Cleachtais ionchuimsitheacha chun fáilte cheart a chur roimh gach aon aoi

Faigh treoir ó Óstaigh sheanbhunaithe—idir do liostú a nuashonrú agus léirmheasanna a dhéanamh ar aíonna.
Le Airbnb ar an 27 Meith 2022
Léamh 6 nóiméad
Nuashonraithe ar an 15 Iúil 2022

Buaicphointí

  • Bain triail as na dea-chleachtais seo lena chinntiú go mbraithfidh d'aíonna go bhfuil siad sábháilte agus go bhfuil fáilte rompu

  • Faigh teimpléid ó Óstaigh eile chun iad a chóipeáil agus a ghreamú i do liostú agus i dteachtaireachtaí

Is ionann a bheith ag óstáil ar Airbnb agus do spás a oscailt do dhaoine as gach cearn den domhan, agus is í an ionchuimsitheacht bunús na hóstála.

An príomhrud a bhaineann le bheith i d'Óstach rathúil ná tuiscint a fháil ar conas cabhrú le daoine ó gach cúlra a chur ar a gcompord agus ar a suaimhneas. Mar phobal, táimid tiomanta d'fháilte a chur roimh gach aoi d'aon chine, reiligiún, bunús náisiúnta, eitneacht, míchumas, gnéas, féiniúlacht inscne, gnéaschlaonadh nó aois—le meas, agus gan bhreithiúnas nó claontacht.

Cuid ríthábhachtach de bheith i d'Óstach rathúil is ea fáilteachas ionchuimsitheach. Ciallaíonn sé seo:

  • Glacadh le gach aoi ó gach cúlra agus fáilte a chur rompu

  • Eispéireas cothrom a chur ar fáil agus freastal ar riachtanais aíonna

  • Nasc a chothú leis na héagsúlachtaí agus leis na rudaí atá i gcoiteann agaibh

  • Meon oscailte a ghlacadh agus a bheith toilteanach ceisteanna a chur chun a fháil amach cad a d'fhéadfadh a bheith de dhíth ar aíonna le linn a bhfanachta

Thiomsaigh Airbnb léargais ó Óstaigh, aíonna agus saineolaithe, ionas gur féidir leat cleachtais ionchuimsitheacha a chomhtháthú i do ghnáthamh óstála agus fáilteachas croíúil a chur ar fáil do gach aoi. Idir do liostú a chur ar bun agus léirmheas a fhágáil, d'fhéadfadh na gníomhartha seo cabhrú le claontacht neamh-chomhfhiosach a laghdú agus dáimh a chumasú.

Réamháirithint: Liostú ionchuimsitheach a chruthú

Nuair a chuireann tú in iúl go soiléir go gcuireann tú fáilte roimh dhaoine de gach cúlra, is féidir leat cabhrú le haíonna ó phobail a bhí imeallaithe ó thaobh na staire de a bheith compordach agus spreagadh a thabhairt dóibh d'áit a chur in áirithe. D'fhoghlaimíomar ó bheith ag labhairt le haíonna go mbíonn daoine ó na pobail seo ag lorg comharthaí ionchuimsithe i liostuithe go háirithe sula ndéantar áirithint.

Seo roinnt rudaí is féidir leat a dhéanamh chun a chur in iúl gur Óstach ionchuimsitheach thú:

  • Cuir in iúl go soiléir laistigh den chéad chúpla abairt sa chur síos ar do liostú go gcuireann tú fáilte roimh dhaoine de gach cúlra (samplaí thíos).

  • Déan cur síos cruinn arghnéithe inrochtaineachta do réadmhaoine agus nuashonraigh do ghrianghraif.

  • Cuir do chuid forainmneacha (samplaí: sí/í, sé/é, siad/iad) le do phróifíl. Is bealach é chun na forainmneacha is mian leat a úsáid a chur in iúl, agus léiríonn sé go bhfuil tú ag iarraidh rogha forainmneacha na n-aíonna a úsáid freisin.

  • Cas air Áirithint ar an bPointe chun go mbeidh aíonna ábalta do liostú a chur in áirithe gan réamhcheadú. Léiríonn sé seo freisin go bhfuil tú sásta duine ar bith a óstáil a oireann do do chritéir áirithinte.

  • Tairg réamhcheaduithe agus tabhair spreagadh d'aíonna a dhéanann teagmháil leat sula ndéanfaidh siad áirithint. Fuaireamar amach go mbíonn aíonna i dteagmháil le hÓstaigh uaireanta sula ndéanann siad áirithint lena fháil amach an nglacfar leo agus an gcuirfear fáilte rompu.

  • Sula ndiúltóidh tú d'iarratas ar áirithint ó aoi, smaoinigh go cúramach ar an gcúis atá agat leis. An mbeifeá ar do chompord an chúis a mhíniú don aoi aghaidh ar aghaidh?

Leid: Roinn níos mó fút féin agus faoi na rudaí a bhfuil suim agat iontu i do phróifíl agus sa chur síos ar do liostú chun deis a thabhairt do d'aíonna ceangal a dhéanamh.

Is féidir leat triail a bhaint as na ráitis ionchuimsitheacha a úsáideann Óstaigh eile ina liostuithe a chur in oiriúint duit féin. Labhraíomar le baill de Bhord Comhairleach na nÓstach chun na samplaí seo a fháil:

  1. Scríobhann Peter as San Francisco: “Is spás sábháilte é mo theach do dhaoine ó gach grúpa mionlaigh agus imeallaithe. Cuirim fáilte roimh aíonna de gach cine, creideamh, inscne agus gnéaschlaonadh."

