7 leid maidir le daoine a óstáil a theith ó ghéarchéim

Roinneann Airbnb.org comhairle phraiticiúil faoi fháilte a chur roimh dhaoine a bhféadfadh sé gur fágadh tráma orthu
Le Airbnb ar an 25 Lún 2023
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 25 Lún 2023

Buaicphointí

Má d'óstáil tú trí Airbnb roimhe seo, is dócha gur chaith tú uaireanta fada ag smaoineamh ar an méid a d'fhéadfá a dhéanamh ionas go mothódh d'aíonna go bhfuil fáilte rompu ag do spás.

Nuair a óstálann tú tréimhsí fanachta éigeandála trí Airbnb.org, seans go bhfuil tú ag smaoineamh freisin ar an mbealach le fáilte a chur roimh aíonna a bhféadfadh tráma a bheith orthu.

Seans nach ionann na hábhair imní agus na hionchais a bhíonn ag daoine a d'fhág a dtithe ar thóir sábháilteachta, gan mórán rabhaidh uaireanta, agus ag taistealaithe fóillíochta. Tá sin ar cheann de na fáthanna a dtéann Airbnb.org i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí neamhbhrabúis a bhfuil saineolas acu ar thacú le daoine atá ag teitheadh ó choinbhleacht agus ó thubaistí nádúrtha. Uaireanta tugann na heagraíochtaí sin seirbhísí uilechuimsitheacha le linn fhanacht d'aíonna.

Cuireann Airbnb.org tacaíocht shainoilte do chustaiméirí ar fáil duit féin agus do d'aíonna má thagann fadhbanna casta chun cinn. Tacaíonn sé le haíonna freisin beag beann ar a náisiúntacht, a gcine, a n-eitneacht nó an chéannacht atá acu.

Leideanna maidir le do spás a chóiriú

Tá sé deacair barraíocht béime a leagan ar an tábhacht a bhaineann le spás príobháideach compordach sábháilte do theaghlach a tháinig as eispéiris thrámacha. Níl fáil ag a lán acu ar chistin le bia a réiteach inti nó ar sheomra suí le cruinniú le chéile ann ó d'fhág siad a dtithe.

Seo roinnt céimeanna is féidir leat a ghlacadh chun do spás a dhéanamh níos fáiltí:

  • Cothaigh an chluthaireacht agus an compord i do spás chun daoine a chur ar a suaimhneas. Cabhraíonn éadaí leapa agus tuáillí glana, earraí níocháin bunúsacha agus bunriachtanais chócaireachta le go mothódh daoine go bhféadfaidís baint fúthu, fiú mura bhfuil siad ag fanacht ach cúpla lá.
  • Seans go mbeadh imní ar roinnt aíonna faoina sábháilteacht phearsanta. Déan iarracht a chinntiú go bhfuil solas maith ar chabhsáin agus ar bhealaí isteach. Cinntigh go n-oibríonn na glais, na dallóga agus na cuirtíní go léir. Inis dóibh más dócha go gcloisfidh siad torainn arda, mar shampla eitleáin ag eitilt díreach os a gcionn nó bailitheoirí bruscair ag druidim leis an teach le moch na maidine.
  • D'fhéadfadh sé a bheith deacair do dhaoine atá faoi thráma agus faoi athrú cuimhneamh ar eolas. “Ní féidir leat smaoineamh i gceart; ní féidir leat próiseáil,” arsa aoi a aslonnaíodh le linn dóiteán mór in California. “Tá sé chomh treascrach is nach bhfuil a fhios agat fiú conas rudaí a dhéanamh, agus is beag nach gcuireann sé as feidhm thú.” D'fhéadfadh áiseanna amhairc cabhrú le d'aíonna. Is féidir leat asphrionta a thairiscint ar a bhfuil seoladh do liostaithe agus léarscáil den chomharsanacht a bhféadann d'aíonna féachaint uirthi aon uair is gá dóibh.
  • Mura bhfuil teanga chomhchoiteann idir thú féin agus d'aíonna, cuardaigh eagraíochtaí neamhbhrabúis nó gnólachtaí áitiúla ar féidir go bhfuil acmhainní acu atá aistrithe go teanga atá ag an aoi. Má tá cásoibrí ó chomhpháirtithe neamhbhrabúis de chuid Airbnb.org ag cabhrú le d'aíonna, seans go mbeadh seisean nó sise in ann cuidiú freisin.

Leideanna maidir le labhairt le d'aíonna

Dar le mórán Óstach, tá dáimh phearsanta le haíonna ar cheann de na húdair sásaimh is mó a bhaineann le hóstáil. Seo roinnt rudaí le coinneáil i gcuimhne agus tú i mbun cumarsáide le haíonna ar fágadh tráma orthu le déanaí.

  • Tá trédhearcacht agus comhsheasmhacht an-tábhachtach. Tabhair fógra d'aíonna roimh ré má thagann duine ar bith chun cothabháil a dhéanamh sa teach nó timpeall an tí, agus cuir in iúl dóibh roimh ré má bhíonn ort teacht ar cuairt.
  • Nuair a labhraíonn tú le d'aíonna, déan iarracht do chuid ceisteanna a dhíriú ar a bhfanacht seachas ar an ngéarchéim ar tháinig siad aisti. Dúirt Mary, a d'óstáil roinnt daoine a bhí ag teitheadh ón Úcráin, “Chuir mé ceisteanna ginearálta amhail ‘Cá as a bhfuil tú ag teacht?' agus ‘Conas a bhí an t-aistear?'” Tabharfaidh d'aíonna le fios duit an mian leo tuilleadh a rá faoina n-eispéireas, ar sise. Trí aird a thabhairt ar a bpríobháideacht, tá tú ag tabhairt deis dóibh athghrúpáil agus brí nua a fháil.
  • Tuig ó d'aíonna an cineál caidrimh is mian leo a dhéanamh leat. B'fhéidir gur mian le cuid acu fanacht gar dá dteaghlach. Seans go n-iarrfaidh daoine eile ort cabhrú leo aithne a chur ar dhaoine sa phobal.

Déanann do thacaíocht difríocht

Go raibh maith agat as do thoilteanas do spás, do chuid ama agus do chineáltas a thairiscint. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin mbealach le hullmhú do thréimhsí fanachta éigeandála, tá míreanna agus físeáin le fáil i dtreoir Airbnb.org faoi óstáil san Ionad Acmhainní.

Buaicphointí

Airbnb
25 Lún 2023
Ar chabhraigh sé seo leat?