Seo agat na hóstaigh in Florida a chuir fáilte roimh aslonnaithe hairicíní

Mar gheall ar na hóstaigh Airbnb seo bhí teaghlach in ann teacht le chéile arís le linn na stoirme.
Le Airbnb ar an 26 Lún 2019
Léamh 8 nóiméad
Nuashonraithe ar an 24 Lún 2023

Buaicphointí

  • Tríd an gclár Tithe Oscailte, thairg na hóstaigh Bob agus Juan áit le fanacht saor in aisce d'aslonnaithe le linn Hairicíní Irma agus Michael

  • Tháinig teaghlach amháin le chéile arís i dteach Bob agus Juan tar éis dóibh scaradh óna chéile le linn Hairicín Michael

  • Chuir óstaigh Airbnb dídean suaimhneach ar fáil le linn don teaghlach smaoineamh ar na chéad chéimeanna eile

Tugtar Airbnb.org ar Thithe Oscailte anois

Rinneadh Airbnb.org, eagraíocht neamhbhrabúis 501(c)3 úrnua, de chlár Thithe Oscailte Airbnb. Go raibh maith agat as pobal Tithe Oscailte a chruthú linn. Táimid ar bís go nglacfaidh tú páirt sa ré nua seo.

Nuair a bhí Jason agus Karen scartha óna chéile le linn Hairicín Michael, chuidigh na hóstaigh Bob agus Juan de chuid Tithe Oscailte lena dteaghlach a thabhairt le chéile arís.

I mí Dheireadh Fómhair 2018, nuair a d'iompaigh stoirm thrópaiceach ina hairicín de Chatagóir 5 os cionn an Florida Panhandle, bhailigh Jason agus Karen a gcuid páistí chun teitheadh go Orlando.

“Os muintir Florida muid, táimid sách ceanndána i dtaca le hairicíní,” arsa Jason, a bhfuil a theaghlach ina chónaí in Fort Walton Beach, trí mhíle ón gcósta. “Is cuma linn fúthu mura stoirm láidir de Chatagóir 3 nó Catagóir 4 iad. Ach nuair a shroich an ceann seo Catagóir 5, ní raibh orainn smaoineamh air. Shocraíomar imeacht.”

Tuiscint gur gá duit an áit a fhágáil

“Bhí na scoileanna dúnta ar feadh dhá lá, rud atá neamhghnách,” arsa Karen, a mhúineann amharclannaíocht in ardscoil áitiúil. “Ba é sin an uair a thuigeamar gur rud mór a bheadh ann. Agus theastaigh uainn a bheith le chéile, ar eagla go dtarlódh rud éigin an-tubaisteach.”

Tháinig Hairicín Michael i dtír i lár Florida le séadáin ghaoithe ar luas 150 míle san uair—baineadh an díon de thithe, bhí mórbhealaí faoi sháile, leagadh línte cumhachta, agus cuireadh comharsanachtaí iomlána i mbaol. Ag an tráth sin, bhí Jason sáite in áit 10 n-uair an chloig ar shiúl ar thuras gnó, agus bhí Karen sa bhaile lena mbeirt mhac. Thuig an teaghlach go luath go raibh na foscadáin in aice láimhe lán agus go raibh na hóstáin róchostasach.

“Sheiceáil mé na haipeanna óstán agus chonaic mé go raibh go leor áirithintí á ndéanamh orthu agus na praghsanna ag dul as smacht, mar sin d'oscail mé aip Airbnb,” arsa Jason. “Is cinnte gur cuid dár bplean aslonnaithe anois é Airbnb a sheiceáil sula seiceálfaimid na hóstáin. B'fhearr gan a bheith gafa ar na bóithre agus tú ag iarraidh aslonnú nuair a bhuaileann an stoirm. Dá fhad a fhanann tú is ea is mó daoine a bheartaíonn aslonnú.”

D'oscail sé aip Airbnb ar a fhón, agus d'fhiafraigh fógra de an raibh sé féin nó a theaghlach thíos leis an hairicín. Ba ansin a d'aimsigh sé Tithe Oscailte, clár a chuireann daoine atá thíos le tubaiste le háiteanna le fanacht saor in aisce. An teach a d'aimsigh sé—áit ina raibh trí sheomra leapa agus trí sheomra folctha—bhí sé inshroichte leis an gcarr agus é suite go foirfe chun go bhféadfadh an teaghlach teacht le chéile arís.

Dídean a fháil le hóstaigh Tithe Oscailte

Tháinig Jason agus Karen le chéile ag a Airbnb i lár Florida, go díreach ó dheas ó Orlando—áit a bhfuil an-tóir air, go háirithe mar gheall ar a chóngaraí atá sé do Disney World. Bhí cuma shuaimhneach ar an teach cois farraige—áit a raibh dath na seod ar an troscán agus ballaí a raibh dathanna teolaí orthu.