  2. “Taispeánann an dara grianghraf i mo liostú séadchomhartha ar a ndeirtear, ‘You belong,'” arsa Shinya as Osaka, an tSeapáin. Chuir Shinya grianghraf leis freisin, ceann a deir, “Tá meas agam ar éagsúlacht agus ar ionchuimsiú,” mar ráiteas rúin. Is féidir leat é seo a scríobh i bhfotheideal freisin.

Réamhtheacht: Aíonna a chur ar a suaimhneas

Nuair a chuirfear do spás in áirithe, seol teachtaireacht fháilteach chuig d'aíonna. Is mór an cuidiú é comhbhá a léiriú—agus gan tuairimí a dhéanamh roimh ré.

  • Pearsantaigh do theachtaireacht fáilte le heolas ó phróifíl d'aoi. Féadfar ceisteanna a chur ann maidir lena n-ábhair spéise, a mbaile dúchais agus a gcaitheamh aimsire.

  • Bain úsáid as teanga atá neodrach ó thaobh inscne agus gnéaschlaonta de agus tú ag déanamh tagairt d'aíonna. Is fearr gan talamh slán a dhéanamh de maidir le hinscne nó stádas caidrimh duine roimh ré.

  • Má chuireann aoi ceist maidir le riachtanais inrochtaineachta, bí cinnte na ceisteanna a fhreagairt agus fiafraigh de nó di cad eile a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uaidh nó uaithi.

Leid: Déan iarracht teachtaireacht a sheoladh ag fiafraí de d'aíonna, “Cad is féidir liom a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh fanacht compordach agat?”

Má theastaíonn inspioráid uait, faigh leideanna ó theachtaireachtaí Óstach eile chuig aíonna. Seo dhá shampla:

  1. Deir Michael ón bhFál Carrach, in Éirinn, go dtugann sé tús áite do chaidreamh croíúil ón tús. “Gabhaim buíochas i gcónaí le haíonna as iarratas a dhéanamh ar fhanacht ag ár liostú,” ar seisean. “Ansin deirim leo go mbeidh mé i dteagmháil leo níos gaire don chuairt, guím lá deas orthu, agus [deirim leo] má bhíonn aon rud de dhíth orthu idir an dá linn, gan aon leisce a bheith orthu teagmháil a dhéanamh liom.”

  2. Scríobhann Susan as Denver: “Bí ar do shuaimhneas sa teach seo. Bí ar do chompord. Déan do chuid féin den spás seo. Má tá smaointe agat maidir leis an dóigh ar féidir linn eispéireas na n-aíonna a fheabhsú, inis dúinn faoi."

Tar éis an tseiceáil isteach: Bheith cinnte go bhfuil aíonna compordach

Roinn aíonna—go háirithe iad siúd ó phobail a bhí imeallaithe go stairiúil—gur féidir leis na rudaí seo cabhrú leo a mhothú go bhfuil fáilte rompu:

  • Cumasaigh féinseiceáil isteach nuair is féidir leat, ach fiafraigh de d'aíonna arbh fhearr leo seiceáil isteach phearsanta.
  • Ná tabhair cuairt ar aíonna nuair nach bhfuil gá leis. Ina áit sin, tabhair príobháideacht dóibh agus bíodh sé soiléir go bhfuil tú ar fáil (go pearsanta nó go fíorúil) má theastaíonn tú uathu.

Leid: Cuir aon eolas tábhachtach faoi do spás i do rialacha tí, ionas gur féidir le haíonna rochtain a fháil air go digiteach.

Tar éis an tseiceáil amach: Léirmheas a dhéanamh ar aíonna go hoibiachtúil

Is iad léirmheasanna bunús phobal iontaofa Airbnb. Is deis é léirmheas a fhágáil ar d'aíonna chun do bhuíochas a thaispeáint agus aiseolas cuiditheach a thabhairt.

  • Bain úsáid as na caighdeáin chéanna chun gach aoi a mheas.

  • Óstáil aíonna atá nua ar Airbnb nuair is féidir leat, agus déan léirmheas orthu tar éis a bhfanachta. Cabhraíonn léirmheas go mór le haíonna agus iad ag déanamh áirithintí eile.

  • Spreag aíonna chun léirmheasanna a fhágáil. Fuaireamar amach gur minic a léann taistealaithe ó phobail a bhí imeallaithe ó thaobh na staire de léirmheasanna sula ndéanann siad áirithint lena fháil amach ar mhothaigh aíonna eile go raibh fáilte rompu.

Bí cinnte go bhfuil na cleachtais ionchuimsitheacha seo á leanúint agat, go háirithe má bhíonn tú ag óstáil den chéad uair. Cuimhnigh gurb iad na rudaí is tábhachtaí maidir le fáilte a chur roimh na haíonna go léir ná ceisteanna a chur faoi riachtanais d'aíonna agus cúrsaí cumarsáide a choinneáil oscailte.

Is féidir leat an doras a oscailt don ionchuimsitheacht trí cheist a chur ar d'aíonna, Cad é a theastaíonn uait chun a bheith compordach agus chun a mhothú go bhfuil fáilte romhat i mo spás? Agus, tá súil againn, má dhéanann tú sin, go mbeidh sé níos éasca do d'aíonna do dhoras a oscailt san fhíorshaol agus taithí iontach a bheith acu agus iad ag fanacht i d'áit.

Buaicphointí

  • Bain triail as na dea-chleachtais seo lena chinntiú go mbraithfidh d'aíonna go bhfuil siad sábháilte agus go bhfuil fáilte rompu

  • Faigh teimpléid ó Óstaigh eile chun iad a chóipeáil agus a ghreamú i do liostú agus i dteachtaireachtaí

Airbnb
27 Meith 2022
Ar chabhraigh sé seo leat?