tú féin agus d'fhoireann ar an tSile chun cúpla lá a chaitheamh ag próiseáil an méid a d'fhoghlaim tú, chun an tionchar a bhíonn ag daoine ar an réigiún is iargúlta ar domhan a thaispeáint. Oibreoidh tú le Ocean Conservancy le bheith i bhur n-ambasadóirí chun na haigéin a chosaint, ag roinnt leis an domhan conas is féidir le daoine eile a lorg plaisteach comhchoiteann a íoslaghdú agus gníomhú mar mhaoir dár bpláinéad.

Téigh agus cuspóir agat

Agus tú i d'Eolaí Saoránaigh, beidh an deis agat cur le fíortaighde eolaíoch ar an tionchar a bhíonn ag daoine ar an timpeallacht. Le linn na míosa, oibreoidh tú mar chuid d'fhoireann, ag bailiú agus ag déanamh anailíse ar chroí-shamplaí sneachta chun cinneadh an ndearna micreaphlaistigh a mbealach isteach go dtí an taobh istigh den mhór-roinn. D'fhéadfadh na torthaí seo cabhrú le hathrú a dhéanamh ar pholasaí poiblí a bhaineann leis an gcaoi a n-úsáidtear plaisteach agus conas é a dhiúscairt go cuí. Má éiríonn leis, d'fhéadfadh níos mó staidéir a bheith mar thoradh ar an turas seo ar conas an t-éiceachóras uathúil seo agus ár bpláinéad ina iomláine a chosaint.

Cuir aithne ar cheannaire do thurais taiscéalaíochta

Is eolaí comhshaoil í Kirstie Jones-Williams atá díograiseach faoin Domhan a thuiscint agus a chosaint ó struis dhaonna. Tá BSc i gGeo-eolaíocht an Chomhshaoil aici, Máistreacht in Eolaíocht agus Polasaí na Mara, agus tá sí ag tabhairt faoi PhD faoi láthair ag fiosrú tionchar micreaphlaisteach ar zóplanctón muirí polach san Antartach in Ollscoil Exeter, arna mhaoiniú ag an gcomhpháirtíocht oiliúna dochtúireachta GW4+. Mar cheannaire ar an turas seo, cabhróidh Kirstie linn tuiscint a fháil ar chonairí micreaphlaisteach chuig réigiúin iargúlta ar nós Antartaice agus béim a chur ar ár bhfreagracht chun ár saol nádúrtha a chosaint.

“Táim ag lorg daoine díógraiseacha a bhfuil fonn orthu páirt a ghlacadh san obair agus filleadh abhaile agus iad ag tnúth lenár dtorthaí a roinnt leis an domhan.” -Kirstie Jones-Williams

I gcomhpháirtíocht le Ocean Conservancy

Oibríonn Ocean Conservancy chun an fharraige a chosaint ó dhúshláin dhomhanda mhóra an lae inniu. Ceann de na príomhbhealaí le bheith rathúil is ea teacht le chéile leo siúd a bhraitheann an fhreagracht chéanna. Tá Airbnb tiomanta do rogha taistil inbhuanaithe a chur ar fáil dá phobal ag gach céim den turas agus is é sin an fáth go bhfuil Ocean Conservancy chomh tógtha seo le dul i gcomhpháirtíocht ar Shaoire Shabóideach an Antartaigh. Le chéile, bainfidh Airbnb agus Ocean Conservancy úsáid as torthaí an taighde ón turas eolaíochta seo chun iarrachtaí oideachais agus abhcóideachta a threorú, ag léiriú fhadhb an truaillithe plaisteach, conas a théann sé i bhfeidhm orainn go léir, agus cad is féidir linn a dhéanamh faoi.

Saoirí Sabóideacha Airbnb

Cuireann an Clár Sabóideach deiseanna den scoth ar fáil do dhaoine ar fud an domhain chun taisteal agus sprioc acu agus chun maitheas a dhéanamh. Bí ag faire amach do dheiseanna Sabóideacha sa todhchaí.

Saoire Shabóideach Iodálach

I mí an Mheithimh 2019, cruthaíodh clár trí mhí le hoibrithe deonacha ar fud an domhain beocht a chur ar ais i sráidbhaile beag san Iodáil a bhí i mbaol imeacht as radharc.

Various images and footage courtesy of Antarctic Logistics & Expeditions and Studiocanoe.