D'oscail Bob agus Juan, fir chéile, a dteach den chéad uair tríd an gclár in 2016, agus tá siad tar éis tithíocht a thabhairt do roinnt teaghlach ó shin i leith, teaghlaigh a bhí thíos le Hairicíní Irma agus Michael. Tá an lánúin pósta le seacht mbliana agus tá siad le chéile le breis agus deich mbliana; tá Bob ar scor agus bainistíonn sé a gcuid réadmhaoine, agus sheol Juan gnó taistil le haghaidh taistil go hEacuadór le déanaí atá dírithe ar an bpobal LADT. Go dtí seo, d'óstáil siad breis agus 2,000 duine ó níos mó ná 35 thír.

“Nuair a shroicheamar an áit, bhí mé ar mo shuaimhneas láithreach,” arsa Karen. “Ar ndóigh bhíomar an-neirbhíseach faoinár dteach féin, ach ba dheas an rud é go raibh cuid den strus sin bainte dínn. Ní rabhamar ag súil le linn snámha ach bhí sé go hiontach.”

Lig an teaghlach a scíth ar feadh trí oíche, tháinig siad le chéile agus d'fhéach siad ar an nuacht de réir mar a threisigh an stoirm. “Mhothaíomar go raibh aire á tabhairt dúinn le linn am an struis,” arsa Jason. “Trí aip, an gcreidfeá é?”

Cé go raibh Bob agus Juan sa bhaile in Fort Lauderdale, bhí siad fós in ann difríocht a dhéanamh ó chian. Choinnigh Juan i ndlúth-theagmháil le Jason agus sheiceáil sé go minic ar an gcaoi a raibh ag éirí lena theaghlach. “Tá freagracht ort agus aíonna ag fanacht i do theach,” arsa Bob, “Fiú má tá siad ag teitheadh ó chúinsí níos measa, tá tú fós ag smaoineamh: tá súil agam nach dtarlóidh aon rud dóibh.”

Ullmhú do shéasúr na hairicíní

De ghnáth, ullmhaíonn Jason agus Karen do shéasúr na hairicíní trí go leor bia domheata a fháil agus a bhfolcadán a líonadh le hoighear agus uisce breise. “Má fhanann tú go dtí an lá céanna, nuair a bheidh gach duine ag dul go dtí na siopaí, beidh na seilfeanna folamh,” arsa Karen. “Coinnímid cadhnraí, tóirsí agus luchtairí láimhe a oibríonn ar chadhnra dár bhfóin, ar eagla go gclisfeadh an chumhacht."

D’ullmhaigh Juan agus Bob chun teaghlach Jason agus Karen a óstáil mar a d'ullmhóidís d’aon aoi eile Airbnb. “Nuair a bhímid ag taisteal, is mian linn go léir áit a fháil inar féidir linn bheith ar ár suaimhneas,” arsa Juan, ag tabhairt le fios gur mar a chéile an cás seo. "Áit atá glan, áit a bhfuil fáilte romhat, áit a mbeidh tú sábháilte."

Dul abhaile tar éis na stoirme

Nuair a d’fhill Jason agus Karen ar a dteach níos déanaí an tseachtain sin, ní raibh damáiste suntasach le feiceáil ann, ach ní raibh an t-ádh céanna ar go leor daoine eile ina bpobal. “Tógfaidh sé blianta chun teacht chugainn féin agus atógáil,” arsa Jason. “Ní chlúdaíonn an nuacht é a thuilleadh, ach tá daoine ann fós ar treascraíodh a dteach agus atá ina gcónaí i gcathracha puball in Panama City.” Fuair 36 dhuine ar a laghad bás le linn Hairicín Michael, an hairicín ba mhilltí sa réigiún ó 1992.

“Tá sásamh éigin ag baint le cabhair a thabhairt do dhuine gan a bheith ag súil le cúiteamh,” arsa Juan. “Thairg Jason íoc cúpla uair agus dúramar leis nach raibh aon ghá. Tuigimid go bhfuil tú díláithrithe agus táimid sásta cabhrú leat."

“Dá mbeimis riamh ina n-áit siúd agus hairicín ag teacht inár dtreo,” ar seisean, “ba mhór an faoiseamh go bhféadfaimis dul chuig Tithe Oscailte.”

Glac páirt i bpobal atá ag fás agus a léiríonn cumhacht na comhroinnte in am an ghátair.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ón gcéad uair a foilsíodh í.

Buaicphointí

  • Tríd an gclár Tithe Oscailte, thairg na hóstaigh Bob agus Juan áit le fanacht saor in aisce d'aslonnaithe le linn Hairicíní Irma agus Michael

  • Tháinig teaghlach amháin le chéile arís i dteach Bob agus Juan tar éis dóibh scaradh óna chéile le linn Hairicín Michael

  • Chuir óstaigh Airbnb dídean suaimhneach ar fáil le linn don teaghlach smaoineamh ar na chéad chéimeanna eile

Airbnb
26 Lún 2019
Ar chabhraigh sé seo leat?