Tionchar Airbnb.org in 2022

Chuidigh Óstaigh ar fud an domhain le tithíocht a chur ar fáil do bhreis agus 140,000 duine a easáitíodh mar gheall ar ghéarchéimeanna i mbliana.
Le Airbnb ar an 6 Noll 2022
Físeán 5 nóiméad
Nuashonraithe ar an 6 Noll 2022

Buaicphointí

  • Fuair níos mó daoine a bhí i ngátar tithíocht shealadach saor in aisce ná riamh

  • Díríodh na hiarrachtaí ar an Úcráin agus ar an Afganastáin agus tacaíodh le teaghlaigh sna Stáit Aontaithe agus i Meiriceá Laidineach freisin.

  • Is féidir an obair seo a dhéanamh a bhuí le flaithiúlacht Óstach agus deontóirí

Bhain Airbnb.org curiarracht amach sa bhliain 2022. Agus é ag obair le hÓstaigh agus le heagraíochtaí daonnúla ar fud an domhain, chuir an eagraíocht neamhbhrabúis áiteanna fanachta sealadacha saor in aisce ar fáil do bhreis agus 140,000 duine. Bhí sé sin níos mó ná sna naoi mbliana roimhe sin le chéile.

Chuidigh flaithiúlacht na nÓstach agus na ndeontóirí le tacaíocht a thabhairt do na grúpaí a leanas:

  • Dídeanaithe a theith ón Úcráin tar éis don Rúis ionradh a dhéanamh
  • Dídeanaithe ón Afganastáin a tháinig go Meiriceá Thuaidh
  • Teaghlaigh a easáitíodh ar fud Mheiriceá Laidinigh de bharr éagobhsaíocht pholaitiúil agus eacnamaíoch
  • Cathracha sna Stáit Aontaithe a bhí thíos le Hairicíní Ian agus Fiona

Is eagraíocht neamhbhrabúis é Airbnb.org a oibríonn go neamhspleách ar Airbnb. Fuair sé a inspioráid in 2012, nuair a d'oscail Óstach a teach do dhaoine a bhí thíos le Hairicín Sandy. Le deich mbliana anuas, d'fhorbair a chuid oibre chun cabhrú le háiteanna fanachta a chur ar fáil do dhaoine easáitithe, oibrithe fóirithinte, dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn agus oibrithe ar an líne thosaigh a bhí ag troid i gcoinne scaipeadh COVID-19.

Tar éis don Rúis ionradh a dhéanamh i mí Feabhra 2022, d'fhág breis agus 6 mhilliún duine an Úcráin ar thóir na sábháilteachta. Ba í sin an ghluaiseacht dídeanaithe ba mhó san Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.

Thug Airbnb.org gealltanas tithíocht shealadach a fháil do 100,000 duine acu. Tháinig tabhartais isteach ó 95 thír, agus chláraigh na mílte Óstach chun tithíocht a thairiscint saor in aisce nó ar lascaine. Mar thoradh ar an tacaíocht a fuarthas cuireadh ar chumas Airbnb.org dul i gcomhar le heagraíochtaí ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh chun dídeanaithe a chur le háiteanna le fanacht.

Cabhrú le pobail a imeallaíodh go stairiúil

Bíonn tionchar díréireach ag géarchéimeanna ar phobail a imeallaíodh go stairiúil. In 2022, lean Airbnb.org air lena iarrachtaí chun freastal ar na pobail seo.

Mar shampla, d'oibrigh Black Women for Black Lives agus Global Empowerment Mission le Airbnb.org chun tacú le mic léinn ón Afraic a bhí ag staidéar san Úcráin. Níor mheas roinnt gníomhaireachtaí rialtais gur teifigh iad mic léinn eachtrannacha, agus mhothaigh go leor de na mic léinn go raibh ciníochas i gceist agus iad ag iarraidh an Úcráin a fhágáil agus rochtain a fháil ar acmhainní i dtíortha eile.

Dhírigh comhpháirtí eile, an Eagraíocht um Dhídeanaithe, Tearmann agus Imirce (ORAM), ar dhídeanaithe LADTA+ ón Úcráin a d'fhulaing leathcheal. I mBeirlín, chuir ORAM Dima, fear aerach as Cív, i dteagmháil le Mary, Meiriceánach i mBeirlín a liostaigh a hárasán trí Airbnb.org. Chuir Mary spás sábháilte ar fáil do Dima nuair a tháinig sé go dtí an Ghearmáin (mar a thuairiscítear san fhíseán thuas).

Tacaíocht nuálach a chur ar fáil

Thairg go leor eagraíochtaí daonnúla eile tréimhsí fanachta Airbnb.org mar chuid dá n-obair, ina measc sin:

  • Tacaíonn HIAS in Eacuadór le daoine cosúil le Daniela, ar theith a teaghlach ó fhoréigean sa Cholóim. Cuireann HIAS na daoine sin le hÓstaigh cosúil le Mery, a chónaíonn i gcomharsanacht in Quito a lonnaíonn go leor dídeanaithe inti. Cuireann HIAS oiliúint ar fáil faoin mbealach daoine a ndeachaigh tráma i bhfeidhm orthu a óstáil, chomh maith le tacaíocht le linn a dtréimhsí fanachta.
  • Mol Urraíochta Pobail, an chéad eagraíocht sna Stáit Aontaithe atá tiomanta d'urraíocht phobail do dhídeanaithe a leathnú amach. Tríd an gclár Sponsor Circle, d'oibrigh sé le comharsana i gcathracha éagsúla chun fáilte a chur roimh dhaoine nua ón Afganastáin agus ón Úcráin.
  • Chabhraigh Insight Ukraine, eagraíocht chearta daonna LGBTQ+, leis na mílte duine an Úcráin a fhágáil agus rochtain a fháil ar thithíocht, ar chúram meabhairshláinte agus ar dhochtúirí atá ionchuimsitheach i leith daoine LADTA+ de réir mar a tháinig siad go háiteanna nua.
  • Bhunaigh Münchner Freiwillige stáisiúin chabhrach do dhaoine a bhí ag teacht go München ón Úcráin, ag cabhrú leo réimse leathan seirbhísí a fháil, tithíocht san áireamh.

Ár mbuíochas leis na hÓstaigh, na deontóirí agus na comhpháirtithe a ghlac páirt sa ghluaiseacht dhomhanda seo chun muintearas a chur ar fáil le linn géarchéime.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Buaicphointí

  • Fuair níos mó daoine a bhí i ngátar tithíocht shealadach saor in aisce ná riamh

  • Díríodh na hiarrachtaí ar an Úcráin agus ar an Afganastáin agus tacaíodh le teaghlaigh sna Stáit Aontaithe agus i Meiriceá Laidineach freisin.

  • Is féidir an obair seo a dhéanamh a bhuí le flaithiúlacht Óstach agus deontóirí

Airbnb
6 Noll 2022
Ar chabhraigh sé seo leat?